358 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte, vacsaín faighte ag 70% de dhaoine fásta sa Tuaisceart

102 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil ó dheas den teorainn agus tá 39 díobhsan in aonad dianchúraim

358 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte, vacsaín faighte ag 70% de dhaoine fásta sa Tuaisceart

Tá 358 cás nua den Covid-19 deimhnithe an Roinn Sláinte tráthnóna.

102 othar atá buailte ag an Covid-19 atá sna hospidéil agus tá 39 díobhsan in aonad dianchúraim.

Ní raibh aon fhigiúirí le fáil inniu ach an oiread faoi bhásanna, faoi vacsaíní ná faoi líon na gcásanna sna contaetha éagsúla de bharr an chibirionsaithe a rinneadh ar an HSE an tseachtain seo caite.

D’fhógair Roinn Sláinte Thuaisceart Éireann inniu go raibh beirt eile básaithe de dheasca an víris. 104 cás nua a deimhníodh.

38 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá triúr acusan in aonad dianchúraim.

Tá breis is milliún duine i dTuaisceart Éireann anois tar éis an chéad dáileog den vacsaín Covid-19 a fháil, de réir na staitisticí is deireanaí. Tugadh an chéad dáileog do 1,000,928 duine ar fad, beagnach 70% de líon na ndaoine fásta i dTuaisceart Éireann. Tá an dara dáileog faighte ag 567,117 duine.

Ar a laghad 7,089 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,152 duine ó thuaidh den teorainn agus 4,937 duine ó dheas di.

377,682 cás a deimhníodh go nuige seo in Éirinn, 255,612 cás ó dheas den teorainn agus 121,714 cás ó thuaidh di.

Idir an dá linn, beidh deis ag daoine idir 40-49 bliain d’aois clárú leis an HSE do vacsaín in aghaidh an Covid-19 ón lá amárach. Tosófar amárach le daoine atá 49 bliain.

Vacsaíní mRNA amhail Pfizer agus Moderna a chuirfear ar fáil don aoisghrúpa seo ar dtús.

De réir tuairisce ar RTÉ inniu, cé go gcuirfear tús amárach le clárú daoine idir 40-49 beidh tamall ann sula gcuirfear slacht ar an bplean go dtabharfaí snáthaidí Johnson & Johnson agus AstraZeneca dóibh chomh maith.

Meastar go dtabharfar cead ina dhiaidh sin do dhaoine idir 40-49 bliain d’aois vacsaíní Johnson & Johnson agus AstraZeneca a fháil.

Tá moladh curtha faoi bhráid NPHET ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonacht go n-ísleofaí an teorainn aoise do na snáthaidí sin ó 50 go 40 bliain.

Beidh deis ag daoine idir 40-49 glacadh le vacsaín Johnson & Johnson nó AstraZeneca nó fanacht ar cheann mRNA amhail Pfizer nó Moderna.

Is sa chás nach mbeidh prioc Pfizer nó Moderna ar fáil a thabharfar rogha do dhaoine san aoisghrúpa sin ceann Johnson & Johnson nó AstraZeneca a fháil.

Roimhe seo ní rabhthas chun snáthaidí Johnson & Johnson agus AstraZeneca a cheadú ar chor ar bith d’aon duine faoi bhun 50 bliain d’aois. Beidh coinníollacha éagsúla ag baint lena gceadú do dhaoine níos óige ná sin.

Fág freagra ar '358 cás nua den choróinvíreas fógartha ag an Roinn Sláinte, vacsaín faighte ag 70% de dhaoine fásta sa Tuaisceart'