1,496 cás nua fógartha, 248 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

1,564 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis

1,496 cás nua fógartha, 248 othar buailte ag an víreas sna hospidéil

Tá 1,496 cás eile den víreas fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

248 othar a bhí buailte ag an ngalar a bhí sna hospidéil maidin inniu agus bhí 54 acusan in aonad dianchúraim.

Thug Príomhfheidhmeannach an HSE, Paul Reid, le fios inniu go bhfuil breis is 6.4 milliún dáileog tugtha amach sa stát. Dúirt sé go raibh 82% de dhaoine fásta na tíre go hiomlán vacsaínithe in aghaidh an víris agus go raibh ar a laghad dáileog amháin faighte ag 90% díobh.

Dúirt Reid go raibh beagnach 100,000 déagóir idir 12-15 bliain d’aois cláraithe chun an vacsaín a fháil agus go bhfuil 47,000 dáileog dáilte ar an aoisghrúpa sin cheana féin.

Dúirt an Príomhoifigeach Leighis, an Dr Tony Holohan inniu gur 493 duine in aghaidh gach 100,000 sa tír ráta coicíse an víris faoi láthair, an ráta is airde ón 31 Eanáir. D’iarr sé ar dhaoine cloí go docht leis an gcomhairle sláinte phoiblí le scaipeadh an víris a chosc.

1,564 cás eile a dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt tráthnóna agus d’fhógair siad go raibh seachtar eile a raibh an Covid-19 tolgtha acu tar éis bháis. 2,258 duine ar fad atá básaithe de dheasca an víris ó thuaidh ó thús na paindéime.

392 othar Covid-19 atá in ospidéil an Tuaiscirt agus tá 47 díobhsan in aonad dianchúraim.

Tá an chéad dáileog den vacsaín faighte ag 1,252,746 duine sa Tuaisceart agus tá an dara dáileog faighte ag 1,123,936 duine.

Fág freagra ar '1,496 cás nua fógartha, 248 othar buailte ag an víreas sna hospidéil'