Ag fuineadh de réir na mine a bheidh O’Neill arís sa Bhreatain Bheag

Agus go leor imreoirí in easnamh ar Éirinn, ní beag an dúshlán atá rompu anocht in aghaidh na Breataine Bige sa chéad bhabhta de Chomórtas Sraithe na Náisiún UEFA i Staid Cardydd

Ag fuineadh de réir na mine a bheidh O’Neill arís sa Bhreatain Bheag

Martin O'Neill, bainisteoir fhoireann na hÉireann a thabharfaidh aghaidh ar an mBreatain Bheag anocht. Pictiúr: INPHO/Ryan Byrne

Is mó caint atá déanta le seachtain anuas faoi na himreoirí sin nach mbeidh ar fáil d’Éirinn anocht ná iad siúd a chuirfidh chun páirce in aghaidh na Breataine Bige sa chéad bhabhta de Chomórtas Sraithe na Náisiún UEFA i Staid Cardydd.

Beirt is mó is cúis leis an gcaint go léir – Declan Rice, atá i mbun machnaimh faoi cé acu an bhfanfaidh sé le hÉirinn nó an rachaidh sé leis na Sasanaigh, agus Harry Arter, atá ag díriú ar an gclub faoi láthair agus tuairiscí ann go raibh titim amach aige le Roy Keane.

Gortuithe is cúis le tréimhse machnaimh a bheith ag na daoine eile go léir atá in easnamh – Shane Long, Robbie Brady, Scott Hogan, James McCarthy Sean Maguire agus James Mclean.

Ní mór na roghanna mar sin atá ag O’Neill agus é d’uireasa cuid de na himreoirí is fearr agus is mó taithí atá aige.

Níl an scéal baileach chomh holc i measc na gcosantóirí, mar a bhfuil seisear den naonúr acu sa scuad le clubanna i bPríomhroinn Shasana.

Údar dóchais é sin.

Níor bhuaigh an Bhreatain Bheag ar Éirinn in aon cheann de na cúig chluiche dheireanacha a bhí eatarthu, agus níor éirigh leo an cúl amháin féin a fháil i gceithre cinn acu sin.

Ní nós ag Éirinn aon bhabhta mór scórála a dhéanamh ach oiread agus níor éirigh leo aon chúl a fháil sna trí chluiche dheireanacha a bhí acu as baile.

Ar ndóigh beidh fonn díoltais ar na Breatnaigh anocht ó tharla gurbh iad foireann Martin O’Neill a chinntigh nach raibh seans acu cáiliú do Chorn an Domhain sa Rúis. Murar leor sin mar spreagadh acu beidh fonn millteach ar Ryan Giggs an ceann is fearr a fháil ar Éirinn sa chéad chluiche iomaíoch aige agus an chéad chluiche baile aige mar bhainisteoir.

Murab ionann agus O’Neill tá teacht ag Giggs ar na himreoirí is tábhachtaí aige go léir, leithéidí Arron Ramsey Arsenal, Ben Davies Spurs agus Gareth Bale Real Madrid.

Ag brath ar leithéidí an chliathánaí Callum Robinson, atá ag imirt go maith do Preston North End faoi láthair, a bheidh Éire más fúthu deacrachtaí a chruthú do chosantóirí na Breataine Bige.

Go deimhin seachas an seisear sin i measc na gcosantóirí níl ach imreoir príomhroinne amháin eile i scuad na hÉireann, Jeff Hendrick, a bhíonn thuas seal thíos seal le Burnley le tamall.

Níl aon amhras ach gur údar lagmhisnigh d’Éirinn ab ea an bealach neafaiseach a chuir an Danmhairg de dhroim seoil iad sa chluiche cáilithe úd do Chorn an Domhain. Ní haon chabhair ach oiread scéalta Arter agus Rice.

‘Ní mór an tsrathair a chur ar an gcapall ceart’ a dúirt an cúl báire Darren Randolph an tseachtain seo agus é ag aontú leis an gcur chuige coimeádach a luaitear le Martin O’Neill.

Is cinnte gur ag fuineadh de réir na mine a bheidh foireann na hÉireann anocht.

Dea-scéal amháin é d’Éirinn go bhfuil Randolph ar ais agus níor lig sé aon chúl isteach i gcúig cinn de na sé chluiche atá imeartha aige do Middlesboro ó thús an tséasúir.

D’fhéadfadh go mbeadh sé gnóthach anocht, ach fíorbheagán cúl a bhíonn ann de ghnáth nuair a chastar na foirne seo ar a chéile. Drochsheachtain a bhí inti d’fhoireann na hÉireann ach má éiríonn le O’Neill meon an léigir a chothú i measc na n-imreoirí atá ar fáil dó, d’fhéadfadh go mbeadh dóthain acu chun foireann Giggs a choinneáil ó dhoras agus comhscór a fháil.

Fág freagra ar 'Ag fuineadh de réir na mine a bheidh O’Neill arís sa Bhreatain Bheag'