Tá struchtúr agus eagras úrnua ag teastáil ó earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge, a deir iar-ardstiúrthóir TG4 Alan Esslemont.
Agus é ag caint ag mórsheoladh na Nollag Comhar agus LeabhairCOMHAR i mBaile Átha Cliath aréir, dúirt Esslemont go bhfuil córas ag teastáil a bheadh “tiomanta go hiomlán” d’earnáil na foilsitheoireachta Gaeilge agus a bheadh “sásta an fód a sheasamh agus sásta cás na hearnála a throid”.
Ina óráid ag an seoladh, dúirt Esslemont go bhfuil an Ghaeilge ag bláthú faoi láthair agus gurbh é seo an t-am an chumhacht atá ag “rabharta seo na Gaeilge” a úsáid “chun na hathruithe seo in infreastruchtúr na Gaeilge a chur i bhfeidhm” agus earnáil na foilsitheoireachta “a láidriú agus a bhuanú”.
Dúirt sé go n-aithnítear i saol an Bhéarla “[that] the Irish language is having a bit of a moment”. Dúirt sé go bhfuil Uachtarán ag Éirinn anois [Catherine Connolly] a thacaigh le pobal na Gaeilge “sula raibh muid sa bhfaisean” agus a aithníonn “an frustrachas” atá ar phobal labhartha na Gaeilge.
Rinne Esslemont tagairt do scéim scannánaíochta Cine4, agus dúirt sé nár tháinig rath ar “earnáil cineama na Gaeilge” go dtí go ndearna TG4 “athstruchtúrú” chun “spás soiléir” ar leith a chur ar fáil do “straitéis cineama”.
Dúirt sé gur chabhraigh Cine4 le TG4 próifíl a bhaint amach mar eagras coimisiúnaithe scannán agus gur eascair “comhpháirtíochtaí nua” le heagrais chruthaitheachta eile a bhí ag feidhmiú in earnáil na scannánaíochta go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta as sin.
Luaigh sé go bhfuil méadú ar mhaoiniú na hearnála “thar a bheith riachtanach” ach nach leor é sin amháin agus mhol sé gur cheart súil a chaitheamh ar “na struchtúir” atá ag an earnáil faoi láthair a chuireann léitheoireacht, scríbhneoireacht agus foilsitheoireacht na Gaeilge chun cinn.
Thagair Esslemont d’alt a scríobh Micheál Ó Conghaile ar Comhar in 2011 faoin ngá le heagras a thuigfeadh “ealaín agus gnó” na foilsitheoireachta chun tacú lena chuid cainte.
Mhol Esslemont an obair “thar a bheith fiúntach” atá ar bun ag Foras na Gaeilge agus ag Oireachtas na Gaeilge in earnáil foilsitheoireachta na Gaeilge ach dúirt sé go raibh “mismatch” idir “an fuinneamh soiléir cruthaitheachta” ag seoladh Comhar agus “na struchtúir tacaíochta atá agaibh mar earnáil”.
Dúirt sé go gcaithfear “straitéis agus struchtúr a phósadh” agus dá mbeadh Comhairle Léitheoireachta, Scríbhneoireachta agus Foilsitheoireachta ann ag plé le straitéis agus fís, bunaithe ar ‘ealaín agus gnó’ na hearnála, go mbeadh sé “níos fearr” don earnáil agus “níos éasca” ag eagrais eile “comhpháirtíochtaí a bhunú ar bhonn straitéiseach” léi.
Sheol Esslemont eagrán na Nollag den iris Comhar an oíche sin agus trí leabhair nua, Coiscéimín le Claire M. Dunne, Faoi Scáil Gheal na hIndia le Gabriel Rosenstock agus Scannánaíocht na Gaeilge, sraith aistí curtha in eagar ag Marcas Mac Coinnigh agus Róisín Ní Ghairbhí.
Fág freagra ar 'A ‘Cine4’ féin ag teastáil ó fhoilsitheoirí na Gaeilge – Alan Esslemont'