Tabharfar an chéad taispeáint den scannán Gaeilge nua The Queen v Patrick O’Donnell ag Fleadh Scannán na Gaillimhe an mhí seo.
Insítear sa scannán scéal fear Gaeltachta a ghlac páirt i gceann de na comhchealga dúnmharaithe is mó trácht i stair na hÉireann.
Crochadh Pádraig Ó Domhnaill, nó Padaí Mhicheáil Airt, ó Ghaoth Dobhair in 1883 tar éis dó brathadóir, duine de na Invincibles, a mharú.
Déantar cur síos ar an marú agus ar thriail Uí Domhnaill san Old Bailey i Londain san fhadscannán dátheangach atá léirithe ag an bhfoireann chéanna a scríobh agus a léirigh Murdair Mhám Trasna.
Beidh The Queen v Patrick O’Donnell á shruthú ar líne idir an 22-25 Iúil mar chuid de Fhleadh Scannán na Gaillimhe 2021. Costas €7.50 atá i gceist leis an scannán a shruthú.
Is é Eoghan Mac Giolla Bhríde atá sa phríomhpháirt, Pádraig Ó Domhnaill, agus tá na haisteoirí Stephen Jones, Brídín Ní Mhaoldomhnaigh agus Sophie Campbell páirteach sa scannán freisin.
Tomás Seoighe atá ina stiúrthóir ar The Queen v Patrick O’Donnell agus is iad Ciarán Ó Cofaigh, Eilís Ní Cheallaigh agus Seán Ó Cuirreáin a bhí i mbun léirithe do ROSG, an comhlacht léiriúcháin Gaeltachta aitheanta.
Tá an scannán nua bunaithe ar thaighde fairsing a rinne Ó Cuirreáin, údar an leabhair Éagóir, ar an marú agus ar an triail.
Tá eolas nua sa scannán ó chomhad de chuid na Breataine a coinníodh ina rún ar feadh 100 bliain agus deirtear go dtabharfar tuiscint nua do dhaoine ar shaol agus ar chinniúint Phádraig Uí Domhnaill, a mharaigh an feallmharfóir agus an brathadóir James Carey amach ó chósta na hAfraice Theas sa bhliain 1883.
Beidh leabhar nua Sheáin Uí Chuirreáin faoin scéal, The Queen v Patrick O’Donnell, á sheoladh go poiblí an tseachtain seo chugainn.
Tá súil ag ROSG go mbeidh an chéad léiriú poiblí don phobal i gcoitinne ar siúl i nGaoth Dobhair níos deireanaí i mbliana má cheadaítear sin faoi na srianta sláinte de bharr Covid-19.
Beidh an scannán le feiceáil freisin ar TG4 in 2022.
Agus an clár do Fleadh Scannán na Gaillimhe á sheoladh aréir, fógraíodh go mbeadh dhá scannán Gaeilge eile á dtaispeáint le linn na féile.
Tá an t-aisteoir Dónal Ó Héalaí sa phríomhpháirt sa scannán Foscadh, a insíonn scéal fear soineanta tuaithe a chailleann a threo sa saol tar éis bás a mhuintire. Beidh an scannán, atá léirithe ag Tua Films, le taispeáint amuigh faoin aer ar an 23 Iúil nó is féidir an scannán a shruthú idir an 23-25 Iúil.
Fadscannán de chuid Doubleband Films é Doineann, scéal faoi chigire sna Gardaí a théann chuig oileán Gaeltachta amach ó chósta iarthuaisceart na tíre agus é de chúram uirthi dúnmharú a fhiosrú. Tá Peter Coonan, Bríd Brennan, Clare Monnelly, Seán T. Ó Meallaigh i measc na n-aisteoirí atá le feiceáil ann. Beidh Doineann á shruthú ar líne ar an 25 Iúil.
Fág freagra ar 'Scannán faoi fhear Gaeltachta a crochadh as duine de na Invincibles a mharú le taispeáint den chéad uair ag Fleadh Scannán na Gaillimhe'