5 amhrán ón taobh tuathail…

Ina ‘Thuairisc ón dTaobh Tuathail’ roghnaíonn Cian Ó Cíobháin ceithre cinn d’amhráin a bhíonn á gcasadh go rialta aige mar aon le ‘Ceann ón gCartlann’, seanphort a bhfuil draíocht ag baint leis i gcónaí…

Cian image

Code & Mecca – In Cold Blood

Tá rianta drum’n’bass d’ardchaighdeán ar fad á n-eisiúint ag an lipéad Subtle Audio ó bunaíodh iad i Luimneach 10 mbliana ó shin. Code a thugann Conor O’Dwyer, ceannasaí an lipéid, air féin agus Mecca is ea a dhlúthchara Marcel Moorcroft. Is é an aidhm atá acu ná ceol d’n’b a chumadh a choraíonn an intinn chomh maith leis na cosa agus an sprioc san comhlíonta go maith acu ar an rian seo, a bheidh ar fáil ar cheirnín 12” an mhí seo chughainn. Is mó cor atá sa phort, idir na míreanna aimbiacha, na drumaí miotalacha is na giotaí samplacha d’fhear ag caint a chuireann saothar Burial i gcuimhne dom.

Lauer – Alright (with Ela)

Níl aon teaspach ar an léiritheoir Philip Lauer ó Frankurt am Main. Tá a dhara albam Lauer díreach eisithe aige. Borndom an teideal air agus tá sé ar fáil anois ar Permanent Vacation. Bheadh aithne ag damhsóirí air as an gceol atá eisithe aige le Gerd Janson (faoin ainm Tuff City Kids) agus i dteannta Christian Beibwenger (faoin ainm Mwambe). Ach, i gcás a albaim nua séiseach, is rianta uirlise aonair don chuid is mó atá le clos air, le cúpla pop-amhrán déanta don samhradh ina measc, mar a léiríonn an sampla breá aerach seo a chuir sé le chéile i dteannta an amhránaí Ela.

Ten Walls – Sparta

Ón Liotuáin do Marijus Adomaitis agus le dhá shamradh anuas, d’eisigh sé dhá cheirnín mór le rá a casadh gan stad ná staonadh ag cóisearacha Ibiza (Requiem agus Walking With Elephants) agus in ollchlubanna na hEorpa. Braithim go ndéanfaidh an ceirnín seo an bheart sna hionaid chéanna chomh maith agus é curtha amach aige in am don samhradh thall ar an ‘Oileán Bán’. Leanann sé foirmle aitheanta na gceirníní eile: dord teolaí is prásúirlisí práinneacha. Taitníonn sé liom anois ach géillim go bhfuil an seans ann go mbeidh mé bréan de nuair ná beidh aon éalú uaidh sna seachtainí romhainn.

Bambook – Tow The Line feat. Name One

Beirt léiriteoirí ó Stockholm na Sualainne is ea Bambook mar a thugann siad orthu féin nuair atá siad sa stiúideo. Ar an gceirnín álainn nua house seo, cloisimid glór Name One a bhí le clos ag amhránaíocht ar ‘Midnight Walking’, ceirnín a d’eisigh Adriatique anuraidh. Tá bua ar leith ag an gceirnín nua seo: dá mbeadh ar dhuine buille faoi thuairim a thabhairt maidir le caithin a cruthaíodh é, d’fhéadfadh sé aon bhliain le scór blianta anuas a lua. Tá lorg na síoraíochta air. Is cé go bhfuil atmaisféar doimhin le mothú sna ceirníní, tugann luas na ndrumaí fuinneamh aisteach don bport ná beadh ann dá cheal.

Ceann ón gCartlann

Donnie & Joe Emerson – Baby

Chuireas aithne ar an amhrán aláinn grá seo nuair a dhein Ariel Pink a leagan féin de sa bhliain 2012. Ó Fruitland, Washington do na deartháireacha a chum é an chéad lá – Donnie agus Joe Emerson. Bhí feirm mhór ag a n-athair (1,600 acra) agus sna seachtóidí chaitheadar a gcuid ama ar fad ag obair ann. Ach sa bhliain 1978, cheannaigh fear an tí tarracóir le raidió AM-FM inti agus is ansan a thit na deartháireacha óga i ngrá le pop-cheol. Ní hamháin san ach nuair a thosnaíodar ag cumadh ceoil, dhein a n-athair infheistíocht mhór ann. Thóg sé stiúideo de luach $100,000 ar an bhfeirm, áit ar taifeadadh na hamhráin uile atá le clos ar Dreamin Wild, ceann de mhórcheirníní na seachtóidí. Seo seod mall, rómansúil ón albam sin.

– Cuireann Cian Ó Cíobháin An Taobh Tuathail i láthair ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ó Luan go hAoine, 22.00 – 00.00

https://www.rte.ie/rnag/an-taobh-tuathail/

Fág freagra ar '5 amhrán ón taobh tuathail…'