Glaoch rolla siombalach do Harris in Chicago agus na Daonlathaigh ar mhuin na muice

Muintir Obama a thabharfaidh príomhóráidí na hoíche anocht ag Coinbhinsiún Náisiúnta na nDaonlathach in Chicago

Glaoch rolla siombalach do Harris in Chicago agus na Daonlathaigh ar mhuin na muice

Baileoidh 5,000 toscaire as 50 stát ar urlár an United Center in Chicago tráthnóna do dheasghnáth an ghlaoch rolla a thabharfaidh ainmniúchán uachtaránachta an Pháirtí do Kamala Harris.

Agus coinbhinsiún na nDaonlathach Kamala Harris faoi lán seoil an tseachtain seo, tá Harris ar mhuin na muice agus anam agus brí as an nua curtha aici sa rás in aghaidh an iar-uachtaráin Donald Trump.

Fuair Harris an t-ainmniúchán go hoifigiúil coicís ó shin agus bíodh is nach bhfuil i nglaoch rolla na hoíche anocht ach siombalachas, beidh sí ag súil go gcuirfidh an ócáid a thuilleadh leis an mborradh faoina feachtas.

Muintir Obama a thabharfaidh príomhóráidí na hoíche anocht in Chicago. Michelle Obama a labhróidh i dtosach agus Barack Obama a labhróidh ina diaidh. ‘Fís dhána don Todhchaí’ an téama a bheidh ag caint an iarUachtaráin.

An tUachtarán Joe Biden a thug an phríomhóráid aréir, an chéad oíche de Choinbhinsiún Náisiúnta na nDaonlathach. Chosain Biden go láidir an méid atá bainte amach aige mar uachtarán. D’fhógair Biden i mí Iúil go raibh sé ag éirí as an rás i mí Iúil i ndiaidh drochthaispeántas ceart i ndíospóireacht teilifíse agus aréir a thug sé go poiblí do Harris an fhreagracht as Donald Trump a chloí.

Bhéic an slua toscairí ‘Is aoibhinn linn Joe!’ agus sheas siad ar feadh trí nóiméad go leith le bualadh bos a thabhairt dó. Bhí na deora leis an Uachtarán.

Mhol sé Harris go hard agus cháin sé go géar Trump ar thug sé “fear caillte na himeartha” air. Ag cothú an fhoréigin pholaitiúil a bhí Trump, a mhaígh Biden.

‘Ní nuair a bhuann tú amháin a deir tú go bhfuil grá agat do do thír,’ a dúirt Biden.

Chuir Biden i leith Trump go raibh sé “ag séideadh faoi na seanfhórsaí a  bhí ag iarraidh le fada Meiriceá a shracadh as a chéile”.

Agus gan aon choinne ag an slua léi tháinig Kamala Harris ar an stáitse chun buíochas a ghabháil le Biden.

“Joe, go raibh maith agat as an gceannaireacht stairiúil a thug tú agus as an tseirbhís a thug tú ar feadh do shaoil dár náisiún agus as gach a bhíonn á dhéanamh go fóill agat,” arsa Harris.

Ar na cainteoirí mór le rá eile aréir, bhí Hilary Clinton, a chaill in aghaidh Trump i dtoghchán 2016. Bhí sí dóchasach go n-éireodh le Kamala Harris a bheith ar an gcéad bhean in Oifig Ubhchruthach an Tí Bháin.

“Ar an dtaobh eile den tsíleáil ghloine sin, tá Kamala Harris, a lámh in airde aici agus an mhóid oifige á tabhairt aici mar an 47ú Uachtarán ar na Stáit Aontaithe,” arsa Clinton.

Fág freagra ar 'Glaoch rolla siombalach do Harris in Chicago agus na Daonlathaigh ar mhuin na muice'

  • Achoimre

    Achoimre ar an alt:
    ‘Ag coinbhinsiún na nDaonlachach mhol agus molfaidh lucht tacaíochta agus lucht feartha an dúnmharaithe agus an chinedhíothaithe a chéile agus cháin agus cáinfidh siad na dúnmharfóirí agus na cinedhíothóirí a bheidh ag seasamh ina n-éadan sa toghchán.