Os cionn 2% den lucht féachana ag TG4 den chéad uair ó 2010

Bhí TG4 ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana anuraidh agus sciar níos mó den lucht féachana aige ná mar a bhí aon bhliain ó 2009

Os cionn 2% den lucht féachana ag TG4 den chéad uair ó 2010

Tháinig ardú 7% ar fhigiúirí féachana TG4 anuraidh agus meánsciar níos mó den lucht féachana meallta ag an stáisiún ná mar a mealladh aon bhliain ó 2009.

Bhí TG4 ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana anuraidh.

Sciar 2.09% den lucht féachana in Éirinn a bhí ag TG4 in 2023, ardú ón 1.96% a bhí i gceist in 2022 agus an céatadán is mó ó 2009 nuair a bhí sciar 2.6% ag an stáisiún.

2023 an chéad bhliain ó 2010 gur mheall TG4 sciar níos mó den lucht féachana ná 2%.

D’fhág an t-ardú in 2023 gur tháinig ardú ar an sciar den lucht féachana a bhí ag an gcainéal don cheathrú bliain as a chéile.

De réir na bhfigiúirí atá curtha ar fáil ag an stáisiún, d’fhéach 3.67 milliún duine ar TG4 am éigin anuraidh.

D’ardaigh an meánsciar den lucht féachana a bhí ag an stáisiún ag an bpríomh-am féachana, idir 7pm agus meán oíche, ó 2.15% in 2022 go dtí 2.24% in 2023, ardú 4%.

Mí na Nollag an mhí ba rathúla ag an stáisiún ó thaobh lucht féachana anuraidh agus sciar 2.5% acu an mhí sin.

Cluiche Ceannais Peile na Sraithe Allianz, idir Gaillimh agus Maigh Eo, an clár is mó a mheall lucht féachana go dtí TG4 in 2023.

250,200. nó 32.84% den lucht féachana teilifíse ag an am, a d’fhéach ar an gcluiche sin. Sa dara háit bhí cluiche ceannais Pheil na mBan, idir Baile Átha Cliath agus Ciarraí, ar fhéach 201,800, 26.47% den lucht féachana air.

Cainéal 2014 2015 2016 2017 2018 2019 2020 2021 2022 2023
TG4 1.8 1.7 1.8 1.87 1.76 1.84 1.83 1.89 1.96 2.09

Bhí TG4 ar an seachtú cainéal is mó lucht féachana don tríú bliain as a chéile. Bhain an stáisiún an séú háit amach den chéad uair riamh in 2019 ach thit an stáisiún go dtí an seachtú háit in 2021 agus is ann atá sé ó shin.

Féachann níos mó daoine ar RTÉ 1, RTÉ 2, Virgin Media One, Virgin Media Two, Virgin Media Three agus BBC One ná mar a fhéachann ar TG4, ach tá an stáisiún Gaeilge chun tosaigh ar stáisiúin amhail BBC Two, Channel 4 agus Sky One.

Dúirt Alan Esslemont, Ard-Stiúrthóir TG4  go raibh an-bhliain ag an stáisiún anuraidh.

“In 2023 chuaigh TG4 go dtí na Oscars leis An Cailín Ciúin agus sheol muid cainéal nua do pháistí, ‘Cúla4’,” arsa Alan Esslemont.

Dúirt sé gur léir gur ag fás bliain i ndiaidh bliana atá an t-éileamh atá ag daoine “ar ábhar TG4, ar gach ardán”.

Dúirt sé go raibh bliain “an-tábhachtach” roimh na meáin Ghaeilge in 2024 agus go raibh súil aige go léireodh an Rialtas agus Coimisiún na Meán gur gníomh “fiúntach, tairbheach agus riachtanach” a bheadh ann níos mó infheistíochta a dhéanamh sna meáin Ghaeilge.

Fág freagra ar 'Os cionn 2% den lucht féachana ag TG4 den chéad uair ó 2010'