Deich mórathrú ar an tírdhreach polaitiúil atá soiléir tar éis an olltoghcháin

Tá an gheáitsíocht a fheictear sula mbunaítear gach comhrialtas ar bun ó chríochnaigh comhaireamh na vótaí.

Deich mórathrú ar an tírdhreach polaitiúil atá soiléir tar éis an olltoghcháin

Tá an gheáitsíocht a fheictear sula mbunaítear gach comhrialtas ar bun ó chríochnaigh comhaireamh na vótaí.

Tá gach cosúlacht ar an scéal faoi láthair go dtabharfaidh scata Teachtaí Neamhspleácha tacaíocht a chuirfidh Fianna Fáil agus Fine Gael i gcumhacht arís. Mar a bhí á thuar sa cholún seo agus i mórán áiteanna eile roimh ré.

Ní hé easnamh an Chomhaontais Ghlais agus tionchar na Neamhspleách an t-aon athrú ar an léargas polaitiúil atá follasach tar éis an olltoghcháin.

Seo deich bhfáth go bhfuil cuma nua ar an tírdhreach polaitiúil ina dtiocfaidh comhaltaí an 34ú Dáil le chéile:

1 Comhdhéanamh na Dála Beidh 68 Teachta nua-thofa, nó 39 faoin gcéad den bhallraíocht iomlán sa Dáil, nua. Má chuirtear Teachtaí a chaill a suíocháin roimhe seo ach a toghadh arís an babhta seo san áireamh beidh 75 Teachta nua, nó 43 faoin gcéad, ag lorg oifigí i dTeach Laighean nach raibh acu roimh an olltoghchán.

2 Ballraíocht na bpáirtithe Beidh tionchar ag toghadh na dTeachtaí nua ar na príomhpháirtithe go léir. Tá 20 Teachta nua-thofa as 48 san iomlán i bpáirtí parlaiminte Fhianna Fáil, 22 Teachta nua as 38 i bhFine Gael, deichniúr nua-thofa as 39 Teachta i Sinn Féin, seachtar Teachtaí nua araon ag Páirtí an Lucht Oibre (11) agus ag na Daonlathaithe Sóisialta (11).

3 Éagothromaíocht inscne Beidh 44 bean sa Dáil nua (25 faoin gcéad den bhallraíocht iomlán) i gcomparáid le 37 sa Dáil dheireanach. Is léir difríocht mhór áfach idir rannpháirtíocht na mban sna príomhpháirtithe.

Tá 16 bean agus 23 fear i Sinn Féin, deichniúr ban agus 28 fear i bhFine Gael, ceathrar ban agus seachtar fear sna Daonlathaithe Sóisialta, beirt bhan agus naonúr fear sa Lucht Oibre. Is i bhFianna Fáil atá an éagothromaíocht inscne is soiléire agus gan ach seisear ban in éineacht le 42 fear sa pháirtí.

4 Easnamh na nÉireannach nua Thug an daonáireamh deireanach le fios gur lasmuigh den tír a rugadh fiche faoin gcéad de na daoine atá ina gcónaí sa stát. Níl duine ón aicme sin den daonra tofa fós mar Theachta Dála.

5 An dúshlán aeráide Thug an phobalbhreith iarvótála le fios nár shíl 51 faoin gcéad go raibh dóthain déanta ag an rialtas deireanach chun déileáil leis an athrú aeráide. Is ábhar iontais tuairim dá leithéid ar an gcéad amharc, tharla gur dhíbir vótálaithe na Glasaigh, ach amháin an ceannaire Roderic O’Gorman, as an Dáil.

Is ionann é dáiríre agus rabhadh do na Teachtaí go léir gan neamhaird a thabhairt ar na beartais aeráide atá riachtanach.

6 Pobalbhreitheanna iarvótála Ní foláir d’Ipsos/B&A a rinne an pobalbhreith iarvótála a modh oibre a athbhreithniú i bhfianaise thorthaí chomhaireamh na vótaí. Thug an phobalbhreith le fios go mbeadh Sinn Féin (21.1 faoin gcéad) chun cinn ar na príomhpháirtithe agus Fianna Fáil (19.5 faoin gcéad) chun deiridh. A mhalairt a léirigh comhaireamh na vótaí.

Ní foláir mar sin féin cuimhneamh ar an lamháil earráide (1.4%) – rud nár chuir formhór na meán sa mheá agus na figiúirí ón bpobalbhreith á bplé acu.

7 Gá le cur chuige gan mhoill Déantar talamh slán de nach mbeidh socrú comhrialtais déanta faoin am a dtiocfaidh an Dáil nua le chéile ar an 18 Nollaig. Cuirfidh saoire na Nollag moill ar an gcur is cúiteamh ina dhiaidh sin.

Is leor cuimhneamh ar theacht i réim Donald Trump ar an 20 Eanáir mar uachtarán sna Stáit Aontaithe, agus ar an éiginnteacht a spreagfaidh sé, chun impí ar na polaiteoirí rialtas a chur ar bun chomh luath agus is féidir roimhe sin.

8 Dáil níos Gaelaí, beagáinín Léirigh cíoradh a rinne Tuairisc.ie ar bhallraíocht na Dála nua go bhfuil Gaeilge ag 40 Teachta Dála agus go bhfuil 13 Teachta Dála nua ina measc. Bheadh cúrsaí níos fearr dá mbeadh urlabhraí le Gaeilge ag gach páirtí sa Dáil nua.

9 An rolla toghthóirí Is cúis mhór imní é gur admhaigh príomhfheidhmeannach an Choimisiúin Toghcháin Art O’Leary tar éis an olltoghcháin go mb’fhéidir go bhfuil suas le leathmhilliún ainm ar rollaí na dtoghthóirí nár chóir a bheith ann.

Ní féidir a bheith cinnte mar shampla go raibh an tinreamh oifigiúil vótála sa toghchán (59.9 faoin gcéad) cruinn, toisc nár baineadh amach ainmneacha daoine atá marbh nó nach bhfuil ina gcónaí níos mó san ionad inar cláraíodh iad.

Tá taighde ar bun chun córas níos fearr a bhunú. Más maith is mithid.

10 Tábhacht chomhréitigh Tá an t-ádh ar mhuintir na hÉireann go bhfuil na hionadaithe a thoghadar toilteanach agus ábalta teacht ar chomhréiteach chun rialtas nua a chur ar bun.

Ní athrú ar a ngnáthmheon é ach is ábhar sásaimh é i gcomparáid leis an neamhthoil agus éagumas réitigh atá i réim faoi láthair i Washington, i bPáras agus i mBeirlín.

Fág freagra ar 'Deich mórathrú ar an tírdhreach polaitiúil atá soiléir tar éis an olltoghcháin'