Tá Derry O’Sullivan anois i gcomhluadar m’athar, Cussen agus Céitinn, Mac Síomóin agus Maude, Mac Con Iomaire agus Mac Aodha Bhuí…

Duine eile de na filí, na colúin chultúrtha, na réabhlóidithe, na ceannródaithe ab ea Derry O’Sullivan a d’éag an tseachtain seo

Tá Derry O’Sullivan anois i gcomhluadar m’athar, Cussen agus Céitinn, Mac Síomóin agus Maude, Mac Con Iomaire agus Mac Aodha Bhuí…

Tá ainmneacha Éireannacha ar ana-chuid desna haerfoirt is mó sna Stát Aontaithe. JFK, O’Hare agus Mitchell Mhilwaukee, mar a bhfuilim luath ar maidin (5 a.m) le heitleán a fháil chuig JFK tar éis na féile Gaelaí an Milwaukee Irish Fest. Tá mé chun bualadh le mo bhean agus mo mhac. Tá an t-aerfort réasúnta ciúin ach tá na scuainí fada agus fadálach mar is dual do scuainí  in aerfoirt – pas, cárta bordála, slándáil, caife, bordáil.

Stopaim ag siopa agus ceannaím nuachtán. Cím iris nach bhfaca mé riamh cheana, Recoil. Iris ar nós Hot PressWoman’s Own – pictiúirí daite, altanna gearra agus ana-chuid fógraíochta ach idir na clúdaigh seo táid ag díol agus ag poibliú gunnaí agus piléar A a hAon, M a Ceathair, is an DBX caoga a seacht 7rl. Agus saor in aisce leis an eagrán seo tá targaid le gur féidir leat do chuid cruinnis a chleachtadh! Táimid in Wisconsin áit a dtaitníonn gunnaí leo agus an cead gunnaí a bheith acu… ‘so I can just like, buy guns?’ Ach sin scéal eile.

An tseachtain seo fuaireas téacs trasna an Aigéin Atlantaigh ag rá go raibh an file Derry O’Sullivan tar éis bás a fháil. Dlúthchara le mo dheaid. Duine eile de na filí, na colúin chultúrtha, na réabhlóidithe, na trailblazers a bhí mar chiorcal comhluadair ag mo dheaid (agus mo mhaim, dála an scéil) – daoine éirimiúla, suimiúla, eisceachtúla, a bhí lán le smaointe, tallann, litríocht,  fealsúnacht agus ealaín.

Bhí mo dheaid ar dhuine de na tacadóirí ba dhílse a bhí ag Kíla riamh. Thug sé airgead dúinn leis an gcéad veain (seanFord Transit bacach, gorm) a cheannach agus bhí a phócaí domhain agus a chroí cneasta cineálta nuair a bhíodh aon éigeandáil airgid ag an mbanna nó breis maoine de dhíth chun togra éigin a chur i gcrích.

Rud eile a dhéanadh sé ná go gcuireadh sé glaoch ar a chiorcal scríbhneoirí agus filí timpeall na cruinne agus deireadh leo go rabhamar ag seinnt in ionad éigin in aice leo. Agus deireadh sé linn súil a choinneáil amach don duine seo nó an duine siúd.

Is mar sin a bhuaileas le Derry O’Sullivan ar dtús. Thagadh sé chuig ár gceolchoirmeacha i bPáras mar a raibh sé ag cur faoi le blianta fada. Duine ard le folt breá liath gruaige, spéaclaí dorcha agus gliondar ina shúile. Ní cuimhin liom na comhráití a bhí agam leis ach i gcónaí bhíodar suimiúil. Agus corruair bheadh orm profaí a thabhairt dó nó a bhailiú uaidh nó dán úr a thabhairt dó nó a fháil uaidh le seachadadh chuig ceanncheathrú Choiscéim i mBinn Éadair mar a bheinn ag iompar taisce luachmhar. Bhí!

Ach anois tá sé imithe ar shlí na fírinne. Gheobhaidh sé freagraí ar na ceisteanna ar fad a bhí aige riamh i rith a shaoil. Agus samhlaím é in aerfort neimhe, i scuaine slándála agus roinnt des na hoifigí slándála ag teacht chuige le haghaidh bhuartha orthu. ‘Derry O’Sullivan? Tar linn.’ Seoltar tríd an Fast Track é, leanann sniffer dogs é (is cinnte go bhfuil dánta fíordhainséaracha á n-iompar aige agus ní féidir a bheith róchúramach – bloody filí) agus tógtar chuig seomra ar leith é mar a bhfuil scata de bhord comhairleoirí Dé.

Seandaoine críonna cráite (is dian an post é seo – na céadta, mílte bliain caite ag plé leis na nithe is bunúsaí agus is cruálaí ar domhan – ár, bás agus beatha – cúrsaí domhanda an lae inniu – tá sé fíordheacair orthu aon chiall a bhaint as Trump, Gaza, an Úcráin, dó an domhain, 7rl). Táid suite timpeall i gciorcal, toitíní Gitanes á gcaitheamh acu (níl aon chosc ar thobac ar neamh), fuisce Éireannach (Jameson gach seans) nó fíon dearg Bordeaux mar shólaiste acu. Tá cuma fíorchráite le haithint ar a mbaithis inniu mar os a gcomhair tá Derry agus a dhán – a línte liombó.

‘Abair linn seo, Derry,’ arsa an duine is sinsearaí (dia an ea? B’fhéidir é. Nó b’fhéidir nach ea. Ní fios). ‘Na línte seo. An dán seo. Chuir sé isteach go mór orainn. Chuir sé sinn ag smaoineamh. Chuir sé buairt orainn. Chuir sé náire orainn. Chuir sé alltacht orainn. Do mháthair bhocht. Do dheartháirín a rugadh mar marbhghin. An coincheap liombó a bhí ann tráth agus a d’imigh thar oíche.’

Na línte ina ndeirtear nach bhfuil liombó ann, ach go ndeir tú go bhfuil agus gur mhair do mháthair ann leis na blianta.

‘a smaointe amhail neantóga á dó

gach nuachtán ina leabhar urnaí,

ag éisteacht le leanaí neamhnite,

i dtafann tráthnóna na madraí.’

Na línte seo, Derry. Cad deir tú?

Stopann Derry agus breathnaíonn sé timpeall an tseomra. Tá sean-aithne aige ar an gcleas seo. Ní gá dó é féin a mhíniú. Tá gach rud mínithe cheana, sna línte, ins an dán (ceann de dhánta móra tábhachtacha na hÉireann). Na focail tomhaiste. An mheadaracht, an rithim, gach aon íomhá ríchruinn ar nós piléir ag dul go lár targaide  – díreach idir na súile. Recoil.

Tá ciorcal mo dheaid ar fad ag aistriú ón domhan seo chuig an chéad domhan eile (tá domhain eile ann dar ndóigh ach níl a fhios agam cé chomh fada a fhanfaidh siad san domhan ina bhfuileadar anois. Beidh siad sona i gcomhluadar a chéile ag cabaireacht, ag plé, ag dianphlé –  Cussen agus Céitinn, Mac Síomóin agus Maude, Mac Con Iomaire agus Mac Aodha Bhuí, Ó Bréartúin agus Ó Bruadair, Ó Dubhshláine agus Ó Doibhlin, Ó Súilleabháin Ghuaire agus Ó Glaisne…….mo léan-lom go bhfuil an liosta ag éirí níos faide agus níos faide gach lá.

Tá Derry anois ina measc. Seana-chairde. Lear mór línte úra ullmhaithe aige don ócáid. Réidh don phlé agus ansin tar éis píosa beag sosa don dianphlé. Fíor-éasca air a bheith ina measc, mar anois is é iad agus iad é.

Tá sean-aithne ag an mbord comhairliúcháin seo ar Derry agus a dhream. Ní deir siad aon ní eile leis nuair nach n-ofrálann sé aon mhíniú dóibh. Tuigeann siad. Tuigeann sé. Scaoiltear as an seomra é agus seoltar ar a shlí é. Cuirtear stampa ar a chuid páipéar, dearg ar bhán – file, duine a d’inis an fhírinne, réabhlóidí go smior.

Fág freagra ar 'Tá Derry O’Sullivan anois i gcomhluadar m’athar, Cussen agus Céitinn, Mac Síomóin agus Maude, Mac Con Iomaire agus Mac Aodha Bhuí…'

  • Seán Mag Leannáin

    Píosa ómóis an-deas. Tagann laochra nua chun cinn i ngach glúin.