Tá fianaise úrnua tagtha chun solais as comhaid a coinníodh faoi rún ar feadh níos mó ná 100 bliain a chothaíonn amhras faoi chás inar crochadh fear as Tír Chonaill i Londain sa bhliain 1883 nuair a ciontaíodh é i ndúnmharú stairiúil.
I gcomhaid de chuid Roinn Gnóthaí Baile na Breataine a aimsíodh an fhianaise go ndearna breitheamh san Old Bailey, an Breitheamh Denman, eolas tábhachtach a choinneáil siar ón chúirt a thug le fios gur mheas an giúiré nach ‘le mailís’ a mharaigh Padaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill as Mín an Chladaigh, Gaoth Dobhair an brathadóir cáiliúil James Carey.
Dúnorgain seachas dúnmharú a bhíodh i gceist an uair sin dá ndéantaí duine a mharú gan mhailís agus ní bhíodh de thoradh air ach cúpla bliain príosúin in áit pionós an bháis trí chrochadh, nuair ba dhúnmharú le mailís a bhíodh i gceist.
Cúisíodh Padaí Mhicheáil Airt as dúnmharú Carey, fear a bhí i gceannas ar na Invincibles, an dream a bhí freagrach as Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce i mBealtaine na bliana 1882, tráth ar sádh agus ar maraíodh beirt den lucht údaráis ba shinsearaí sa tír, Thomas Burke agus an Tiarna Cavendish. D’iompaigh Carey ina bhrathadóir lena bheatha féin a shábháil agus thug sé fianaise in aghaidh a chomhghleacaithe a chinntigh gur crochadh cúigear acu.
Bhí Carey ar bord loinge ar chósta na hAfraice Theas agus é ag iarraidh éalú ar deoraíocht i ngan fhios don tsaol mhór nuair a mharaigh Padaí Mhicheáil Airt é. Bhí cead Ó Domhnaill a chur ar a thriail i Londain mar gur ar shoitheach a bhí cláraithe sa Bhreatain a tharla an marú agus iad i bhfarraigí idirnáisiúnta.
Chuir an Breitheamh Denman, a bhí gceannas ar éisteacht an cháis, na foirne cosanta agus ionchúisithe, an preas agus an chúirt i gcoitinne ar mhíthreoir nuair a chuir sé as a riocht agus nuair a leasaigh sé ceist dhíreach ón ghiúiré a thug le tuiscint gur chreid siad nach le mailís a rinneadh an marú, dar le heolas i leabhar nua The Queen v Patrick O’Donnell leis an údar Seán Ó Cuirreáin. Tá fadchlár faisnéise ar a bhfuil an teideal céanna bunaithe ar an leabhar agus craolfar é seo ar TG4 in 2022.
D’fhógair an breitheamh sa chúirt go raibh ceist scríofa faighte aige ón ghiúiré agus iad ag iarraidh a theacht ar chinneadh faoina mbreithiúnas agus an fhianaise ar fad cloiste acu agus gur mhian leo sainmhíniú a fháil ar a raibh i gceist le ‘malice aforethought’. Thuairiscigh na nuachtáin ar fad an freagra a thug an breitheamh ar an cheist a dúirt sé a bhí curtha air.
Tá an fhíorcheist a chuir an giúiré ar an bhreitheamh agus nár leigh sé os ard sa chúirt le fáil i gcomhad a bhaineann le cás Phadaí Mhicheáil Airt atá i gCartlann Náisiúnta na Breataine agus tá sé le tuiscint uaithi nach raibh deacracht ar bith ag an ghiúiré a raibh i gceist le ‘malice aforethought’ a thuiscint agus nár iarr siad sainmhíniú air. Ina áit sin, ba é an cheist a bhí acu ná an mbeadh an breitheamh sásta glacadh le breithiúnas uathu gur ‘dúnmharú gan mhailís’ a bhí i gceist sa chás seo.
“If we find prisoner guilty of murder without malice aforethought can you take that verdict” a bhí scríofa mar cheist acu.
“Tá sé fíorshuntasach gur chuir an breitheamh ceist an ghiúiré as a riocht, gur choinnigh sé siar í ón chúirt, agus gur chum sé ceist úr dá chuid féin nár chuir aon duine air le cur ina háit,” a deir údar an leabhair úir, Seán Ó Cuirreáin. “Casadh ollmhór a bhí anseo le haird a tharraingt ón cheist a d’fhág an fhoireann chosanta sa dorchadas agus a d’ullmhaigh an bealach don bhreithiúnas go raibh Ó Domhnaill ciontach as dúnmharú. Bhí an giúiré ag lorg treorach ón bhreitheamh, is é sin an nglacfadh sé le cinneadh uathu nach le mailís a rinneadh an dúnmharú, ach cuireadh an cheist dhlisteanach sin uathu as a riocht chomh mór sin go ndearnadh ceist cás ‘bás nó beatha’ do Phadaí Mhicheáil Airt di.”
Dúirt Ó Cuirreáin go raibh sé ‘suntasach’ nach raibh tagairt ar bith don cheist seo ón ghiúiré in athscríbhinn oifigiúil na cúirte. Thuairiscigh na nuachtáin ar fad an leagan leasaithe den cheist a dúirt an breitheamh a bhí curtha air mar nárbh eol dóibh rud ar bith faoi fhíorcheist an ghiúiré.
Ach tá an nóta lámhscríofa ar a raibh an cheist breactha síos le peann luaidhe gorm aimsithe le tuarascáil ina bhfuil 61 leathanach de nótaí a thóg an Bhreitheamh Denman é féin go cúramach le linn dhá lá na trialach agus a cuireadh i dtaisce ina dhiaidh sin i gcomhad ar a raibh treoir ar an chlúdach go gcoinneofaí faoi rún é ón phobal ar feadh breis agus 100 bliain – ‘Closed until 1985’ a bhí scríofa ar chlúdach an chomhaid.
Léigh an Breitheamh Denman amach ceist eile ar fad a bhí curtha ag an ghiúiré air níos luaithe agus iad i mbun machnaimh ar a gcinneadh agus rinne an fhoireann chosanta gearán faoin fhreagra a thug sé mar gur chreid siad go raibh sé claonta in aghaidh Uí Dhomhnaill agus ar son fhoireann na corónach sa chás. Fágadh an cheist seo ar lár ó athscríbhinn oifigiúil na cúirte chomh maith.
I Mín an Chladaigh, Gaoth Dobhair a rugadh Padaí Mhicheáil Airt Ó Domhnaill ach chaith sé leath a shaoil i Meiriceá agus ba ansin a chleacht sé gunna a bheith ar iompar aige i gcónaí. D’admhaigh sé gur scaoil sé agus gur mharaigh sé James Carey ar bord na loinge os comhair finnéithe ach dúirt sé gur á chosaint féin a bhí sé ag an am.
Bhí cúl tugtha ag Ó Domhnaill le Meiriceá agus é ar a bhealach chun na hAfraice Theas, áit a raibh súil aige a shaibhreas a dhéanamh sna mianaigh diamaint ansin, nuair a chas sé ar James Carey ar an turas farraige idir Londain agus Cape Town. Bhí sloinne bréige in úsáid ag an bhrathadóir agus é féin agus a theaghlach ag iarraidh teitheadh ar deoraíocht. Bhí olc agus fuath as cuimse ag pobal na hÉireann do Carey agus measadh gur tréas a bhí ann fianaise a thabhairt lena bheatha féin a shábháil agus comhghleacaithe a chrochadh.
Moladh mar laoch Ó Domhnaill, a bhí 45 bliain d’aois ag an am, mar gur mharaigh sé an brathadóir. Rinneadh ceiliúradh ar bhás Carey ar fud na tíre agus i measc an phobail Ghael-Mheiriceánaigh.
Bunaíodh Ciste Tacaíochta do Phadaí Mhicheáil Airt i Meiriceá agus cruinníodh $55,000 (c.$1.5 milliún in airgead an lae inniu) le foireann dlí chumasach a fhostú chun é a chosaint sa chúirt. Ó tharla go raibh saoránacht Mheiriceánach bronnta ar Ó Domhnaill le linn dó a bheith ina chónaí ansin, rinne Uachtarán Mheiriceá iarracht moill a chur ar an chinneadh go gcrochfaí é le súil is go bhfaighfí cúis le hachomharc a dhéanamh in aghaidh bhreith an bháis. Chuir mórscríbhneoir cáiliúil na Fraince, Victor Hugo suim ina chás chomh maith agus rinne sé teagmháil dhíreach leis an Bhanríon Victoria, ag iarraidh nach gcrochfaí é.
Diúltaíodh do na hachainíocha sin agus crochadh Padaí Mhicheáil Airt i bPríosún Newgate ar an 17 Nollaig 1883. Chinntigh a bhás faoi réimeas na Breataine gur bronnadh stádas náisiúnta mar laoch air sa bhaile agus i measc na nÉireannach thar lear mar dhuine a fuair ‘bás ar son na hÉireann’.
Tá dhá chros Cheilteacha tógtha ina onóir – ceann i Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath agus an ceann eile ina pharóiste dúchais Gaoth Dobhair, áit a mbíonn comóradh bliantúil ina chuimhne go fóill.
An comhlacht Four Courts Press a d’fhoilsigh The Queen v Patrick O’Donnell agus tá sé ar fáil ar phraghas €17.95 (clúdach bog) ar líne ó www.fourcourtspress.ie nó ó dhíoltóirí leabhar.
Beidh an chéad taispeántas den fhadchlár faisnéise The Queen v Patrick O’Donnell ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. Fógraíodh an tseachtain seo go bhfuil sé le taispeáint freisin ag Féile Idirnáisiúnta Scannán i Rhode Island Mheiriceá agus roghnaíodh é le gairid ar ghearrliosta do ghradaim ag féilte idirnáisiúnta scannán i Vancouver Cheanada agus Madrid na Spáinne chomh maith.
MacAnRí
Leabhar eile den chéad scoth ón údar Ó’Cuirreáin