Cé hiad na Teachtaí Dála agus Seanadóirí atá ag foghlaim na Gaeilge?

18 Teachta Dála agus 12 Seanadóir a chláraigh do ranganna Gaeilge Thithe na Oireachtais in 2022

Cé hiad na Teachtaí Dála agus Seanadóirí atá ag foghlaim na Gaeilge?

Tá 30 Teachta Dála agus Seanadóir cláraithe do ranganna Gaeilge Thithe an Oireachtais, 18 Teachta Dála agus 12 Seanadóir. 

De réir eolais a fuair Sunday Times na hÉireann faoin Acht Um Shaoráil Faisnéise €5,057.90 an costas a bhain le ranganna Gaeilge agus Fraincise a chur ar fáil do bhaill na Oireachtais go dtí seo i mbliana. Bíonn na ranganna Gaeilge á reáchtáil ag Gaelchultúr.

Baill d’Fhianna Fáil is mó a léirigh suim sna ranganna Gaeilge agus seachtar ball den pháirtí sin atá cláraithe do na ranganna. Seisear ball de Shinn Féin, seisear den Chomhaontas Glas, cúigear Neamhspleách agus cúigear as Fine Gael a chláraigh do na ranganna Gaeilge. Teachta Dála amháin ó Pháirtí an Lucht Oibre a chláraigh do na ranganna Gaeilge, ceannaire an pháirtí, Ivana Bacik. 

Bíonn Bacik, a toghadh ina ceannaire ar a páirtí san earrach, le cloisteáil ag labhairt as Gaeilge anois agus arís ar na meáin Ghaeilge agus is léir go bhfuil an Teachta ó Chuan Bhaile Átha Cliath Theas ag iarraidh feabhas a chur ar a cumas as teanga.

Tá Gaeilge ag triúr eile de cheannairí na bpáirtithe polaitiúla, sin iad Micheál Martin Fhianna Fáil, Leo Varadkar Fhine Gael agus Mary Lou McDonald Shinn Féin.

Na Teachtaí Dála atá cláraithe do na ranganna faoi láthair ná Alan Dillon, Jennifer Carroll MacNeill agus Neale Richmond (FG); Brian Leddin, Francis Noel Duffy agus Neasa Hourigan (CG); Cormac Devlin agus John Lahart (FF); Ivana Bacik (LO); Martin Browne, Matt Carthy, Patricia Ryan, Paul Donnelly agus Pauline Tully (SF); agus Seán Canney, Thomas Pringle, Verona Murphy agus Violet-Anne Wynne (NS). 

Is iad na Seanadóirí atá cláraithe – Aisling Dolan agus Mary Seery Kearney (FG); Erin McGreehan, Fiona O’Loughlin, Malcolm Byrne, Mark Daly agus Mary Fitzpatrick (FF); Gerard Craughwell (NS), Paul Gavan (SF); agus Pauline O’Reilly, Róisín Garvey agus Vincent Martin (CG).

Bhí Maureen O’Sullivan luaite ar an liosta foghlaimeoirí a chuir Tithe na Oireachtais ar fáil freisin, ach d’éirigh sí as mar Theachta Dála do Bhaile Átha Cliath Láir roimh thoghchán 2020.

€3,694 a caitheadh ar ranganna Gaeilge agus Fraincise in 2019, ach d’ísligh sé seo go €1,903 le linn na paindéime. Tháinig ardú air arís anuraidh go €4,041 agus i mbliana €5,057 an costas.

Bíonn na ranganna ar siúl ag am lóin nó luath ar maidin ionas nach gcuireann siad isteach ar obair na Dála ná an tSeanaid. Tá na ranganna mar chuid de chlár an Oireachtais chun tacú le húsáid na Gaeilge sa bparlaimint.

De réir anailíse a rinne Tuairisc.ietá Gaeilge ag 35 den 160 Teachta Dála a toghadh in Olltoghchán 2020, 21.9% nó beagán os cionn duine as gach cúigear.

Níl duine ar bith den 35 polaiteoir sin a dúirt go raibh sé ar a gcumas agallamh beo a dhéanamh leis na meáin chraolta Ghaeilge i measc na ndaoine atá cláraithe do na ranganna Gaeilge i mbliana.

An Alliance Française agus saormhúinteoir, Aurore Finlay, a chuireann na ranganna Fraincise ar fáil. 

Tá an Teachta Dála Aindrias Moynihan as Maigh Chromtha ar dhuine den cheathrar Teachtaí Dála agus cúigear Seanadóirí a dhéanann na ranganna Fraincise. Gheall Tithe an Oireachtais anuraidh go gcuirfí leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa Dáil agus sa Seanad agus seoladh straitéis teanga. 

Triúr atá cláraithe do ranganna Gaeilge agus ranganna Fraincise – an Teachta Dála Jennifer Carroll MacNeill (FG) agus na Seanadóirí Malcolm Byrne (FF) agus Mary Seery Kearney (FG).

Gheall Tithe an Oireachtais anuraidh go gcuirfí leis an méid Gaeilge a úsáidtear sa Dáil agus sa Seanad agus seoladh straitéis teanga. 

Tá Grúpa Stiúrtha Dála bunaithe faoi cheannasaíocht an Teachta Dála Catherine Connolly (NS) chun a chinntiú go mbainfear spriocanna na straitéise amach. Na Seanadóir Joe O’Reilly (FG) atá ceaptha ina cheannaire ar ghrúpa an tSeanaid.

Fág freagra ar 'Cé hiad na Teachtaí Dála agus Seanadóirí atá ag foghlaim na Gaeilge?'

  • Traolach

    “Is iad na Seanadóirí atá cláraithe – Aisling Dolan agus Mary Seery Kearney (FG); Erin McGreehan, Fiona O’Loughlin, Malcolm Byrne, Mark Daly agus Mary Fitzpatrick (FF); Gerard Craughwell agus Paul Gavan (SF); agus Pauline O’Reilly, Róisín Garvey agus Vincent Martin (CG).”
    Ar mhaithe le soiléireacht, is seanadóir neamhspleách é Gerard Craughwell.

  • Dónall Mór Mac Billing(s)

    —— Agus iad uilig ag glacadh na socraithe atá i bhfeidhm i gcás na Gaeilge sa tír seo luaite thíos, níl suim ag mórchuid na teachtaí sa Teanga:–

    ” Ní dlí Bille ar bith go dtí go bhfuil leagan Gaeilge ar fáil sínithe ag an Uachtarán de reir ‘Bhunreacht na hÉireann’. (An Saorstát)

    Mar sin rinneadh éagóir ormsa nuair nach raibh leagannacha Gaeilge ar fáil de na ‘Achtanna’ ar cúiseadh mise fúthu’. Ní raibh an hAchtanna dlíthúil !!!

    Ach ba chuma leis an Stát ag an am mar bhí an ‘Chúirt Speisialta Cóiriúil’ (Polaitiúil) faoi lán seoil ag satailt ar chearta teanga, ar chearta daonna agus gearradh 10 mbliana ormsa.”

    An Poblachtach— ag fanacht go fóil ar a chearta daonna agus teanga d’ainneoin an Cultúr Angla-Mheiriceánach agus meon an ‘Rialtais’

    Ar aghaidh chun bua,

    Dónall Mór Mac Billing(s)

    Gaeltacht Phríosún Phort Laoise
    Bloc E

    Jailteacht/Gaeltacht Phríosúin Phort Laois

    http://artpickle.com/index.cfm?artpage=webhome&webtab=testsite&webid=11059

  • An tEisreachtach

    Tá seo scríofa san alt thuas: ‘Tá Gaeilge ag triúr eile de cheannairí na bpáirtithe polaitiúla, sin iad Micheál Martin Fhianna Fáil, Leo Varadkar Fhine Gael agus Mary Lou McDonald Shinn Féin.’

    Níor chuala mé riamh Varadkar ná McDonald ag déanamh agallaimh ná eile i nGaeilge.
    An dubh ar an mbán?