€1,760 sa bhliain do theaghlaigh Ghaeltachta molta i dtuarascáil nua

Moltar san athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht go méadófaí líon na n-oifigeach pleanála teanga atá fostaithe sa Ghaeltacht ó 31 go dtí 78

€1,760 sa bhliain do theaghlaigh Ghaeltachta molta i dtuarascáil nua

Moltar i dtuarascáil nua atá foilsithe ag Roinn na Gaeltachta go dtabharfaí €1,760 sa bhliain do theaghlaigh Ghaeltachta a labhraíonn Gaeilge.

Moltar freisin san athbhreithniú ar an gcóras pleanála teanga sa Ghaeltacht a foilsíodh inniu go méadófaí líon na n-oifigeach pleanála teanga atá fostaithe sa 26 limistéar pleanála teanga sa Ghaeltacht ó 31 go dtí 78.

D’fhágfadh sin go mbeadh triúr oifigeach pleanála teanga ag obair i ngach ceantar pleanála teanga. Ba chóir €20,000 breise as bhliain a íoc leis na hoifigigh pleanála teanga sin, a deirtear.

I measc an daichead moladh eile, moltar go gcuirfí oiliúint éigeantach i “bprionsabail na pleanála teanga” ar oifigigh agus fostaithe i gcomhlachtaí poiblí “a bhfuil baint acu le haon ghné den phleanáil teanga”.

Tá diúltaithe cheana féin ag Roinn na Gaeltachta do na moltaí sin faoi líon agus tuarastal na n-oifigeach pleanála.

Tugtar an t-eiteach do go leor den 40 moladh atá déanta sa tuarascáil neamhspleách sa ‘freagra’ uirthi a d’fhoilsigh an Roinn in éineacht léi inniu. Níl sé i gceist ag údar na tuarascála Micheál Ó Duibh aon agallamh a dhéanamh faoina chuid moltaí ná an freagra atá tugtha ag an Roinn orthu. De réir a chonartha leis an Roinn, ní féidir le Ó Duibh an tuarascáil a phlé go poiblí.

Deirtear san athbhreithniú ar an gcéad deich bplean teanga Gaeltachta gur cheart €100 a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta do gach páiste atá acu atá ag freastal ar réamhscoil lán-Ghaeilge.

Micheál Ó Duibh, Barr Feabhais

Ba chóir chomh maith Deontas Foghlama Gaeilge bliantúil €300 a thabhairt do theaghlaigh ina bhfuil leanaí atá ag fáil a gcuid réamhscolaíochta i nGaeilge. Anuas ar an airgead sin, moltar €20 breise sa liúntas leanaí sa mhí a thabhairt do theaghlaigh Ghaeltachta ina labhraítear an Ghaeilge.

Molann údar na tuarascála, Micheál Ó Duibh ón gcomhlacht Barr Feabhais, freisin go dtabharfaí liúntas éide scoile isteach do gach dalta atá cláraithe le scoil a bhfuil aitheantas mar scoil Ghaeltachta acu, liúntas arbh ionann é agus lascaine 30% a bheadh ar fáil ó shiopaí éadaí.

Baineann an tuarascáil athbhreithnithe a foilsíodh inniu leis an gcéad deich bplean teanga a tugadh isteach sa Ghaeltacht. Tugadh na pleananna sin isteach i gCloich Chionnaola, Gort an Choirce, An Fál Carrach agus Machaire Rabhartaigh; Na Déise; Ciarraí Theas; Gaoth Dobhair, Rann na Feirste, Anagaire agus Loch an Iúir; Ciarraí Thiar; Conamara Láir; An Cheathrú Rua; Maigh Eo Thuaidh; Ráth Chairn agus Baile Ghib; agus Árainn Mhór.

Fág freagra ar '€1,760 sa bhliain do theaghlaigh Ghaeltachta molta i dtuarascáil nua'