Níl sé i gceist ag an Údarás Náisiúnta Iompair (NTA) aon athbhreithniú a dhéanamh ar mhinicíocht an bhus 424 a bhíonn ag freastal ar Ghaeltacht na Gaillimhe go dtí deireadh na bliana seo.
Thug an NTA le fios gur gá “tuilleadh suirbhéanna” a dhéanamh faoin mbealach bus mar gheall ar “a iargúlta” is atá cuid de na háiteanna a mbíonn an bus ag freastal orthu.
“Tá an NTA ag déanamh measúnachta ar shonraí a bailíodh go dtí seo ó shuirbhéanna ar acmhainn na mbusanna [paisinéirí a iompar], agus ó shonraí faoi thicéadú a bailíodh ó sheirbhísí atá ar an amchlár cheana féin agus ó bhusanna ar fhochonarthaí, ar bhealach 424 Bhus Éireann.
“Mar gheall ar a iargúlta is atá cuid de na láithreacha, tá sé soiléir anois gur gá tuilleadh suirbhéanna a dhéanamh leis na sonraí cuí a bhailiú,” a dúirt urlabhraí de chuid an NTA.
Dúradh go bhféadfadh sé go mbeadh údar ann cur le líon na seirbhísí a bhíonn ar fáil do mhuintir Chonamara ar bhealach an 424 ach an t-eolas a bheith cruinnithe agus anailís déanta air. Dúradh nach gcuirfí leis na seirbhísí, áfach, mura mbíonn “fianaise” ann go bhfuil a leithéid ag teastáil.
“Idir an dá linn, tá an NTA ag brath ar Bhus Éireann muid a choinneáil ar an eolas faoi fhadhbanna le líon na bpaisinéirí go háitiúil, agus an gá a d’fhéadfadh a bheadh le seirbhísí breise,” a dúradh.
Dúirt an Teachta Dála do Ghaillimh Thiar, Mairéad Farrell go gcaithfear déileáil le ceist an 424 “go práinneach” agus go bhfuil fadhbanna ann le fada an lá mar gheall ar an iomarca daoine a bheith ag iarraidh úsáid a bhaint as an tseirbhís.
Mhaígh Farrell go bhfuil comaitéirí á bhfágáil ar thaobh an bhóthair i nGaeltacht na Gaillimhe mar gheall nach mbíonn spás ar an mbus nuair a théann sí níos faide soir ná an Spidéal.
“Tá fadhbanna spáis ar an 424 le blianta fada, agus ainneoin gur cuireadh seirbhísí breise leis i mí na Nollag 2023, tá comaitéirí maidine go háirithe fós á bhfágáil ar thaobh an bhóthair.
“Caithfidh an tseirbhís seo freastal ar an éileamh atá uirthi sa cheantar le go mbeadh sí ina seirbhís éifeachtach.”
Dúirt Farrell go gcaithfeadh an rialtas pé rud is féidir a dhéanamh chun fadhb tráchta chathair na Gaillimhe a mhaolú.
“Tá seirbhís iompair phoiblí atá rialta agus ar féidir brath air an-tábhachtach san obair seo. Faraor, ní féidir brath ar an 424, go háirithe na daoine atá sna Forbacha agus i mBearna a bhíonn thíos leis an easpa spáis níos minice,” a dúirt sí.
Dúirt Farrell go bhfuil sí ag éileamh go gcuirfear leis an tseirbhís atá ann cheana féin agus go gcuirfear seirbhís nua bus in áit ó Bhearna go Gaillimh leis an mbrú a thógáil den 424.
“Tá díomá orm leis an bhfreagra is deireanaí a fuair mé ón NTA, dúirt siad liom gur dócha nach ndéanfar uasdátú ar an amchlár, le spás breise, go dtí deireadh na bliana 2026,” a dúirt sí.
Dúirt Farrell go bhfuil an cheist tarraingthe anuas aici sa Dáil leis an Taoiseach agus go ndúirt sé go bhfuil an maoiniú ar fáil le feabhas a chur ar an tseirbhís.
Freastalaíonn an bus 424 ar phobal na Gaeltachta in iarthar na Gaillimhe. Tosaíonn an tseirbhís ar an gCeathrú Rua, i Leitir Mealláin, agus i gCarna agus críochnaíonn sí i lár na cathrach.
Fág freagra ar 'Ní chuirfear le seirbhís bus 424 Chonamara go dtí deireadh na bliana seo ar a luaithe'