Saothar neafaiseach go maith atá sa scigaithris seo ar scéalta bleachtaireachta Agatha Christie

Dá mhéad iarrachta a dhéanann See How They Run casadh a bhaint as múnla an scéil bhleachtaireachta is ea is mó a thiteann sé isteach sa mhúnla céanna

Saothar neafaiseach go maith atá sa scigaithris seo ar scéalta bleachtaireachta Agatha Christie

See How They Run
Stiúrthóir: Tom George
Cliar: Sam Rockwell, Saoirse Ronan, Adrien Brody, David Oyelowo

Scannán scigaithrise is siamsaíochta é See How They Run a dhéanann iarracht fogha greannmhar a thabhairt fé sheánra seanchaite na scéalta bleachtaireachta. Is mar a chéile iad na saothair seo ar fad a mheabhraítear dúinn go seanbhlastúil agus go minic i gcaitheamh an scannáin. An rud is aistí faoin tuairimíocht sin ná go bhfuil an saothar seo suite i Londain na gcaogaidí agus an dráma The Mousetrap le Agatha Christie in airde láin sa West End. Go deimhin bhí an dráma á léiriú go leanúnach ó shin i leith go dtí gur bhain an phaindéim barrthuisle as.

Úsáidtear léiriú an dráma sin mar chomhthéacs don scéal ficseanúil seo. Dúnmharaítear an té atá le tabhairt faoi leagan scáileáin den dráma, Leo Kopernick (Brody), agus is iad foireann an dráma, ó aisteoirí chuig an scríbhneoir, an dream a bhfuil amhras fúthu. Scéal bleachtaireachta bunaithe timpeall ar dhráma bleachtaireachta. Gliceas, mar dhea. Comhartha an méid sin go bhfuil an saothar seo róchinnte de féin agus rómhuiníneach faoina acmhainn grinn.

Tá sé mar sprioc aige casadh a bhaint as múnla seanchaite an scéil bhleachtaireachta, múnla Christie ach go háirithe. Dá mhéad iarrachta a dhéanann sé é sin a dhéanamh is ea is mó a thiteann sé isteach sa mhúnla céanna. Ar a laghad is saothar giorraisc go maith atá anseo agus é beagán sa bhreis ar uair an chloig go leith. Fágann san nach bhfuil an scóip ann le go rachadh cúrsaí chun leadráin.

An póilín [Rockwell], fear atá tinn tuirseach den saol agus tite chun óil, atá i mbun na bhfiosrúchán agus tá póilín saonta [Ronan] mar chomrádaí aige i gcoinne a thola. Seanmhúnla eile a bhfuil meirg air. Tá scamhadh chun bleachtaireachta uirthi, áfach agus tá cuid mhaith de láidreachtaí agus den fhíorbheagán grinn le fáil sna míreanna eatarthu. Aisteoirí iontacha iad beirt agus déanann siad a gcúram go slachtmhar. Bhíos ana-thógtha chomh maith le Brody a thug fé ról an bhligeaird le flosc. Nasctar na carachtair fhicseanúla seo le daoine a bhí sa dráma ag an am, leithéidí Richard Attenborough agus Sheila Sim.

Le go n-éireodh le saothar scigaithrise den saghas seo is dóigh liom féin go bhfuil gá le cantam áirithe den ghreann ropánta agus míreanna snasta foirne. Ní rabhadar le sonrú anseo. Dua gan dul chun cinn a bhí i gcuid mhaith den saothar. Mar is dual do shaothar den saghas seo bhí na príomhcharachtair ar fad bailithe le chéile don chríoch. Bhí deis anseo seiftiúlacht, greann ropánta agus obair foirne shnasta a léiriú. Níor tapaíodh an deis sin. Bhí an chríoch díomách, patuar dá réir.

Fág freagra ar 'Saothar neafaiseach go maith atá sa scigaithris seo ar scéalta bleachtaireachta Agatha Christie'