‘Gá le gearradh siar ar bhualadh le daoine’ a deir Holohan, 3,174 cás eile den Covid-19 fógartha

8,217 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh in Éirinn ó thosach na paindéime, 5,492 duine ó dheas den teorainn agus 2,725 duine ó thuaidh di

‘Gá le gearradh siar ar bhualadh le daoine’ a deir Holohan, 3,174 cás eile den Covid-19 fógartha

3,174 cás nua den Covid-19 a d’fhógair an Roinn Sláinte tráthnóna.

460 othar atá buailte ag an ngalar atá sna hospidéil, 33 níos lú ná mar a bhí i gceist inné. Tá 86 díobhsan in aonad dianchúraim, ceathrar níos lú ná mar a bhí i gceist inné.

Fógraíodh chomh maith go bhfuair 5,492 duine a raibh an galar orthu bás sa stát ó thosach na paindéime. Bhásaigh 56 de na daoine sin le seachtain.

Dúirt an Dr Tony Holohan, an Príomhoifigeach Leighis, go raibh daoine ag bualadh le níos mó daoine anois ná mar a bhí aon uair eile ó thús na paindéime agus go gcaithfí gearradh siar ar choinní sóisialta.

8,217 duine a raibh Covid-19 orthu a bhásaigh in Éirinn ó thosach na paindéime, ag áireamh an 2,725 duine a bhásaigh ó thuaidh den teorainn.

D’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt inniu go raibh naonúr eile a raibh an Covid-19 orthu tar éis bháis. 995 cás nua a fógraíodh.

378 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus 39 díobhsan atá in aonad dianchúraim. 44 duine a raibh an galar orthu a fuair bás le seachtain sa Tuaisceart.

Dúirt Robin Swann, an tAire Sláinte, inniu go mb’fhéidir go mbeadh gá le srianta a thabhairt isteach arís má éiríonn an brú ar an gcóras sláinte níos measa.

“Céim mhór ar gcúl” a bheadh ina leithéid, a dúirt Swann. Ba ghá cur le líon na ndaoine a bhfuil vacsaín faighte acu chun srianta a sheachaint, ar sé.

Dúirt Príomhoifigeach Cliniciúil an HSE, an Dr Colm Henry, go raibh cosaint láidir á dtabhairt i gcónaí ag na vacsaíní don phobal.

Cé go raibh ardú tagtha ar líon na gcásanna den ghalar i measc na phobail bhí na figiúirí maidir le líon na n-othar sna hospidéil agus sna haonaid dianchúraim ag éirí níos seasmhaí, a dúirt sé.

Fógraíodh i bhfad níos mó 3,000 cás le cúpla lá anuas ach dúirt an Dr Henry gur lú go mór an dochar a bhí á dhéanamh ag an ngalar de bharr na vacsaíní.

Ag labhairt dó le Morning Ireland ar RTÉ, mhol an Dr Henry do dhaoine mascanna a chaitheamh taobh istigh agus sluaite a sheachaint.

Maidir leis na scoileanna dúirt sé gur cuireadh 70,000 tástáil bhreise ar pháistí i mí Mheán Fómhair agus nach raibh toradh deimhneach ach ar 1.7% de na tástálacha sin.

Agus níos mó daoine ag bualadh le chéile, is é is dóichí ná gur sa bhaile seachas ar scoil atá an galar á tholgadh ag daoine óga, a dúirt an Dr Henry.

 

Fág freagra ar '‘Gá le gearradh siar ar bhualadh le daoine’ a deir Holohan, 3,174 cás eile den Covid-19 fógartha'