11 téacsleabhar nua á gcur ar fáil d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge

Tá meascán de théacsleabhair a aistríodh ón mBéarla agus téacsleabhair nuascríofa i nGaeilge ar fáil

11 téacsleabhar nua á gcur ar fáil d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge

Beidh 11 téacsleabhar nua ar fáil i nGaeilge do dhaltaí iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge faoi dheireadh na scoilbhliana seo.

Tá meascán de théacsleabhair a aistríodh ón mBéarla agus téacsleabhair nuascríofa i nGaeilge san áireamh leis an 11 leabhar nua agus iad ar fáil anuas ar an rogha 41 leabhar a bhí ar fáil cheana féin.

Is leabhair don tSraith Shóisearach iad sé cinn de na leabhair nua agus is le siollabas na hArdteiste a bhaineann an cúig leabhar eile. Is leabhair nua as an bpíosa iad cúig cinn de na leabhair agus is aistriúcháin ar théacsleabhair atá ar fáil do dhaltaí i scoileanna lán-Bhéarla an sé cinn eile.

Anuas ar na téacsleabhair a chuireann COGG ar fáil do dhaltaí agus do mhúinteoirí na scoileanna lán-Ghaeilge, tá leabhair oibre agus acmhainní eile ar fáil chomh maith.

Fág freagra ar '11 téacsleabhar nua á gcur ar fáil d’iar-bhunscoileanna lán-Ghaeilge'