25 cluiche ó na sraitheanna peile is iomána le craoladh ar TG4 sna míonna amach romhainn

Cuirfear tús le craoladh na gcluichí sraithe ar TG4 an mhí seo chugainn agus craolfar ar a laghad ceithre chluiche gach deireadh seachtaine

25 cluiche ó na sraitheanna peile is iomána le craoladh ar TG4 sna míonna amach romhainn

An cluiche sa chéad bhabhta den tSraith Náisiúnta Iomána idir iománaithe na Gaillimhe agus na hIarmhí an tseachtain seo chugainn a chuirfidh tús le clúdach TG4 ar na cluichí idirchontae i mbliana.

Beidh 25 cluiche ar fad ó Shraitheanna Peile agus Iomána Allianz le feiceáil ar GAA BEO sna míonna amach romhainn agus a sceideal fógartha ag an stáisiún.

Craolfar ar a laghad ceithre chluiche gach deireadh seachtaine. Beidh cluiche amháin ar siúl gach Satharn agus trí chluiche ar siúl gach Domhnach; craolfar dhá chluiche díobh beo ar TG4, agus craolfar an tríú cluiche beo ar Aip TG4, craolfar an cluiche sin ar fad iarbheo ar TG4 ina dhiaidh sin.

Chomh maith leis an gcluiche sin idir Gaillimh agus an Iarmhí, beidh cluichí iomána idir Corcaigh agus Port Láirge, Loch Garman agus Laois agus Aontroim agus An Clár le feiceáil freisin.

Cuirfear tús leis an tSraith Peile an tseachtain dár gcion agus craolfar an choimhlint idir Dún na nGall agus Tír Eoghain beo ar TG4 tráthnóna Dé Sathairn. Beidh seaimpíní na hÉireann, Áth Cliath, le feiceáil ag imirt i gcoinne Ros Comáin Dé Domhnaigh, chomh maith le cluiche iomána idir Gaillimh agus Luimneach agus cluiche peile eile idir Muineachán agus Ard Mhacha.

Micheál Ó Domhnaill arís a bheidh ag cur GAA BEO i láthair agus beidh an tsraith á léiriú ag Nemeton TV.

Chomh maith leis na cluichí beo, beidh GAA 2021 le feiceáil gach Luan ag a 8pm agus buaicphointí chluichí CLG ón deireadh seachtaine roimhe sin ar taispeáint.

“Tá an-áthas ar TG4  go mbeidh Sraitheanna Iomána agus Peile Allianz ar ais linn i mbliana, agus go mbeimid in ann an imirt ar fad a thabhairt chomh fada libh sa mbaile,” arsa Ceannasaí Spóirt TG4 Rónán Ó Coisdealbha.

“Beidh muid ag obair lenár gcomhpháirtithe i gCLG agus sna hionad imeartha éagsúla ar fud an oileáin chun a chinntiú go mbeidh na hionaid sin sábháilte do gach duine a bheidh i láthair. Tá stair fhada ag ár stáisiún clúdach cuimsitheach CLG a chur ar fáil, agus táimid sásta gur féidir linn é seo a dhéanamh go fóill fiú le linn na tréimhse dúshlánaí seo”.

Dáta Comórtas Cluiche Am Sonraí
8/5/21 Iománt R.1A An Iarmhí v Gaillimh 14:00 Beo ar TG4
9/5/21 Iománt R.1B Loch Garman v Laois 13:45 Beo ar TG4
Iománt R.1A Corcaigh v Port Láirge 15:45 Beo ar TG4
Iománt R.1B Aontroim v An Clár 14:00 Beo ar Aip TG4
Iarbheo ar TG4
15/5/21 Peil R.1N Tír Eoghain v Dún na nGall 17:00 Beo ar TG4
16/5/21 Peil R.1S Ros Comáin v Áth Cliath 13:45 Beo ar TG4
Iománt R.1A Gaillimh v Luimneach 15:45 Beo ar TG4
Peil R.1N Muineachán v Ard Mhacha 14:00 Beo ar Aip TG4
Iarbheo ar TG4
22/5/21 Iománt R.1A Tiobraid Árann v Gaillimh 13:30 Beo ar TG4
23/5/21 Peil R.1S Áth Cliath v Ciarraí 13:45 Beo ar TG4
Iománt R.1A Port Láirge v Luimneach 15:45 Beo ar TG4
Iománt R.1B Cill Chainnigh v Loch Garman 14:00 Beo ar Aip TG4
Iarbheo ar TG4
29/5/21 Peil R.3N Le deimhniú 15:00 Beo ar TG4
30/5/21 Peil R.2 Le deimhniú 13:45 Beo ar TG4
Peil R.1S Le deimhniú 15:45 Beo ar TG4
Peil R.1S Le deimhniú 15:45 Beo ar Aip TG4
Iarbheo ar TG4
5/6/21 Iománt R.1B Aontroim v Loch Garman 15:00 Beo ar TG4
6/6/21 Iománt R.1B Cill Chainnigh v Laois 13:45 Beo ar TG4
Iománt R.1A Gaillimh v Port Láirge 15:45 Beo ar TG4
Iománt R.1A Iarmhí v Tiobraid Árann 14:00 Beo ar Aip TG4
Iarbheo ar TG4
12/6/21 Peil R.1/2 Cluichí Leathcheannais Le deimhniú Beo ar TG4
Peil R.1/2 Cluichí Leathcheannais Le deimhniú Beo ar TG4
13/6/21 Iománt D.1A Le deimhniú 13:45 Beo ar TG4
Peil D.1/2 Cluichí Leathcheannais 15:45 Beo ar TG4
Iománt, D.1A Le deimhniú 13:45 Beo ar Aip TG4
Iarbheo ar TG4

Fág freagra ar '25 cluiche ó na sraitheanna peile is iomána le craoladh ar TG4 sna míonna amach romhainn'