Mary, máthair Shakespeare – You’re bewitched! It is said the girl (Agnes) is the child of a forest witch…
Tá saothar Shakespeare breac le bláthanna. Ní i gceardlann sheasc an athar John a fuair Will óg máistreacht ar shiombalachas gach planda, ná ar éifeacht luibheanna leighis, ná ar chumhacht na luibheanna nimhe ach an oiread. Ná ar fhiailí, ar chrainn, ar éanlaith an aeir ná ar chréatúir uile na talún.
Is maith a thuig Maggie O’Farrell agus Chloe Zhao gur dóichí gurb í Anne Hathaway (Agnes an scannáin) an té a chuir iontaisí spleodracha an nádúir ar a shúile don pheannaire ab ilghnéithí dár fuineadh riamh as ceárta an chroí agus na samhlaíochta daonna.
Agnes – I am my mother’s daughter. The women in our family see things others don’t.
Will – What do you see in me?
Agnes – I see landscapes – caves, cliffs, forests, a deep black void…. Undiscovered countries…
Ambaiste!
Foilsíodh inneach, anam, cnámh agus cinniúint an Will Shakespeare óig naoi mbliana déag d’aois d’Agnes an chéad uair a leagadar súil ar a chéile. Ba léir an lasair mhaighnéadach eatarthu. Thugadar lámh is focal dá chéile an chéad lá sin. I mBéarla neamhfhoirmeálta Eilíseach na linne, bhíodar hand-fasted.
Téann an máistir scannán Zhao go bun an angair ag tumadh rúndiamhair an ghrá a bheir greim anama is coirp ar Agnes, iníon bhean feasa na foraoise, agus ar Will, mac an cheardaí lámhainní. Grá téisiúil as cuimse atá ann, a thabharfaidh a sáith den anró ar ball dóibh, nuair a sciobfaidh an phlá a n-aonmhac Hamnet agus gan ach aon bhliain déag slánaithe ag an bplúr-leaidín álainn óg.
Sin agus eile is ábhar do scannán Zhao. Agus is saibhre sinne an toradh. Ná tóg aon cheann don dream a thugann ‘pornagrafaíocht an dobróin’ ar éacht Zhao agus a compántas. Cacamas bodhar na n-aineolach seasc. Tá rud míorúilteach tarlaithe ar ollscála i dteacht le chéile gach aon oirfideach déanta scannán anseo – aisteoirí, dearthóirí, ceoltóirí, ceamaradóirí, lucht fuaime, dathadóirí, eagarthóirí fuaime agus físe, gach aon mhac is iníon máthar a thug céad faoin gcéad díobh féin is dá raon scileanna i dtabhairt chun foirfeachta éacht na hinsinte eipiciúla áirithe seo ar ghrá is ar chailliúint Agnes agus Will.
Tá greann ann leis, agus éadroime, agus spraíúlacht. Is iomaí craic a bhíonn ag an triúr páistí, Susanna, agus an cúpla óg, Judith agus Hamnet, ag gléasadh suas agus ag ligint orthu, mar is dual do gach páiste. Is álainn an radharc ina bhfuil a leagan de chailleacha Macbeth amuigh sa bhuaile:
When shall we three meet again?
In thunder, lightning, or in rain?
Uair eile gléasann Judith suas in éadaí Hamnet, agus eisean ina gúna is a boinéad siúd. Ligeann gach éinne orthu nach n-aithníonn siad an difríocht eatarthu – eachtra bheag áiféiseach a iompraíonn ina lár istigh tuar na tragóide atá le teacht.
Ríomhtar go máistriúil dímheas an dá theaghlach, Hathaway agus Shakespeare, ar a chéile ón tús. Níltear ag súil go mbeidh rath ar an bpósadh. Ní thuigeann éinne seachas iad féin foirnéis spleodrach na díse míorúiltí seo, ná an chros-toirchiú a bhronnfaidís ar a chéile san insint shamhlaíoch seo ar scéal grá Anne Hathaway agus William Shakespeare agus ar an treascairt a d’fhulaingeoidís, mar bhean is mar fhear, nuair a bhuail ráig de phlá mharfach an tír galar a sciob uathu Hamnet óg.
Tugann sin go deas mé, ar deireadh, go bun agus barr an scannáin. Tá sé de phribhléid againne, Gaeil, go mairimid san am céanna le beirt sháraisteoirí gur dínne iad, Jessie Buckley agus Paul Mescal. Tugann Mescal an taispeántas cineama is mothálaí, is ionraice, is fírinní, is oilte agus is údarásaí dá bhfaca mé le fada an lá agus tugann Buckley dúinn an taispeántas aisteoireachta is fearr a chonaic mé riamh ó aon duine.
Sea, áireofar amach anseo Agnes Jessie Buckley Chill Airne ar an dtaispeántas aisteoireachta scannán is fearr riamh. I dtaispeántas tacúil tuisceanach, fíneálta, fearúil Paul Mescal aimsíonn Jessie a cumhacht féin chun na laincisí uilig a scaoileadh di. Titeann di slabhraí an fhéinamhrais agus avae léi ag faoileoireacht in arda na spéartha, ar dhul an pheata iolair a láimhsigh Agnes chomh haclaí sin i seanfhoraoiseacha rúndiamhair thús an scannáin.
Agus, má sháraigh aon duine riamh scread príomhordúil Agnes agus a haonmhac Hamnet sínte marbh ina baclainn, ní fhaca nár níor chuala mise a leithéid riamh in aon ghiota aisteoireachta. Buaicphointe léiriú scanrúil Buckley ar an léirscrios.
Is cuma sa tsioc i ndeireadh báire má bhí, nó mura raibh, nasc idir ainm leaidín Shakespeare agus an dráma Hamlet. Tugann an consaeit gléas meafarach an-éifeachtach don scannánóir le treascairt Will agus Agnes Shakespeare a léiriú. Agus má chlis ar an ngaol eatarthu beagán i ndiaidh bhás Hamnet, sholáthair léiriú Hamlet trí bliana ina dhiaidh sin sa Globe beart slánaithe agus deis téarnaimh don lánúin.
Ba roghnú aisteoirí inspioráideach é páirt Hamnet óg Stratford agus Hamlet an déagóir i ndráma Shakespeare a thabhairt do na deartháireacha Jupe, Jacob agus Joah. Rud déarfainn a chabhraigh go mór le Jessie Buckley macalla Hamnet bocht marbh a shamhlú i ndreach an Hamlet beo beathach an dráma os a comhair amach.
Tá amhrán ag Bob Dylan dar teideal ‘I Contain Multitudes’ – a bhuíochas do Walt Whitman fadó don choincheap. Más soitheach lán le rudaí éagsúla gach aon duine againn – agus creidim gurb ea – fíoraíonn taispeántais Jessie Buckley agus Paul Mescal an teoiric sin gan dabht ar domhan.
Bulaí mná is fir. Mura n-aithníonn Acadamh na nOscar an bheirt acu, agus Chloé Zhao lena gcos, is paca poseur gan brí ná dealramh iad.
American papers please copy.
Fág freagra ar 'Ag Jessie Buckley in ‘Hamnet’ atá an taispeántas aisteoireachta is fearr a chonaic mé riamh'