4 Rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí

Bhí idir dhea-thorthaí agus drochthorthaí ag na cúigí an deireadh seachtaine seo, ach céard atá foghlamtha acu?

Darragh Leader dejected after the game 9/1/2015
Imreoir Chúige Chonnacht, Darragh Leader, tar éis gur chaill a fhoireann i gcoinne Dhún Éideann. Pictúr: INPHO/James Crombie

Ní buntáiste an bháisteach do Chonnacht i gcónaí

Ag breathnú ar an aimsir oíche Dé hAoine, cheapfá go raibh oíche fhoirfe ann do na Connachtaigh. Is ar laethanta fliucha, gaofara a bhain fir an iarthair a gcáil amach, ag fáil an ceann is fearr ar an aimsir agus ar a gcéilí comhraic ar an bpáirc sceirdiúil seo ar chósta an Atlantaigh.

Le himreoirí ar nós Mils Muliaina, Bundee Aki agus Miah Nikora, b’fhéidir go bhfuil na Connachtaigh ag bogadh i dtreo stíl imeartha nua, ach pé rud ba chúis leis, bhí siad ag streachailt leis an aimsir ar an Aoine. Cé go raibh siad chun cinn ag an mbriseadh, 13-7, níor éirigh leo scór amháin a aimsiú sa dara leath agus d’úsáid Dún Éideann cóir na gaoithe chun tairbhe dóibh féin sa dara leath.

Is é seo an chéad cluiche a chaill Connacht i nGaillimh sa tsraith i mbliana agus is ceann tábhachtach a bhí ann mar is iad Dún Éideann ceann de na foirne a bheidh san iomaíocht leo don séú háit tábhachtach sin sa tsraith.

Keith Earls tackled by Dario Chistolini 10/1/2015
Keith Earls ag éalú ó ghreamú sa chéad cluiche a bhí aige le tamall. Pictúr: INPHO/Giuseppe Fama

 

Cúige Mumhan ag teacht faoi bhláth ag an am ceart

Le cluiche thar a bheith tábhachtach i gcoinne Saracens an Satharn seo chugainn, seo é díreach an cineál taispeántais a bhí ó Anthony Foley. Ní hamháin gur bhuaigh na Muimhnigh an pointe bónais go luath sa dara leath, ach tháinig Keith Earls agus Dave Foley ar ais ó ghortuithe chun páirt a ghlacadh sa chluiche chomh maith.

Bhí an cluiche seo thart roimh leath ama nuair a thrasnaigh Conor Murray an líne úid chun Cúige Mumhan a chur 24-0 chun cinn. Is é Simon Zebo a chinntigh an pointe bónais go luath sa dara leath agus cé gur fhág Murray an pháirc le gortú, dúirt Foley go mbeidh sé togha don turas go Londain an deireadh seachtaine seo.

An t-imreoir láir, Noel Reid, ag aimsiú an chéad úd do Chúige Laighean sa mbua i gcoinne Cardiff Blues. Pictúr: INPHO/Ian Cook
Noel Reid, ag aimsiú an chéad úd do Chúige Laighean sa mbua i gcoinne Cardiff Blues. Pictúr: INPHO/Ian Cook

Easpa Smachta Cardiff ag cabhrú le Cúige Laighean

Bíonn cluiche beagáinín níos éasca nuair nach bhfuil tú ach ag imirt i gcoinne 13 imreoir agus sin go díreach a tharla do Chúige Laighean an deireadh seachtaine seo sa Bhreathain Bheag.

Agus iad 13-5 chun deiridh díreach roimh leath ama, tugadh ábhar dóchais do na Laighnigh nuair a cuireadh Jarrad Hoeata den pháirc tar éis greamú contúirteach a dhéanamh ar Rob Kearney.

Rinne na Blues rudaí níos éasca fós dá gcéilí comhraic tar éis an bhriseadh nuair a cuireadh Manoa Vosawai sa loca pionóis. Thug sé seo an deis do Noel Riedh agus Jimmy Gopperth úid a fháil agus deis ar bhua a thabhairt do na Laighnigh.

Agus fiche nóiméad fágtha, bhí Vosawai ar ais ar an bpáirc ach ní raibh sé in ann Luke McGrath a stopadh. Chuir an leathchúlaí Cúige Laighean chun tosaigh agus chinntigh Tadhg Furlong an pointe bónais leis an gceathrú húd roimh dheireadh an chluiche.

Paddy Jackson i mbun scóráil cuid de na 14 phointe a d’aimsigh sé i gcoinne Treviso an deireadh seachtaine seo. Pictúr: INPHO/Giuseppe Fama
Paddy Jackson i mbun scórála. 14 phointe a d’aimsigh sé i gcoinne Treviso an deireadh seachtaine seo. Pictúr: INPHO/Giuseppe Fama

Tugann Jackson ábhar macnaimh do Schmidt

Cailllfidh Jonathon Sexton ar a laghad an chéad cluiche den Chomórtas Sé Naisiún, agus beidh Joe Schmidt ag lorg imreoir eile chun geansaí uimhir a 10 a líonadh. Cé nach bhfaca muid Paddy Jackson ar bharr a mhaitheasa i ngeansaí na hÉireann go dtí seo, léirigh sé na scileanna atá aige sa chéad leath i gcoinne Treviso inné.

Rinne Cúige Uladh scrios sa chéad 25 noiméad le Jackson ag stiúradh na himeartha. D’aimsigh sé féin an chéad úd tar éis cic dá chuid féin a bhailiú agus thug sé an pas do Tommy Bowe chun na hUltaigh a chur níos faide chun cinn.

San iomlán, d’aimsigh Jackson 14 phointe sa chéad leath agus, cé gur thit an tóin as foireann Neil Doak sa dara leath, má choinníonn sé ag imirt ar ardchaighdeán mar seo, feicfidh muid Jackson i ngeansaí na hÉireann gan mhoill.

Fág freagra ar '4 Rud a d’fhoghlaim muid ó chluichí na gcúigí'