Tá neodracht na hÉireann, agus íomhá na tíre mar cheannródaí síochána is taidhleoireachta ina dtéamaí lárnacha sa bhfeachtas uachtaránachta. Catherine Connolly atá ag leagan síos pharaiméadair an fheachtais ag an bpointe seo.
Sa gcéad díospóireacht bhí an t-iarrthóir neamhspleách i bhfad chun tosaigh ar an mbeirt eile, Heather Humphreys Fhine Gael, agus Jim Gavin Fhianna Fáil.
Léirigh Connolly fís don phost atá bunaithe ar lorg na síochána is na córa sóisialta. Bhí a cuid smaointe oibrithe amach aici, agus léirigh sí an ceangal idir dlúthpháirtíocht le muintir na Palaistíne i nGaza, an riachtanas filleadh ar an taidhleoireacht le fadhbanna an domhain a réiteach, agus traidisiún neodrachta na tíre a chosaint is a chaomhnú.
Ní raibh mórán d’fhís ag Heather Humphreys, ach ní dhearna sí aon bhotún mór mar sin féin. Ní raibh sí in ann éalú óna bhfuil déanta nó nach bhfuil déanta ag an rialtas, is bhí sí cosantach, ciúin go maith is ag iarraidh í féin a chur trasna mar dhuine measartha sa lár.
Bhí Gavin go hainnis. Bhí sé trodach ach gan é in ann a dhearcadh a mhíniú. Léigh sé an script a thug Fianna Fáil dó, ach ní raibh aon splanc ina chuid cainte in aghaidh an Ghlais Thriaraigh nó aon rud eile.
Bhí sé uafásach lag nuair a ceistíodh é faoina ráiteas go raibh a gcuid aidhmeanna míleata bainte amach ag Iosrael is nach raibh aon ghá dóibh tuilleadh a dhéanamh. Cén sprioc mhíleata? Fiche míle marbh? Tríocha míle marbh? Nó céard? a d’fhiafraigh Connolly de.
Ní raibh mar fhreagra aige ach gaotaireacht fheargach. D’fhéadfadh sé a admháil gur labhair sé go ciotach, ach rinne sé iarracht an scéal a sheachaint le caint fholamh faoi dhlúthpháirtíocht leis an bPalaistín.
Ag deireadh thiar tháinig sé trasna mar dhuine nach raibh oilte ar chor ar bith don phost. Níl aon taithí aige ar an tseirbhís phoiblí, is ba léir sin. Dhein sé iarracht labhairt faoina thréimhse mar oifigeach sna Fórsaí Cosanta, nó a chuid oibre le Tionscnamh Oirthuaisceart na Cathrach [NEIC], a luaigh sé arís is arís eile. Ar ndóigh is jab é oifigeach airm, ní seirbhís phoiblí.
Go bunúsach níl aon cháilíocht aige don phost. Roghnaigh Fianna Fáil, nó roghnaigh Micheál Martin thar ceann Fhianna Fáil é, toisc go raibh clú air mar bhainisteoir fhoireann peile Bhaile Átha Cliath. Bhí cultúr na gceiliúrán sách éifeachtach ag deireadh an chéid seo caite, ach tá tuiscint níos fearr ar an bpolaitíocht inniu.
Maidir le Humphreys, cé nach ndearna sí aon bhotún níor léirigh sí aon fhís don jab ach an oiread. Shéan sí an cárta ba láidre atá aici, an Cárta Oráisteach.
D’fhéadfadh sí a rá, sea, gur shínigh a seanathair Cúnant Uladh mar go raibh faitíos air go mbeadh a phobal féin thíos leis dá dtiocfadh féinriail, ach gur cruthúnas í féin nach raibh bunús leis an bhfaitíos sin ag deireadh thiar, agus mar sin, go mbeadh sí in ann labhairt go tuisceanach le hAontachtaithe na Sé Chontae.
Ach bhí faitíos uirthi, agus ar Fhine Gael, dul sa treo sin. Ina ionad fuair muid maíomh amaidí gur Poblachtach bródúil a bhí inti agus abairtí eile gan bhrí.
Tá sé luath sa bhfeachtas ar ndóigh, agus a ndóthain ama ag na hiarrthóirí le déanamh níos fearr, ach ag an bpointe seo is cosúil go dtiocfaidh Connolly isteach sa gcéad áit, ansin Humphreys, agus taobh thiar díobh Gavin.
Ach beidh ar Connolly a bheith go mór chun tosaigh ar an gcéad chomhaireamh sin mar rachaidh na haistriúcháin ó Gavin go Humphreys den chuid is mó. De réir na bpobalbhreitheanna tá tacaíocht beagnach 40% ag na páirtithe ar an eite chlé, ach beagáinín níos mó ná sin ag Fianna Fáil is Fine Gael le chéile, gan trácht ar na neamhspleáigh a sheasann leo.
É seo go léir ráite, is spreagadh an feachtas seo don eite chlé i gcoitinne is cuma cén toradh a bheas ann sa deireadh. Tá an fhéidearthacht le feiceáil go bhféadfadh aontacht a bheith idir an eite chlé, agus tá dearcadh Connolly faoin neodracht, faoi Gaza, faoin chóir shóisialta, tarraingteach go maith don aos óg, más féidir iad a mhealladh amach chun vótála.
Tá Micheál Martin ag súil go bhféadfadh sé leas a bhaint as feachtas maith ag Gavin le cabhrú lena chuid iarrachtaí deireadh a chur leis an nGlas Triarach agus páirt níos dlúithe a ghlacadh i gcúrsaí míleata.
Má theipeann ar Gavin mar a cheapaimse go dteipfidh, ní bheidh aon tairbhe le fáil, ach beidh ceisteanna le freagairt ag Martin taobh istigh d’Fhianna Fáil.
Sorcha
Cén fáth ar foilsíodh an t-alt seo tar éis do Gavin éirí as, nó cén fáth nár leasaíodh é ar a laghad? Tá sé go hiomlán as dáta.
Eoin Ó Murchú
Níl sé go hiomlán as dÁta, ach cinnte tá cor nua tábhachthach sa scéal. Ar an drochuair níor tháinig scéal Gavin amach ach go déanach aréir, i ndiaidh gur scríobhadh an t-alt. Seans go mbeidh an deis agam ionchar an sceil ar Mhartin a phlé an tseahctain seo chugainn.