An teach á chroitheadh, bosca Pandora á dhúnadh, an puball á thógáil anuas ón lochta

Gach seachtain cuirtear ar fáil scéalta beaga agus móra as Dialann Tuairisc…

An teach á chroitheadh, bosca Pandora á dhúnadh, an puball á thógáil anuas ón lochta

“Mamaí, tá an teach ag croitheadh,” a dúirt buachaill an tí liom agus dath geal air. Bhí sé ina shuí ag bord na cistine agus Weetabix na maidine á ithe aige.

Chuala mé lascadh in aghaidh an urláir amuigh sa halla. Pictiúr tite, gan amhras. “Ná lige Dia go raibh gloine sa bhfráma sin sin,” a chuimhnigh mé.

Bhreathnaigh mé ar an gcupán caife a bhí leagtha in aice liom ar an mbord. Bhí tonnáin bheaga ag imeacht ina gciorcailíní ar bharr an chaife.

Chuimhnigh mé ar an radharc íocónach sin sa scannán Jurassic Park ina dtosaíonn an dá ghloine uisce atá leagtha ar dheais an jíp ag preabadh de réir mar atá an t-rex ag teacht níos gaire dó.

Ní raibh gíog ná míog as éinne san amharclann agus muid ar fad ag faire ar an scáileán is ag guí go dtiocfadh na carachtair óga slán. Deartháir agus deirfiúr óg, buachaill deich mbliana agus a dheirfiúr a bhí trí bliana déag agus iad sáinnithe sa jíp agus an dineasár ag déanamh orthu.

“An gcloiseann tú é sin?” a fhiafraíonn sé di, sceimhle air agus fuaim na gcoiscéimeanna ag éirí níos airde agus níos airde. Mórán mar a chéile a bhí buachaill an tí s’againne an lá cheana nuair a thosaigh an teach ag croitheadh.

“Meas tú an dtitfidh an teach anuas orainn?” a d’fhiafraigh sé díom agus an dá shúil ar leathadh ann.

“Drochsheans,” a dúirt mé. Ní raibh mé cinnte amach is amach nach dtitfeadh. Cé mhéad croitheadh is féidir a dhéanamh ar theach sula dtitfidh sé sa mhullach ort? Is cinnte nach raibh aon tástáil crith talún déanta againn.

Bhí gach rud socair ach amháin torann na mbuillí rithimiúla amuigh ar an mbóthar is na cupáin ag damhsa in aghaidh a chéile sa gcófra. Chuala muid preab eile ag bualadh in aghaidh an urláir sa halla. Pictiúr eile tite.

Den chéad uair ina saol, bhí Lilí, Banríon an Tí agus a comhghleacaí Brownie chomh socair le dhá luch. Ní raibh geonaíl ná tafann ar bith astu ach iad ar an bhfoscadh istigh ina gcliabháin agus na súile ina sásair iontu. Tá a fhios ag na gadhair féin a bheith ciúin nuair atá an t-rex ar an mbealach, is dóigh go bhfuil sé sa DNA acu.

Ag cartadh an bhóthair taobh amuigh den teach a bhí comhlacht éigin agus iad ag athrú amach seanphiopaí uisce. Is maith an rud é, is dóigh, chomh fada is go seasfaidh an teach é.

“Caith siar na weetabix,” a dúirt mé le buachaill an tí sa deireadh, “stopfaidh sé go gairid.”

Agus chuaigh sé ar ais ag an mbricfeasta. Bhí an caife fós ag rince sa gcupán le mo thaobh féin. D’ól mé bolgam eile. Má bhí an teach le titim anuas orainn, bhí sé chomh maith caife na maidine a bheith ólta, ar a laghad.

Pandora bhocht

Rinne mé botún mór an lá cheana agus d’oscail mé ceann de na tarraiceáin atá istigh faoin staighre sa halla. Go dtí sin, bhí mé in ann ligean orm féin nach mbeadh deireadh ar bith leis an samhradh, is go mbeadh muid ag maireachtáil go deo in áilleacht agus leisce na haimsire breá.

Bhí mé mar a bhí Pandora bhocht nuair a d’oscail sí an bosca a scaoil amach donachtaí an tsaoil.

Chonaic mé na málaí scoile crosacha, boscaí lóin nár folmhaíodh, an t-úll ar bhain Éabha greim as i nGairdín Pharthais, stocaí, hataí, málaí criospaí, páipéir obair bhaile, pinn, litreacha grá, rópaí, tograí ealaíne…

Cinnte, bhí leath lae oibre iontu dá mbeifeá ag iarraidh iad a ghlanadh amach i gceart. Dá mbeifeá ag iarraidh.

D’fhéadfainn glaoch isteach ar chuile dhuine agus iad a chur ag obair in éineacht liom. D’fhéadfainn iad a tharraingt ón Minecraft, an déantús bráisléad, ón iarracht ar chorn domhanda na ‘keepy-uppies’ agus iad a chur ag glanadh amach na dtarraiceán scoile. D’fhéadfainn é a dhéanamh, is dóigh.

Ach dá mbeadh Pandora sách sciobtha an lá sin nuair a chonaic sí an chéad donacht ag eitilt amach as an mbosca, nár chóir di an bosca a dhúnadh arís de léim. Cén fáth gur scaoil sí amach an lot acu?

Shílfeá go raibh neart ama aici clár an bhosca a phreabadh anuas arís in áit a bheith ina seasamh ina hóinseach ansin ag breathnú orthu ag eitilt amach ag déanamh raice. Dá mbeadh aon chiall aici, nach hin a bheadh déanta aici? Ní raibh sé i gceist agamsa an botún céanna a dhéanamh.

***

Buicéadliosta an tsamhraidh

Tá an samhradh ag sciorradh leis agus ní dhearna mé amach an ‘buicéadliosta’ fós. Bhí sórt leathphlean againn am éigin i mí an Mheithimh liosta a dhéanamh de na rudaí ar fad a bhí muid ag iarraidh a dhéanamh i rith an tsamhraidh agus iad a scríobh isteach ar an bhféilire.

Tháinig forlíonadh turasóireachta isteach leis an gCuradh Connachtach ceann de na laethanta agus áiteanna i gcontae an Chláir, Co. na Gaillimhe agus Co. Mhaigh Eo liostáilte air. Sin é anois an jab, a chuimhnigh mé.

Chuir mé an páipéar i dtaisce in áit éigin sa teach le breathnú arís air, ach chuir mé i bhfolach rómhaith é, agus níl tuairim agam cá bhfuil sé. Is dóigh go dtiocfaidh mé air nuair a bheidh maisiúcháin na Nollag á dtarraingt amach.

Is cosúil go bhfuil pleananna ar bun ag Fear an Tí agus na gasúir le cúpla oíche a dhéanamh ag campáil agus is cosúil go bhfuil siad ag súil go ngabhfaidh mise in éineacht leo. Ceannaíodh an puball sa mbliain 2019, díreach roimh an bpaindéim dhomhanda. Níl mé ag rá go raibh aon bhaint ag an gcampáil leis an aicíd, níl mé á rá sin.

Ar aon nós, cuireadh an puball i dtaisce agus níor tháinig sé amach riamh arís ó shin. Go dtí anois. Tá baol ann nach caint san aer uilig é. Baol mór.

Leaindeáil bosca mór isteach an doras inné. “Sin é an hitch do na rothair,” a dúradh liom.  Níl aon éalú anois ann.

****

Ag léamh…

Bódléar le Darach Ó Scolaí

Scéal grá agus grinn a phléann leis an athrú a bhí ag teacht ar shaol agus ar chultúr na tuaithe ar fud na hEorpa sa naoú haois déag. Ceiliúradh freisin é ar dhomhan na bhfilí Muimhneacha agus ar an nasc a bhí idir Éirinn agus an Fhrainc san am sin.

Fág freagra ar 'An teach á chroitheadh, bosca Pandora á dhúnadh, an puball á thógáil anuas ón lochta'