‘Caithfidh freasúra na Gaeilge a thuiscint go bhfuil dlí againn anois, dlí atá faofa ag Rí Shasana’ – Deeds

Deir Coimisinéir Gaeilge nua an Tuaiscirt go bhfuil súil aige go léireoidh pobal na Gaeilge foighne leis agus a gcearta teanga á n-éileamh acu

‘Caithfidh freasúra na Gaeilge a thuiscint go bhfuil dlí againn anois, dlí atá faofa ag Rí Shasana’ – Deeds

An Coimisinéir Gaeilge Pól Deeds leis an ealaíontóir René Mullin lena saothar a rinneadh go speisialta don oifig nua 

Deir Coimisinéir Gaeilge nua an Tuaiscirt gur gá do pholaiteoirí atá i gcoinne na Gaeilge a thuiscint go bhfuil dlí teanga anois ann a chaithfear a chur i bhfeidhm.

Ina chéad agallamh Gaeilge faoina phost nua, dúirt Deeds go mbeidh roinnt dúshlán roimhe tráth a bhfuil go leor cur i gcoinne na Gaeilge sa Tuaisceart.

Dúirt sé le Nuacht TG4 gur chreid sé go mbeadh sé ábalta na dúshláin sin “a shárú le tacaíocht an phobail”. Dúirt sé go raibh an chuid is mó de na húdaráis phoiblí ó thuaidh “réidh” le bheith “ag comhoibriú” leis agus “réidh leis an ghnó a dhéanamh”, ach ghéill sé go mbainfeadh dúshlán ar leith leis an saol polaitiúil.

“Ach is léir go bhfuil freasúra go fóill ann sa saol polaitiúil agus go bhfuil cuid dár gceannasaithe go fóill i gcoinne na Gaeilge agus beidh mé ag iarraidh plé leis sin a oiread agus is féidir ach caithfidh siad tuiscint, measaim, go bhfuil dlí againn anois, dlí atá faofa ag Rí Shasana agus go gcaithfimid uilig le chéile an dlí seo a chur i bhfeidhm.”

Údar mór sásaimh agus bróid dó a cheapachán stairiúil, a dúirt an coimisinéir nua.

“Tá mé iontach sásta go bhfuil an lá seo tagtha. Táim iontach bródúil mé fhéin, bródúil do mo chlann. Tá mé iontach sásta do phobal na Gaeilge chomh maith, cé nach bhfuil an Coimisinéir ann le bheith ag riar ar phobal na Gaeilge.

“Le fírinne tá mé ann le todhchaí na Gaeilge sa saol poiblí ó thuaidh a chinntiú, ach tá mé iontach sásta do na daoine, do na cairde sin atá agam a bhí amuigh ar na sráideanna anseo i mBéal Feirste agus ar fud na tíre i mbun feachtasaíochta ar feadh na mblianta lena gcuid cearta – amuigh ansin lena gcuid páistí fosta – chun a gcuid cearta a éileamh ón Rialtas. Táim sásta go bhfuil an ról seo ann, sásta go bhfuil an reachtaíocht anois i bhfeidhm.”

Dúirt sé gur tús “le haistear úr” a bhí sa ról nua, rud a thabharfadh “saoirse” dó “an rud a chruthú agus a fhorbairt ó thús”.

Dúirt sé go raibh súil aige go léireodh pobal na Gaeilge foighne leis agus a gcearta teanga á n-éileamh acu.

“Is cinnte go mbeidh dúshlán mór ann agus beidh pobal na Gaeilge ag dúil le rudaí a bheith curtha i gcrích go luath, mar atá daoine ag rá.

“Níl a fhios agam an mbeidh mé ábalta rudaí a bhaint amach chomh luath sin nó chomh gasta sin, ach go cinnte beidh mé ag iarraidh cur chuige céimnitheach a bheith agam agus rudaí a bhaint amach a bheidh greanta i gcloch agus a mhairfidh go buan don todhchaí.

“Mar sin ní bheidh aon deifir orm agus tá súil agam go mbeidh foighde ag pobal na Gaeilge liom.

Tá a fhios agam go bhfuil ocras orthu, go bhfuil fuinneamh amuigh ansin anois agus go bhfuil pobal na Gaeilge ag dúil le hathruithe móra agus cinnte tá athruithe móra tuillte acu agus tá súil agam nach gcuirfidh mé díomá orthu.”

Ghlac sé leis go mbeidh “veto de chineál” ag an DUP ar na caighdeáin teanga atá le tabhairt isteach ó tharla go gcaithfidh Oifig an Chéad-Aire agus an LeasChéad-Aire na caighdeáin a fhaomhadh.

Mhaígh sé, áfach, go mbeadh cead a chinn aige maidir le comhairle a chur ar fáil agus nach mbeadh veto ag oifig an fheidhmeannais “ar rud ar bith seachas na caighdeáin dhea-chleachtais”.

Ceann de na feidhmeanna reachtúla atá ar an gCoimisinéir nua ná “comhairle, tacaíocht, agus treoir” a thabhairt d’eagrais phoiblí. Deirtear sa reachtaíocht, áfach, go dtabharfaidh Oifig an Chéad-Aire agus an Leas-Chéad-Aire “treoir” don Choimisinéir maidir lena fheidhmeanna go léir, an fheidhm sin san áireamh.

Chuir Pól Deeds, an chéad duine a ceapadh ina Choimisinéir Gaeilge sa Tuaisceart, tús lena chúram nua inné. Is ina oifig nua i dTeach an Chomhionannais ar Chearnóg Shaftsbury i mBéal Feirste a bheidh an coimisinéir nua lonnaithe.

Dúirt sé chomh maith inné go raibh tús á chur aige lena théarma mar Choimisinéir Gaeilge ag “tráth nimhneach” sa Tuaisceart agus gur i mBéal Feirste is measa atá an nimh don Ghaeilge.

Rinne an Coimisinéir Gaeilge nua ráiteas láidir san agallamh faoi cheist mhór teanga atá i mbéal an phobail sa Tuaisceart freisin nuair a dúirt sé gur chóir go mbeadh comharthaíocht dhátheangach, i nGaeilge agus i mBéarla, i Mórstáisiún Bhéal Feirste.

Fág freagra ar '‘Caithfidh freasúra na Gaeilge a thuiscint go bhfuil dlí againn anois, dlí atá faofa ag Rí Shasana’ – Deeds'