1,372 cás nua den choróinvíreas fógartha, ‘feabhas an-sciobtha’ ag teacht ar chúrsaí

Tá ráta coicíse an ghalair faoi bhun 1,000 den tríú lá as chéile agus laghdú 8-10% ag teacht ar fhás an ghalair in aghaidh an lae

1,372 cás nua den choróinvíreas fógartha, ‘feabhas an-sciobtha’ ag teacht ar chúrsaí

An tOllamh Philip Nolan.Pictiúr: Sasko Lazarov / RollingNews.ie

Tá sé fógartha ag an Roinn Sláinte tráthnóna go bhfuil seachtar eile básaithe de dheasca an choróinvíris. Deimhníodh 1,372 cás nua den ghalar.

Tá 688 duine a raibh Covid-19 orthu tar éis bháis go dtí seo mí Eanáir.

1,905 duine a bhfuil an coróinvíreas orthu a bhí sna hospidéil tráthnóna agus bhí 219 acusan in aonad dianchúraim, duine amháin  níos mó ná inné.

Dúirt an tOllamh Philip Nolan ó NPHET go bhfuil “feabhas an-sciobtha” ag teacht ar chúrsaí ó thaobh líon na gcásanna den ghalar sa phobal.

Dúirt Nolan go raibh líon na ndaoine atá á gcur san ospidéal gach lá de dheasca an víris ag laghdú le coicís anuas ach, mar sin féin, mheas sé go mbeadh líon na ndaoine in aonaid dianchúraim an-ard i gcónaí ar feadh roinnt seachtainí eile.

Dúirt an tOllamh Nolan ó NPHET gur dócha go mbeadh thart 1,000 othar Covid-19 fós sna hospidéil gach lá faoi dheireadh na míosa seo chugainn agus gur os cionn 100 duine a bheidh i gceist i gcás líon na n-othar san ICU an uair sin

Bhain 164 de chásanna an lae inniu le Corcaigh, 75 cás a bhí i bPort Láirge 45, cás a bhí i gcontae na Mí agus 34 cás a bhí i Maigh Eo. Bhain 26 cás le Gaillimh, 18 cás a bhí i nDún na nGall agus 15 cás a bhí i gCiarraí.

Bhain 502 den 1,372 cás nua inniu le Baile Átha Cliath.

Tá ráta coicíse an ghalair faoi bhun 1,000 den tríú lá as chéile agus laghdú 8-10% ag teacht ar fhás an ghalair in aghaidh an lae. Ráta 766 cás in aghaidh gach 100,000 duine a bhí i gceist inniu.

Tá an dara ráta is airde sa stát i Maigh Eo faoi láthair – 1,214. Ráta 991 a bhí i bPort Láirge, 813 a bhí i nGaillimh 739 a bhí i nDún na nGall agus 734 a bhí i gcontae na Mí. Ráta 703 a bhí i gCorcaigh agus 404 a bhí i gCiarraí.

Dúirt an tAire Sláinte, Stephen Donnelly go mbeifear ag cur na vacsaíní ar fáil don tríú grúpa i gclár vacsaínithe an Rialtais an chéad mhí eile.

Faoi Straitéis Dáilte Vacsaíne an Rialtais, is san ord seo a chuirfear an tsnáthaid ar fáil do dhaoine atá os cionn 70 bliain d’aois: 85 agus os a chionn, 80-84, 75-79, 70-74.

Is iad na daoine atá 85 nó os cionn an chéad dream eile a gheobhaidh an vacsaín agus na dochtúirí teaghlaigh ina gclinicí a bheidh á tabhairt dóibh. 

Nuair a bheidh ceadúnas faighte ag AstraZeneca, tosófar ar an ngrúpa sin, cé go bhféadfadh moill a bheith ar an soláthar. 

Dúirt an tAire Donnelly go mbeadh ualach de vacsaín AstraZeneca ag teacht chugainn mí Feabhra, cé go mbeidh sé níos lú ná mar a bhí ordaithe. Meastar gur sa Mhárta is measa a bheidh laghdú ar an méid den vacsaín sin a gheofar sa tír seo. 

“Tabharfar tosaíocht do na daoine sa tsochaí is leochailí don Covid-19 ó tharla an soláthar vacsaíní a bheith teoranta,” a dúirt an tAire. 

Tá feachtas eolais á ullmhú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte don phobal ionas go mbeidh a fhios ag gach duine roimh ré cá bhfaighidh sé an tsnáthaid, cén áit agus cén chaoi le dul ar a tóir. 

Tá 143,000 dáileog tugtha den phobal sa stát go dtí seo, de réir na staitisticí is deireanaí.

182,355 dáileog atá tugtha i dTuaisceart Éireann go dtí seo agus an dara dáileog faighte ag 22,732 duine ann.

Dheimhnigh Roinn Sláinte an Tuaiscirt go raibh 17 duine eile a raibh an coróinvíreas tolgtha acu básaithe. Fógraíodh 422 cás nua den ghalar ansin níos túisce tráthnóna.

828 othar a bhfuil an Covid-19 orthu atá in ospidéil an Tuaiscirt. Tá 74 díobhsan in aonaid dianchúraim.

289,664 cás a deimhníodh in Éirinn go nuige seo, 188,923 cás ó dheas den teorainn agus 100,741 cás ó thuaidh di.

4,724 duine atá básaithe in Éirinn go dtí seo de dheasca na paindéime, 2,977 duine ó dheas den teorainn agus 1,747 duine ó thuaidh di.

Fág freagra ar '1,372 cás nua den choróinvíreas fógartha, ‘feabhas an-sciobtha’ ag teacht ar chúrsaí'

  • Antóin

    Is iontach liom a mhinice a chonaic muid ionadaithe ón WHO ar ár scáileáin ag tús na paindéime ag insint dúinn go raibh an tubaiste ós ár gcionn.

    Ansin nuair a d’eisigh siad ráíteas ag insint dúinn gurbh fhearr gan dianghlasáil a chur i bhfeidhm rinne muid neamhshuim de.

    An tseachtain seo caite tugadh eolas dúinn faoi mheamram a d’eisigh siad i mí na Nollag faoi na tástálacha PCR. Ach is dealraitheach nach bhfuil na meáin sa tír seo fiosrach faoin scéal?

    Go bunúsach mura bhfuil comharthaí sóirt Covid ar dhuine ach go bhfuil toradh dearfach faighte ag an duine sin tar éis tástáil Covid a fháil, ansin ba chóir an dara tástáil a dhéanamh lena chinntiú go bhfuil Covid ar an duine sin.

    Agus na daoine a dhéanann an tástáil, ní mór dóibh a chur in iúl líon na dtimthriall a rinneadh chun an toradh dearfach sin a fháil.

    Má úsáídtear os cionn 35 timthriall, táthar ag piocadh suas smionagar víris nach bhfuil tógálach. Sna cásanna sin d’éirigh leis na daoine sin an víreas a chloí rud a léiríonn go bhfuil córas imdhíonachta an duine ag obair mar is cóir. Sin mo léamh ar an scéal.

    Aon duine fiosrach?