Alles gute in Deutschland. Agus abhus?

Léiríonn nua-stair na Gearmáine nach féidir athrú ar bith, i dtír ar bith, a chur as an áireamh.

m04_20979625

Beidh muintir na Gearmáine ag ceiliúradh eachtra stairiúil ar fiú cuimhneamh air ar feadh an deiridh seachtaine.

Is ócáid í a d’fhág neart fianaise ina diaidh nach mbíonn rialtas, ná córas rialtais, ná tír slán ariamh ó bhunathrú gan choinne.

Ba í an Ghearmáin roinnte ina dhá cuid ó 1945 go dtí 1989 – stát cumannach faoi anáil na Rúise san oirthear, agus stát daonlathach faoi scáth NATO san iarthar.

Thóg na cumannaigh claí ar an teorainn agus chuir siad gardaí armtha ar dualgas le saoránaigh an oirthir a choinneáil isteach. Bhí Beirlín ina dhá cuid freisin ó thóg na cumannaigh balla sa chathair i 1961.

Bhí gach cuma ar an deighilt pholaitiúil seo go mairfeadh sé ar feadh i bhfad. Bhí caighdeán maireachtála agus ráta fáis an iarthair chun cinn ar an oirthear. Ach neartaigh cúinsí éagsúla an stáit chumannaigh ar ar tugadh Poblacht Dhaonlathach na Gearmáine:

(1) geilleagar nach raibh gan locht ach a bhí níos láidre ná formhór na dtíortha cumannacha eile (2)  lámh láidir (3) spiaireacht státeagraithe ar an bpobal  (4) tacaíocht na Rúise agus go háirithe (5) lonnú leanúnach shaighdiúirí Aontas na Sóivéide san oirthear.

Cháin polaiteoirí san iarthar agus i dtíortha daonlathacha eile brúidiúlacht agus tíorántacht an oirthir go minic.  Rinne Uachtarán Kennedy na Stát Aontaithe an óráid is láidre agus is cáiliúla in aghaidh an Oirthir agus ‘Ich bin ein Berliner ‘ á rá aige le slua sa chathair i 1963.

Ach faoi dheireadh na 1960í, bhí  Ostpolitik  (‘polasaí  an oirthir’) i réim san Iar-Ghearmáin.

A phríomhaidhm: gnáthchaidreamh a bhunú idir an dá stát. Síleadh go forleathan go mairfeadh roinnt na tíre ar feadh i bhfad, agus gur caint gan bhrí, dáiríre, a bhí i bplé ar athaontú.

D’athraigh an léargas de réir mar a threisigh ar fhadhbanna eacnamaíochta Aontas na Sóivéide sna 1980í.

D’fhógair an ceannaire Sóivéideach Mikhail Gorbachov ré nua atheagair agus saoirse (is é sin le rá, saoirse i gcomparáid leis an diansmacht a bhí i réim go dtí sin). Níor bhain an meon nua leis an Rúis amháin, dar leis, ach leis an gcaidreamh idir an Rúis agus na stáit chumannacha bheaga a bhí faoina sáil go dtí sin.

Thairg ceannairí oirthear na Gearmáine mionathruithe, ach níor shásaigh siad mórán agus bhí cóir ghaoithe leis an bhfreasúra.

Ar 9 Samhain 1989, 25 bliain ó shin, thug na sluaite Gearmánach aghaidh ar na geataí i mballa Bheirlín. Sheas na gardaí i leataobh agus shiúil na mílte thar teorainn amach.

Bhí deireadh ré stát na gcumannach tagtha. Bunaíodh stát aontaithe na Gearmáine go hoifigiúil an bhliain dar gcionn.

Tháinig deireadh ré sa tír seo i 2011 nuair a thug vótóirí léasadh gan trócaire d’Fhianna Fáil.

Ba chirte a rá, b’fhéidir, gur tús le deireadh ré a bhí ann an uair sin.

Tá léasadh eile ag teannadh leis an Lucht Oibre, de réir gach pobalbhreithe a foilsíodh le breis agus bliain.

Agus cé nár chóir rómhuinín a bheith againn as an bpobalbhreith a rinne Millward-Brown don Sunday Independent le gairid, is léir an t-ábhar imní do phríomhpháirtí an rialtais:  Sinn Féin 26%, Neamhspleáigh 23%,  Fine Gael 22%, Fianna Fáil 20%, Lucht Oibre 7%.

Fiú dá dtiocfadh Fine Gael agus Fianna Fáil le chéile tar éis torthaí olltoghcháin dá leithéid, ní bheadh móramh acu sa Dáil.

Tá míshásamh agus mímhuinín an phobail láidir i gcónaí.

Agus tá an oiread fianaise ag teacht chun solais fós a léiríonn feall nó faillí i measc pholaiteoirí, gan trácht ar phleidhcíocht, go bhfuil an léargas polaitiúil níos éiginnte fiú amháin anois ná mar a bhí sé i 2011.

 Is láithreoir  é Cathal Mac Coille ar ‘Morning Ireland’ ar RTÉ.

 

Fág freagra ar 'Alles gute in Deutschland. Agus abhus?'