20 dea-rúin faisin don bhliain 2016….

Tá liosta fada de dhea-rúin a bhaineann le cúrsaí faisin agus stíle á mholadh ag ár gcomhfhreagraí don bhliain romhainn

alessandra-fashion-wallpapers

Anois teacht na bliana nua bíonn gach duine ag smaoineamh ar dhea-rúin. Chuaigh mise chun cainte le mná ar m’aithne le liosta a chur le chéile de na rúin faisin agus stíle a bhí ar intinn acusan do 2016.

Ar ndóigh, ní fhéadfadh aon duine againn gach rún ar an liosta seo de 20 gníomh a chur i bhfeidhm ach d’fhéadfaimis, abair, cúig nó sé cinn acu a phiocadh don bhliain romhainn. 

  1. An smideadh a ghlanadh go hiomlán de m’aghaidh gach oíche agus aire cheart a thabhairt don chúram cnis. Níor cheart an gnó tábhachtach seo a fhágáil go ham codlata ach é a dhéanamh a luaithe agus a thagann duine abhaile don oíche.    
  2. Cinntí níos fearr a dhéanamh agus éadach á cheannacht. Éirí as go leor éadaí saorga a cheannacht agus ina áit sin, níos lú earraí a roghnú ach iad a bheith ar chaighdeán níos fearr.
  3. Rachaidh mé sa seans agus beidh mé dána níos minice le dathanna agus stíleanna nua.
  4. Beidh péire bróga isle (flats) i dtaisce i mo mhála ar oíche a mbeidh salaí arda á gcaitheamh agam agus tá a fhios agam gur mé a bheas buíoch agus mé ag siúl i dtreo an tacsaí i ndeireadh na hoíche.
  5. Glanfaidh mé amach mo vardrús ar a laghad uair amháin agus déanfaidh mé spás ann d’earraí nua.
  6. Rogha níos ciallmhaire bia a dhéanamh agus earraí próiseáilte a sheachaint a oiread agus is féidir. Ní faisean go dea-shláinte!
  7. Airgead ar leith a shábháil gach mí ar mhaithe le hearraí stíle a bhfuil mian mo chroí iontu agus a mhairfidh ar feadh i bhfad a cheannacht.
  8. Ní bheidh faitíos ná eagla orm mo rogha féin éadaigh nó smididh a chaitheamh, is cuma cén bharúil a bheidh ag daoine eile. Ní thaitníonn sé le duine éigin eile? Bíodh acu!
  9. Beidh meas agam ar mo chuid éadaí – crochfar go néata iad i gcónaí sa vardrús.
  10. Beidh ‘lá speisialta’ (nó fiú leathlá) agam ó am go chéile – ag spa nó a leithéid.
  11. Ólfaidh mé tuilleadh uisce gach lá, idir 2-3 litre, más féidir.
  12. Tógfaidh mé sos chun iris faisin nó stíle a léamh agus ní hamháin i seomra feithimh dochtúra nó ag an ngruagaire – Elle, Look, U agus Allure ar an liosta.
  13. Tabharfaidh mé sos seachtaine ón vearnais do mo chuid ingne ó am go chéile agus ní bheidh siad briosc ná tirim dá bharr sin.
  14. Úsáidfidh mé masc-gruaige anois agus arís agus tabharfaidh mé cuairt níos rialta ar an ngruagaire le smacht níos fearr a choinneáil ar mo chuid gruaige.
  15. Cuirfidh mé fachtóir cosanta gréine orm féin gach lá – geimhreadh san áireamh.
  16. Bainfidh mé leas as uachtar láimhe deas i gcónaí le mo lámha a choinneáil bog, go háirithe in aimsir fhuar an gheimhridh. 
  17. Bainfidh mé úsáid i gcónaí as sprae cosanta ar mo ghruaig sula n-úsáidfaidh triomadóir gruaige.
  18. Déanfaidh mé cleachtadh ar línitheoir súl a chur orm mar is ceart le nach mbeidh tubaiste ann gach uair a theastaíonn sé uaim é a chur orm d’ócáid ar leith.
  19. Aimseoidh mé sciamheolaí (beautician) le haire a thabhairt do mo chuid malaí agus ní leagfaidh mé féin lámh orthu riamh.
  20. Ceannóidh mé branda nua cumhráin seachas a bheith dílis don bholadh céanna i gcónaí.

Go n-éirí le do chuid rún agus leat féin i 2016.

Fág freagra ar '20 dea-rúin faisin don bhliain 2016….'