Tá níos mó éilimh i mBaile Átha Cliath ná mar atá in aon chontae Gaeltachta sa tír ar na pacáistí tacaíochta teaghlaigh a tugadh isteach nuair cuireadh deireadh le Scéim Labhairt na Gaeilge.
De réir figiúirí nua atá faighte ag Tuairisc.ie, go dtí seo i mbliana, sheol Roinn na Gaeltachta 231 pacáiste amach go teaghlaigh i mBaile Átha Cliath, idir chontae agus chathair, ach níl ach 62 curtha chomh fada le contae agus cathair na Gaillimhe, áit a bhfuil an Ghaeltacht is láidre sa tír.
Seoladh 28 pacáiste go Contae Chiarraí, 47 go Contae Chorcaí, 18 go Contae Dhún na nGall, 27 go Contae na Mí agus 17 go Contae Phort Láirge.
698 pacáiste tacaíochta teanga a dáileadh ar theaghlaigh go dtí seo i mbliana i gcomparáid le 752 pacáiste don bhliain 2014 ar fad.
Seoladh 28 pacáiste go Contae Chiarraí, 47 go Contae Chorcaí, 18 go Contae Dhún na nGall, 27 go Contae na Mí agus 17 go Contae Phort Láirge.
Nuair a tugadh na pacáistí isteach maíodh go ndíreofaí ar theaghlaigh Ghaeltachta ach go mbeadh teacht ag teaghlaigh atá ag tógáil a gclainne le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht orthu freisin.
Tá 698 pacáiste tugtha amach ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta go dtí seo i mbliana agus a bhformhór sin seolta chuig daoine i mBaile Átha Cliath. Chuaigh 15 acu do theaghlaigh thar lear.
San áireamh sna pacáistí tá leabhair agus dlúthdhioscaí; ábhar ó TG4, ina measc DVD, cluichí agus póstaer; leabhar agus DVD ‘Ó Ghlúin go Glúin’ ina dtugtar treoir do thuismitheoirí faoi thógáil clainne le Gaeilge; paimfléad dar teideal ‘Tobar na Teanga’ ina bhfuil stór focal do thuismitheoirí; agus leabhrán dar teideal ‘10 gCúis Mhaithe le Gaeilge a labhairt le do pháiste’.
Tugadh isteach scéim na bpacáistí tacaíochta teaghlaigh nuair a tháinig deireadh le scéim labhairt na Gaeilge.
Sa bhliain deiridh de Scéim Labhairt na Gaeilge, 2011, bronnadh deontas ar 2,760 teaghlach Gaeltachta as an 3,370 a chuir iarratas isteach. Fuair 2,322 acu sin deontas iomlán agus 438 díobh cuid de dheontas.
Bhronntaí deontas ar theaghlach a chruthaíodh do chigirí an Stáit gurbh í an Ghaeilge teanga an tí agus go raibh cumas sa teanga sin ag gasúir an tí.
Bhí Scéim Labhairt na Gaeilge i bhfeidhm ó na 1930idí ach fuarthas réidh leis sa bhliain 2011 agus tháinig an Clár Tacaíochta Teaghlaigh isteach ina háit i 2012.
Sa phacáiste tacaíochta teanga a seoladh in Aibreán 2012, bhí leabhrán ann a raibh sé mar chuspóir aige comhairle phraiticiúil a chur ar fáil do thuismitheoirí maidir le páistí a thógáil le Gaeilge. Bhí dlúthdhiosca agus leabhar rannta do pháistí sa chéad phacáiste a dáileadh ar theaghlaigh freisin.
Gealladh ag an am go mbeifí ag cur le hábhar an phacáiste de réir a chéile agus go gcinnteofaí go mbeadh ábhar ann a bheadh oiriúnach do na canúintí éagsúla.
Cuireadh leis an bpacáiste sa tréimhse i ndiaidh a sheolta, ach níl aon athrú tagtha ar an ábhar atá ar fáil ann ó 2013.
Líon na bpacáistí tacaíochta teaghalaigh a dáileadh de réir contae i 2014 agus 2015
Contae | 2014 | 2015 |
An Cabhán | 1 | 12 |
An Clár | 5 | 11 |
An Dún | 5 | 1 |
An Longfort | 1 | 1 |
Aontroim | 62 | 12 |
Ard Mhacha | 8 | 0 |
Baile Átha Cliath | 170 | 231 |
Ciarraí | 64 | 28 |
Ceatharlach | 9 | 7 |
Cill Cainnigh | 1 | 4 |
Cill Dara | 31 | 29 |
Cill Mhantáin | 8 | 27 |
Corcaigh | 56 | 47 |
Doire | 18 | 0 |
Dún na nGall | 29 | 18 |
Fear Manach | 3 | 0 |
Laois | 4 | 5 |
Liatroim | 1 | 0 |
Loch Garman | 11 | 11 |
Lú | 20 | 10 |
Luimneach | 11 | 26 |
Maigh Eo | 21 | 58 |
Muineachán | 3 | 2 |
Gaillimh | 115 | 62 |
An Iarmhí | 2 | 12 |
An Mhí | 43 | 27 |
Port Láirge | 7 | 17 |
Ros Comáin | 2 | 5 |
Sligeach | 1 | 8 |
Tiobraid Árann | 6 | 5 |
Tír Eoghain | 10 | 1 |
Uíbh Fháilí | 0 | 6 |
Thar Lear | 21 | 15 |
Eile | 3 | 0 |
IOMLÁN | 752 | 698 |
Aonghus Ó hAlmhain (@aonghusoha)
Ní díol iontais é. Tá na pacáistí níos feiliúnaí do mhuintir na hIar-Ghaeltachta. Bheadh go leor de na rannta seo sa bhaile ag cleas na Gaeltachta..
Cordelia Nic Fhearraigh
An bhfuil ábhar sna pacáistí seo a fhóireann do na canúintí éagsúla? Caidé’n mhaith teaghlach sa Ghaeltacht ag foghlaim teanga an Stáit nuair nach sin an chanúint a labhraítear sa Ghaeltacht áirithe ina bhfuil siad ina gcónaí?
Máire Uí Dhufaigh
Níl haon iontas é nach bhfuil tóir ar na pacáistí seo sna Gaeltachtaí. Tuige nach raibh na canúintí i gceist ón gcéad lá más ar thuismitheoirí na Gaeltachta a bhí siad dírithe? Ní bheadh mórán i gceist …tá go leor den ábhar ann cheana féin ach é a tharraingt ina chéile.