Bhí mo mháthair 80 inné, an tríú breithlá aici ó bhog sí isteach in ionad cúraim do dhaoine a bhfuil galar Alzheimer orthu.
Cén saghas cóisir bhreithlae a eagraíonn tú do dhuine nach bhfuil ar a cumas labhairt a thuilleadh, agus – sin a deir na saineolaithe – nach mbeadh tuiscint aici a thuilleadh ar chúrsaí ama?
Bhí an cheist sin ag teacht idir mé agus codladh na hoíche le tamall de sheachtainí anuas.
Lena chois sin, níor éirigh go rómhaith linn an chéad dhá bhreithlá a chaith mo mham san ionad cúraim.
An chéad cheann, d’iarr muid ar dhaoine teacht ar cuairt ina mbeirteanna is ina dtriúir ag amanna éagsúla i rith an lae, ionas nach gcuirfí an iomarca brú ar a hintinn. Ach bhí sí spíonta i ndiaidh an chéad bhabhta caife agus cáca agus bhí drochspionn agus cantal uirthi an chuid eile den lá.
An dara ceann, anuraidh, shocraigh muid gach duine a thabhairt le chéile ag an aon am amháin, bíodh ag an ró-ualach eolais do na céadfaí, ach níor oibrigh sé sin amach ach oiread. A luaithe is a chonaic mo mham slua gaolta agus cairde bailithe le chéile i mbialann an ionaid, theastaigh uaithi filleadh ar a seomra, agus nuair a d’éirigh linn í a chur ina suí ag an mbord faoi dheireadh, ghlac sí páirt sa chóisir nach mór in aghaidh a tola.
Ach bhí sí 80 i mbliana, cloch mhíle. Agus cá mhéad breithlaethanta a bheidh á gceiliúradh aici feasta? Roinnt míonna ó shin, dúirt dochtúir an ionaid linn – go sofhriotalach, ach mar sin féin – ‘nach gcuirfeadh sé iontas uirthi mura mbeadh ár máthair linn i gceann bliana’.
Shocraigh mé cáca mór a ordú agus clúdach prásóige gormghlas air, an dath is fearr le mo mham. Bhí déithe na haimsire go deas linn agus bhí muid in ann an chóisir a bheith againn i ngairdín fairsing an ionaid, i bhfad ó na hothair eile.
Chroch muid suas stiallbhratacha, chroch muid bláthfhleasc timpeall a muiníl agus chroch muid suas amhráin; bhuail mo mham a bosa ar a chéile agus las gliondar ina súile a thug le fios gur thuig sí – bíodh tuiscint aici ar choincheap an ama nó ná bíodh – go raibh na daoine sin uilig nach raibh ar a cumas aon chaint a dhéanamh leo, ach a d’aithin sí, gach duine acu, go raibh na daoine sin uilig tagtha le chéile ar mhaithe léi-se.
Fág freagra ar 'Bhí mo mháthair 80 inné – cloch mhíle san ionad cúraim'