Tá €50 milliún caite ag Údarás na Gaeltachta ar obair thógála sa Ghaeltacht le cúig bliana anuas, cé nár caitheadh oiread agus pingin rua de i bPort Láirge.
De réir figiúirí atá curtha ar fáil ag an Údarás maidir le caiteachas tógála na heagraíochta don tréimhse cúig bliana idir 2019-2023, díreach os cionn €50 milliún a caitheadh ar thograí sna ceantair Ghaeltachta.
Dúirt Aire na Gaeltachta Catherine Martin gur bhain an caiteachas le meascán de thograí caipitil, idir “foirgnimh nua mar aon le hathchóiriú agus athearraíocht ar sheanfhoirgnimh”.
De réir na bhfigiúirí, chaith Údarás na Gaeltachta beagnach a dhá oiread ar obair thógála in 2023 le hais 2019 – €14.6 milliún anuraidh i gcomparáid le €7.9 milliún cúig bliana roimhe sin.
Is í Gaeltacht na Gaillimhe an ceantar Gaeltachta is mó sa tír agus is ann a caitheadh beagnach leath de chaiteachas iomlán an Údaráis idir 2019-2023.
Den €50 milliún, caitheadh €22.8 milliún ar thograí caipitil i nGaillimh, 46% den chaiteachas ar fad. Bhí an céatadán sin beagáinín níos lú ná an céatadán de dhaonra na Gaeltachta a bhfuil cónaí orthu i nGaillimh – 51%.
“Tá sé le feiceáil go bhfuil, den chuid is mó, comhchoibhneas idir an patrún caiteachais de réir contae Gaeltachta agus an daonra Gaeltachta atá lonnaithe sna ceantair sin,” a dúirt an tAire Martin.
Áit amháin nár tháinig an caiteachas leis an gcéatadán de phobal na Gaeltachta a bhfuil cónaí orthu sa chontae ná Port Láirge. Dar leis an Údarás, tá thart ar 2% de phobal na Gaeltachta ag cur fúthu i nGaeltacht na nDéise ach níor caitheadh aon airgead ar thograí caipitil sa cheantar idir 2019-2023. Níl ach líon beag foirgneamh ag Údarás na Gaeltachta sa cheantar.
Tá sé fógartha ag an Údarás áfach go bhfuil obair ar bun le tithíocht a fhorbairt ar thalamh de chuid na heagraíochta forbartha sa Rinn.
Tá Gaeltacht na nDéise ar cheann de na Gaeltachtaí is lú sa stát ach thart ar 2% de phobal na Gaeltachta freisin atá ina gcónaí i nGaeltacht na Mí agus chuir an tÚdarás beagnach €4 milliún i dtreo tograí caipitil sa chontae sin le linn na tréimhse céanna. B’ionann sin agus 8% den chaiteachas iomlán, €50 milliún.
Rinneadh caiteachas tógála €11.2 milliún i nDún na nGall le linn na tréimhse cúig bliana, 22% den chaiteachas iomlán. Tá 23% de phobal na Gaeltachta ina gcónaí i nDún na nGall.
Bhí an caiteachas a rinneadh i gCiarraí (€3.8 milliún nó 8% den iomlán) agus i gCorcaigh (€2.1 milliún nó 4% den iomlán) ag teacht leis an gcéatadán de dhaonra na Gaeltachta a bhfuil cónaí orthu sa dá chontae sin.
Bhí an 12% den chaiteachas iomlán a chuaigh i dtreo Mhaigh Eo (€6.2 milliún) beagáinín níos airde ná an 10% de dhaonra na Gaeltachta a bhfuil cónaí orthu sa chontae.
Cuireadh na figiúirí ar fáil mar fhreagra ar cheist Dála ón Teachta Aindrias Moynihan ó Fhianna Fáil.
Ina freagra, dúirt an tAire Catherine Martin go bhfuil breis is 500 aonad tionsclaíochta agus gnó ar fud na Gaeltachta i bpunann maoine an Údaráis.
“Thug Údarás na Gaeltachta le fios gur tógadh formhór na bhfoirgneamh sin sna 70idí agus sna 80idí. Baineann an caiteachas a rinneadh le meascán de thograí caipitil idir foirgnimh nua mar aon le hathchóiriú agus athearraíocht ar sheanfhoirgnimh,” a dúirt an tAire.
“Tá sé de chúram ar an Údarás a chinntiú go n-úsáidtear na foinsí maoinithe atá ar fáil dó ar thograí fiúntacha ag cinntiú go bhfaightear luach ar airgead agus go gcloítear leis an gCód Caiteachais Phoiblí. Braitheann an caiteachas a dhéantar ag aon phointe ama ar shaolré na dtograí atáthar a fhorbairt agus áirítear leis sin an gá le cothromaíocht réigiúnach a bhaint amach.”
2019 | 2020 | 2021 | 2022 | 2023 | Iomlán | % den iomlán | % den Daonra | |
---|---|---|---|---|---|---|---|---|
€’000 | €’000 | €’000 | €’000 | €’000 | €’000 | |||
Dún na Gall | 4,311 | 2,174 | 1,181 | 1,107 | 2,450 | 11,223 | 22% | 23% |
Maigh Eo | 632 | 798 | 623 | 1,680 | 2,420 | 6,153 | 12% | 10% |
Gaillimh | 1,712 | 2,721 | 5,022 | 6,621 | 6,773 | 22,849 | 45% | 51% |
An Mhí | 1,135 | 1,702 | 290 | 75 | 646 | 3,848 | 8% | 2% |
Ciarraí | 30 | 1,076 | 114 | 599 | 2,016 | 3,835 | 8% | 8% |
Corcaigh | 60 | 516 | 882 | 341 | 301 | 2,100 | 4% | 4% |
Port Láirge | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0 | 0% | 2% |
Iomlán | 7,880 | 8,987 | 8,112 | 10,423 | 14,606 | 50,008 |
Fág freagra ar '€50 milliún caite ag Údarás na Gaeltachta ar thograí caipitil ó 2019'