Níl aon fhianaise ar éileamh le haghaidh oideachas imeasctha, a deir O’Dowd

Ach maíonn dlíodóirí an fhreasúra go raibh an próiseas cinnidh lochtach

An tAire John O'Dowd
An tAire John O’Dowd

Níl aon fhianaise ar éileamh le haghaidh oideachas imeasctha i gceantar ina bhfuil scoil Chaitliceach atá ag iarraidh í féin a shábháil ó bhaol a dúnta trí dhul i dtreo na hearnála sin, a dúradh san Ard-Chúirt inniu.

Mhaígh Abhcóide an Aire Oideachais John O’Dowd nach raibh áiteanna á líonadh agus go raibh bunscoileanna eile ag freastal ar leanaí áitiúla sa cheantar céanna is a bhí Bunscoil Clintyclay.

Lena chois sin, thug sé droim láimhe leis an méid a bhí á thabhairt le fios ag daoine maidir leis an Uasal O’Dowd a bheith claonta agus é ag cinneadh an scoil i nDún Geanainn, Co. Thír Eoghain, a dhúnadh. Cuireadh an cinneadh sin i gcomparáid le ceadú an Aire scoil nua lán-Ghaeilge a oscailt gar do Dhún Geimhin i gCo. Dhoire – cinneadh a tháinig salach ar chomhairle a roinne.

Arsa Abhcóide na Banríona, Tony McGleenan leis an méid sin: “Ag cur úll i gcomparáid le horáistí atáimid.”

Mheabhraigh an t-abhcóide gurbh ionann cinneadh scoil lán-Ghaeilge a oscailt agus an dara scoil dá leithéid i dTuaisceart Éireann a bhunú agus gur chuige sin a bhíothas agus an cinneadh á dhéanamh. Ag díriú a airde ar an moladh go ndúnfaí scoil Clintyclay, dúirt sé: “Sa chás seo, táimid ag amharc ar scoil nach mairfidh a dhúnadh.”

Tá seacht gcinn déag de bhunscoileanna eile, cibé acu ina scoileanna imeasctha nó ina scoileanna faoi chothabháil iad, suite taobh istigh de chúig mhíle ó Clintyclay, a dúirt sé.

Tá athbhreithniú breithiúnach á dhéanamh ar chinneadh an Uasail O’Dowd an scoil a dhúnadh níos deireanaí i mbliana. Toisc go bhfuil níos lú ná 30 dalta ar na rollaí ag an scoil, tá sé molta ag an gComhairle um Scoileanna Caitliceacha faoi Chothabháil (CCMS) gur cheart í a dhúnadh.

Diúltaíodh do mholadh eile a rinne Bord Gobharnóirí Bhunscoil Clintyclay go n-athrófaí stádas bainistíochta na scoile i dtreo is go n-aithneofaí í mar scoil imeasctha atá faoi chothabháil stáit. Agus dúnadh na scoile á fhógairt aige, dúirt an tAire gur fhág uimhreacha ísle na rollaí sa scoil nárbh fhéidir léi maireachtáil níos mó.

De bhrí nach mairfeadh sí sa bhfadtéarma, ní raibh de rogha ann stádas imeasctha a bhronnadh ar scoil Clintyclay, a dúirt sé. Tá a chinneadh á scrúdú ar bhonn breithiúnach anois, áfach.

Maíonn dlíodóirí tuismitheoirí duine de leanaí na scoile go raibh an próiseas lochtach. Ach le linn dó bheith ag cur a chuid aighneachtaí os comhair na cúirte, dúirt an tUasal McGleenan: “Níl aon fhianaise faoi láthair ann ar éileamh breise a bheith ar áiteanna imeasctha sa cheantar.”

D’áitigh sé go raibh forluí nó trasnáil taobh istigh den earnáil.

Tá scoil amháin sa cheantar nach bhfuil 78 áit líonta aici, a dúirt an t-abhcóide.

Leanfar leis an gcás.

Fág freagra ar 'Níl aon fhianaise ar éileamh le haghaidh oideachas imeasctha, a deir O’Dowd'