Fuair foireann rugbaí na hÉireann an ceann is fearr, 40-29, ar na hAll Blacks cothrom an ama seo naoi mbliana ó shin agus iad ag imirt i Soldier Field i Chicago. Ba é sin an chéad uair ariamh ar éirigh leis na hÉireannaigh an ceann is fearr a fháil ar mhóruaisle rugbaí an domhain. Roimh an lá sin, d’imir na foirne seo a chéile naoi mbabhta agus fiche thar thréimhse céad agus aon bhliain déag agus ní raibh toradh dearfach le fógairt ariamh ag na hÉireannaigh, seachas a bheith cothrom aon uair amháin i 1973.
Idir an lá glórmhar sin i Chicago in 2016 agus inniu, chas na foirne ar a chéile naoi mbabhta agus chláraigh foireann na hÉireann ceithre bhua i gcomparáid leis na cúig bhua a bhí ag na hAll Blacks. Is fiú a mheabhrú freisin gur thug na hÉireannaigh dhá bhua cháiliúla leo as an Nua-Shéalainn in 2022.
Is cinnte go raibh athrú ollmhór tagtha ar stádas rugbaí na tíre seo.
Bhuel, sin a cheap muid nó gur chas muid ar na hAll Blacks i gCorn an Domhain i bPáras in 2023 nuair a chuir bua 28-24 na Nua-Shéalainne amach as an gcomórtas muid.
Chas na foirne seo ar a chéile arís i Staid Aviva an t-am seo anuraidh, cluiche a bhuaigh na cuairteoirí 23–13. Ba é sin an dara huair déag agus fiche ar chloígh na hAll Blacks muid.
Níor cheart go mbeadh mórán, nó fiú tada, idir na foirne seo sula dtabharfaidh siad faoina chéile i Chicago arís anocht, ag 8.10pm am na tíre seo, sin má bhreathnaítear ar thorthaí na gcluichí eatarthu le cúpla bliain anuas. Mar sin féin tá imní ormsa nach bhfuil foireann Andy Farrell réitithe don choimhlint idir an Nua-Shéalainn, an fhoireann atá sa dara háit ar thábla rugbaí an domhain, agus muid féin, Éire, atá sa tríú háit.
Cuimhnigh go bhfuil na hAll Blacks chomh crua le cloch faoi láthair agus gan an Rugby Championship eatarthu féin, an Afraic Theas, an Astráil agus an Airgintín ach díreach thart. Malairt scéil atá ag na hÉireannaigh, foireann nár imir cluiche crua idirnáisiúnta rugbaí ón gcomórtas Sé Náisiún i mí Márta seo caite. Is cinnte gur imir go leor dár gcuid imreoirí céadrogha leis na Leoin i rith an tsamhraidh, ach ní hionann sin agus imirt le chéile mar aonad cúigear déag nó painéal triúr fichead mar a bheas ag dul chun páirce sa Soldier Field anocht.
Go deimhin, seachas imirt Thadhg Byrne sa gcluiche sin idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan i bPáirc an Chrócaigh coicís ó shin, ní thabharfadh imirt Leoin eile na hÉireann mórán misnigh duit. Bhí leithéidí Gibson Park, Ringrose, Porter agus cúpla Leon eile a d’imir do Chúige Laighean fuar agus meirgeach. Níl a fhios agam an leor an choicís a bhí ag Farrell chun na deacrachtaí sin a cheartú. Ní hamháin sin ach ar an mbinse a bheidh captaen na hÉireann, Caelan Doris, nár imir sa gcluiche sin i gcoinne Northampton sé mhí ó shin. Tá Jack Conan, nár imir fós an séasúr seo, ag tosú mar uimhir 8. San iomlán tá sé imreoir déag as Cúige Laighean ar phainéal na hÉireann agus chonaic muid céard a rinne Cúige Mumhan leo sin i bPáirc an Chrócaigh le gairid.
Anois feiceann tú an t-údar imní atá agam!
Mar sin féin, rinne muid an beart i Chicago roimhe seo agus má imríonn ár gcuid imreoirí chomh maith agus is féidir leo, níl cúis ar bith nach féidir linn dóchas a bheith againn, fiú má tá sé luath sa séasúr againne agus gurb é deireadh an tséasúir é d’fhoirne ón limistéar theas.
Ag caint ar fhoirne an limistéir theas dom, caithfidh mé tagairt a dhéanamh do chuairt na hAirgintíne ar Pháirc Thuamhan inniu le cluiche dúshláin a imirt i gcoinne Chúige Mumhan.
Tá stair fhada ag na Muimhnigh ag cur fáilte roimh fhoirne idirnáisiúnta chuig an bhfód naofa rugbaí seo. Ina measc siúd tá na hAll Blacks, na Springboks agus na Wallabies, chomh maith le foireann Maorach na Nua-Shéalainne. Is cinnte go mbeidh sárthaispeántas rugbaí ar fáil ó na Pumas ag 5pm inniu agus beidh dóthain ama agat an baile nó an teach ósta a bhaint amach don chluiche sin i Chicago.
Fág freagra ar 'Údar imní ag foireann na hÉireann roimh a gcluiche mór i gcoinne na nAll Blacks'