Innealtóir le ceapadh go luath chun cé Inis Meáin a fhorbairt

Tá forbairt le déanamh ar ché Inis Oírr chomh maith agus é ráite go bhfuiltear ag súil go gcuirfear an cás gnó deireanach faoi bhráid na Roinne an mhí seo chugainn

Innealtóir le ceapadh go luath chun cé Inis Meáin a fhorbairt

Tá súil ag Comhairle Chontae na Gaillimhe innealtóir a cheapadh an mhí seo chugainn mar chuid den phlean cé Inis Meáin a fhorbairt.

Tá sé beartaithe le breis is 20 bliain anuas forbairt a dhéanamh ar ché An Chalaidh Mhóir ar Inis Meáin ach cuireadh an togra ar an méar fhada le linn an chúlaithe eacnamaíochta.

Deir an tAire Stáit sa Roinn Forbartha Pobail agus Tuaithe, Joe O’Brien, go bhfuil dul chun cinn déanta maidir leis an togra seo le roinnt míonna anuas agus go bhfuil innealtóir comhairleach le ceapadh “sna seachtainí amach romhainn” de thoradh próiseas tairisceana de chuid Chomhairle Chontae na Gaillimhe.

Faoin tairiscint, iarrfar ar an iarrthóir a mbeidh rath air aird a thabhairt ar an mbonneagar mara a bheidh ag teastáil chun freastal ar sheirbhísí paisinéirí, seirbhísí lasta agus lucht iascaigh an oileáin as seo go ceann leathchéad bliain.

Tá dhá chéibh in úsáid ar Inis Meáin i láthair na huaire. Baineann seirbhísí farantóireachta úsáid as cé an Chalaidh Mhóir ar an taobh ó thuaidh den oileán ach baineann an tseirbhís lasta úsáid as Céibh an Chóra ar an taobh thoir theas den oileán.

Tá sé ráite nach bhfuil ceachtar den dá ché feiliúnach le freastal ar na seirbhísí céanna agus gur gá uasdátú a dhéanamh orthu.

Faoi chomhairliúchán a rinneadh in 2009, moladh tuilleadh dreideála a dhéanamh ar ché an Chalaidh Mhóir agus síneadh a chur leis an tonnchosc atá ann cheana féin. D’fhág easpa maoinithe nach ndeachthas ar aghaidh leis an bhforbairt sin.

Tá forbairt le déanamh ar ché Inis Oírr chomh maith agus é ráite ag an Aire Stáit O’Brien go bhfuil Comhairle Chontae na Gaillimhe ag obair ar an gcás gnó deireanach agus súil ann go gcuirfear faoi bhráid na Roinne é an mhí seo chugainn.

Dúirt an Teachta Dála Neamhspleách ó Ghaillimh Thiar, Catherine Connolly, gur cúis mhór frustrachais a bhí sa mhoill ar fhorbairt na gcéanna do mhuintir na n-oileán, go háirithe i gcás Inis Meáin.

Cheadaigh an tAire Heather Humphreys €17 milliún an bhliain seo caite chun cé Inis Oírr a fhorbairt. Tá dreideáil le déanamh, síneadh 90 méadar le cur leis an gcé agus dhá thonnchosc le tógáil mar chuid den obair agus é beartaithe go mbeadh an obair sin críochnaithe in 2026.

Fág freagra ar 'Innealtóir le ceapadh go luath chun cé Inis Meáin a fhorbairt'