‘Frithchaitliceachas’ curtha i leith an Rialtais ag sagart Gaeltachta agus cáineadh déanta aige ar shrianta Covid-19

Deir Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, Pádraig Ó Baoill, nach bhfuil ‘cothrom na Féinne’ á thabhairt don eaglais agus nach bhfuil bunús leis na srianta a chuireann bac ar thithe pobail a bheith ar oscailt

‘Frithchaitliceachas’ curtha i leith an Rialtais ag sagart Gaeltachta agus cáineadh déanta aige ar shrianta Covid-19

Pictiúr: Sam Boal/Rollingnews.ie

Tá cáineadh géar déanta ag Sagart Gaeltachta ar chur chuige ‘frithchaitliceach’ atá, dar leis, ag an Rialtas maidir leis na srianta Covid-19 atá i bhfeidhm i dtaca le tithe pobail agus tórraimh.

Deir Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair, Pádraig Ó Baoill, nach bhfuil “cothrom na Féinne” á thabhairt don eaglais agus nach bhfuil bunús leis na srianta a chuireann bac ar thithe pobail a bheith ar oscailt.

Ag labhairt dó ar an chlár Adhmhaidin ar Raidió na Gaeltachta, dúirt an tAthair Ó Baoill go bhfuil “frithchaitliceachas sa rialtas” agus go raibh Caitlicigh á gcur “in áit leo féin”.

“Sa bhliain 1709 nuair a bhí an bhanríon Anna i gcumhacht, ní raibh sé ceadaithe ag sagairt Aifreann a rá. Ach anois trí chéad agus aon bhliain déag níos moille, tá cosc ar shagairt Aifreann a rá go poiblí in Éirinn.”

Dúirt an tAthair Ó Baoill gur cheap sé go raibh “eisceacht” á déanamh den eaglais ó thús na paindéime i gcomparáid le dreamanna eile.

“Nuair a amharcann tú ar na scoileanna agus páistí brúite isteach ar a chéile, amharc ar ollmhargaí, níl an chuma air go bhfuil na rialacha céanna i gceist don eaglais,” a dúirt sé.

Dúirt Sagart Paróiste Ghaoth Dobhair gur “buille eile” don eaglais é “locht” a chur ar thórraimh agus ar fhairí ó thaobh scaipeadh an víris.

“Tá na rialacha sna tithe pobail níos déine ná mar atá siad i mórán áiteanna eile.

“Faire ar bith a chonaic mise, ní raibh iontu ach na teaghlaigh, na daoine atá ag casadh le chéile achan lá, na daoine atá i measc a chéile achan lá,” a dúirt sé.

Cé gur aontaigh an tAthair Ó Baoill gur gá do dhaoine a bheith cúramach agus daoine a choinneáil slán ón víreas, dúirt sé gur gá a bheith cúramach “ar dhóigh a thugann ceart agus cothrom na Féinne do dhaoine”.

Ag trácht dó ar ráitis a rinne Ard-Easpag Bhaile Átha Cliath, Diarmuid Martin, agus Easpag Dheoise Ráth Bhotha, Alan Mac Eochagáin, le déanaí faoin tábhacht a bhaineann le hathoscailt na dtithe pobail roimh Nollaig, dúirt an tAthair Ó Baoill go raibh “lúcháir” air gur labhair easpaig amach faoin scéal “ar deireadh thiar thall”.

“Cuirimse fáilte mhór roimhe sin, tá lúcháir orm gur labhair siad amach agus mar a deir siad, má tá sé mall, ach is fearr a bheith mall ná go brách ach bhí mise den tuairim gurb é an dearcadh a bhí ag na heaspaig i rith an ama seo ná ‘Is binn béal ina thost’ ach níl sin ceart i gcónaí.”

Dúirt an tAthair Ó Baoill gur mheas sé go mbeadh sé deacair ar an eaglais daoine a mhealladh ar ais chuig na tithe pobail agus go raibh iarrachtaí ar bun aige féin Aifreann poiblí rialta a rá ina pharóiste féin.

“Is cuma cibé rud a dhéanann tú, tá do lámha ceangailte mar tá an oiread sin rialacha ann. Deirimse Aifreann poiblí agus níl istigh ag an Aifreann ach mé féin agus tugann daoine sna gluaisteáin cluas le héisteacht.”

Dúirt sé nach raibh aon chúis nach bhféadfaí na tithe pobail a oscailt don phobal ar bhealach sábháilte agus gur cheart don rialtas éisteacht le mianta an phobail.
“Tá na tithe pobail breá mór. Tá neart fairsinge iontu agus níl contúirt ar bith nuair a choinneos daoine an fad ceart ó chéile, níl fáth ar bith nach dtig le neart daoine teacht go teach Dé,” a dúirt sagart paróiste Ghaoth Dobhair, Pádraig Ó Baoill.

Fág freagra ar '‘Frithchaitliceachas’ curtha i leith an Rialtais ag sagart Gaeltachta agus cáineadh déanta aige ar shrianta Covid-19'

  • An Fiach Liath

    Dia leis!

  • Maggi Uí Ghallchóir.

    Is maith an Sagairt Paróiste Ghaoth Dobhair Pádraig Ó Baoighill ag labhairt amach. Bhí an t-am ag an t-Easpaig Alan Mac Eochaigh labhairt amach faoin sceá.l Tá na Tithe Pobail breá mór agus neart fairsinge iontu. Na bhfuil na scoileanna agus na ollmhargaí foscailte, níl dabht ar bith níl cothrom na féinne a thabhairt don Eaglaise. Tá Dia laidir agus igcónaí linn.

  • Antóin

    An ceart ar fad ag an Athair Ó Baoill. Bulaí fir. Frithchaitliceachas go smior atá in uachtar anois. Mo náire na polaiteoirí uilig a bhfuil cnámh droma de dhíth orthu agus mo náire ar na hEaspaig a chuaigh i bhfolach agus a thug an chluas bhodhar dá bpobal dílis. Is fada ó a bheith ar mo shuaimhneas dom ag cáineadh na n-easpag ach ba ghearr go ndeachaigh an saol spioradálta i ndíchuimhne agus i ndearmad glan ar chuid acu. Cén uair dheireanach a d’amharc siad ar Bhunreacht na hÉireann?

    Airteagal 44.2.1
    “Ráthaítear go gach saoránach saoirse choinsiasa is saorchead admhála is cleachta creidimh, ach gan san a dhul chun dochair don ord phoiblí ná don mhoráltacht phoiblí”

    Ba bhuartha an saol a bhí ag Caitlicigh sa tír seo tríd na cianta. Nár smaoinigh siad ar na glúnta, a sinsir féin, a choinnigh aibhleoga dearga an chreidimh beo sa tír in aimsir na géarleanúna, ag spágáil trí gharbhshíon le gabháil ar a nglúine ag carraig Aifrinn in ascaill gleanna san iargúltacht?

    Céard faoi na daoine a fuair bás le déanaí, a thug tacaíocht don eaglais feadh a saoil, a sheas léi nuair a bhí scannail ag réabadh an chroí aisti ach a tréigeadh in am an ghátair. Tá mé ag caint anseo ar na haifreannaigh mhaithe dhílse a cuireadh sa chreafóg fhuar gan Aifreann. Náire shaolta.

    Samhlaigh é seo. Thig le céad duine nó níos mó siúl isteach i dteach pobail áit ar bit sa tír
    ag an am chéanna agus a gcuid urnaithe féin a rá ach chomh luath is a shiúlann an sagart amach ar an altóir le hAifreann ní chluinfidh na daoine sin ach na doirse á ndúnadh ina ndiaidh. Náire shaolta eile.

    Ach é sin ráíte tá lúcháír orm go bhfuil roinnt sagart thart fán tír atá lán toilteanacht freastal ar phobal Dé go fóill. Tá moladh ag dul dóibh. Dia go gcuire rath ar bhur n-obair.

    Agus Dia idir iad agus an tAcht um Cheartas Coiriúil (Ord Poiblí).