89 cás nua ó dheas agus 71 cás nua ó thuaidh, trí cinn eile de bhásanna fógartha

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna go léiríonn mionanailís atá déanta ar líon agus ar chineál na gcásanna le seachtain anuas go bhfuil “an eipidéim ag fás an-mhall” in go leor contaetha, Baile Átha Cliath san áireamh.

89 cás nua ó dheas agus 71 cás nua ó thuaidh, trí cinn eile de bhásanna fógartha

An tOllamh Philip Nolan ó NPHET. Pictiúr:Leah Farrell / Rollingnews.ie

Triúr eile tar éis bháis de bharr an choróinvíris, de réir na bhfigiúirí is déanaí ó na ranna sláinte thuaidh agus theas tráthnóna.

Bás amháin agus 89 cás nua den Covid-19 a bhí le fógairt ag an Roinn Sláinte ó dheas tráthnóna. Deimhníodh gur bhásaigh an duine sin i mí an Mheithimh agus nár bhásaigh aon duine de dheasca an ghalair ó dheas le coicís anuas.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET tráthnóna go léiríonn mionanailís atá déanta ar líon agus ar chineál na gcásanna le seachtain anuas go bhfuil “an eipidéim ag fás an-mhall” in go leor contaetha, Baile Átha Cliath san áireamh.

Baineann go leor de na cásanna le teaghlaigh, a dúirt sé.

Dúirt an tOllamh Nolan go raibh ráta scaipthe an ghalair, an uimhir R, beagáinín os cionn 1 agus go bhféadfadh sé a bheith chomh hard le 1.2. Chaithfí obair le chéile chun an uimhir R a bhrú faoi bhun 1 arís, a dúirt an tOllamh Nolan.

Thug sé le fios chomh maith go raibh ardú ar líon na ndaoine níos sine a bhfuil a bhfuil an galar á tholgadh acu.

Thart ar 35 an líon othar ar an meán Covid-19 a bhíonn sna hospidéil gach lá anois, i gcomparáid le thart ar 10 roinnt seachtainí ó shin. Tá líon na ndaoine sna haonaid dianchúraim “fós íseal”, a dúirt an tOllamh Nolan. Scaipeadh sa phobal an bun a bhí le 20% de na cásanna nua den ghalar le roinnt seachtainí anuas.

Bhain 52 den 89 cás nua a fógraíodh inniu le Baile Átha Cliath agus 15 cás a bhí i Luimneach.

Bhain an 21 cás eile le 13 contae eile, Corcaigh, Port Láirge agus contae na Mí ina measc.

Deimhníodh chomh maith tráthnóna gur bhain 56% de na cásanna nua le ráigeanna den Covid-19 nó le daoine a raibh gartheagmháil acu le daoine eile a raibh tástáil dheimhneach don ghalar faighte acu.

Bhain ocht gcás nua inniu le scaipeadh sa phobal.

Bhí 63% de na daoine a bhí buailte faoi bhun 45 bliain d’aois.

Níos luaithe tráthnóna, d’fhógair Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh beirt eile tar éis bháis de dheasca an choróinvíreas.

Fear agus bean a bhí i gceist agus bhí na ceithre scór bliain slánaithe acu beirt.

Fuair an fear bás in ospidéal i gcontae Aontroma inné agus is i dteach altranais i gcontae an Dúin a bhásaigh an bhean Dé hAoine seo caite.

71 cás nua a bhí le fógairt ag an Roinn Sláinte ó thuaidh inniu.

2,339 duine atá curtha den saol ag an ngalar in Éirinn ó thosach na paindéime, 1,777 duine ó dheas den teorainn agus 562 duine ó thuaidh di.

36,479 cás den ghalar atá deimhnithe ag na húdaráis sláinte, 29,114 cás ó dheas agus 7,365 ó thuaidh.

Agus é ag caint ar Today with Clare Byrne ar RTÉ Radio 1 inniu dúirt Paul Reid, Príomhfheidhmeannach Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go raibh “imní” ar lucht sláinte faoin ngeimhreadh seo chugainn mar go mbíonn “95% de na leapacha ospidéil lán” go hiondúil agus go mbíonn “os cionn 100%” acu lán sa ngeimhreadh – agus sin gan an coróinvíreas a bheith thart chor ar bith.

Mar bharr air sin caithfear na seirbhísí leighis a cuireadh ar ceal le sé mhí de bharr na paindéime a chur ar fáil arís.

Dúirt Reid go raibh bail níos fearr ar an tír anois ná a bhí san Aibreán, d’ainneoin 115 cás ar an meán a bheith deimhnithe le cúig lá anuas. Tá líon na ndaoine atá san ospidéal agus in aonaid dianchúraim i bhfad níos ísle agus tá an tástáil níos gasta. 42 duine a bhí in ospidéil inniu de bharr an choróinvíris i gcomparáid le 879 duine san Aibreán.

Dúirt an Príomhfheidhmeannach go raibh sé an-tábhachtach go mbeadh daoine an-fhaichilleach agus cloí leis na treoracha sláinte phoiblí mar gurb iad na bearta sin 80% den chosaint atá againn in aghaidh an víris.

Dúirt Reid go mbeadh vacsaín in aghaidh an fhliú ar fáil do dhá mhilliún duine ó lár na míosa seo agus go dtabharfaí tosaíocht do dhaoine atá amach sna blianta agus dóibhsean a bhfuil fadhbanna sláinte acu.

Tá súil aige go mbeidh vacsaín fliú mar sprae sróine le fáil do leanaí idir dhá bhliain agus dhá bhliain déag faoi lár mhí Dheireadh Fómhair.

Dúirt Reid nach bhfuil daoine óga “beag beann ar Covid-19” agus go bhfuil an “baol céanna ann i gcónaí” go dtabharfaidh siad an víreas do dhaoine aosta nó daoine a bhfuil a sláinte leochaileach.

Léiríonn na figiúirí carnacha is déanaí thar 14 lá ón Lárionad Eorpach um Rialú Galar go raibh an galar tolgtha ag 31.1 duine as gach 100,000 sa tír seo.

Sa Dáil inniu, dúirt an tAire Dlí agus Cirt Helen McEntee go bhfuil reachtaíocht nua á moladh aici a thabharfadh cumhachtaí breise do na gardaí agus a cheadódh dóibh teach tábhairne a dhúnadh ar feadh míosa sa chás go ndiúltódh an tábhairneoir cloí leis na rialacha maidir leis an tsláinte phoiblí.

Réiteodh an reachtaíocht nua sin an bealach d’athoscailt na dtithe óil nach mbíonn bia ar fáil iontu, a dúirt an tAire Dlí agus Cirt.

Fág freagra ar '89 cás nua ó dheas agus 71 cás nua ó thuaidh, trí cinn eile de bhásanna fógartha'