1,066 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 24 duine básaithe de dheasca an víris i dtithe altranais ó thús na míosa

Tá cásanna den víreas 100 uair níos foirleithne anois ná mar a bhí siad ag deireadh mhí an Mheithimh

1,066 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 24 duine básaithe de dheasca an víris i dtithe altranais ó thús na míosa

Tá 1,066 cás nua den choróinvíreas deimhnithe ag an Roinn Sláinte tráthnóna.

Triúr eile a raibh an galar orthu atá básaithe.

Sna chéad trí seachtaine den mhí seo cailleadh 60 duine de dheasca an ghalair, agus bhain 24 de na básanna sin le tithe altranais.

Fógraíodh na figiúirí is déanaí tráth a bhfuil sé deimhnithe go bhfuil an Covid-19 tolgtha ag beagnach gach duine atá ina gcónaí i dteach altranais in oirthear na Gaillimhe.

Bhain 104 de chásanna an lae inniu le Gaillimh, 98 cás nua a bhí i gCorcaigh agus 92 cás nua a bhí i gcontae na Mí.

56 cás a bhí i nDún na nGall, 36 cás a bhí i Maigh Eo, 25 cás a bhí i bPort Láirge agus 22 cás a bhí i gCiarraí.

302 ráta coicíse an ghalair in aghaidh gach 100,000 duine, an chéad uair go raibh sé os cionn 300. Trí chás in aghaidh gach 100,000 an ráta coicíse a bhí againn ag deireadh mhí an Mheithimh.

659.9 an ráta anois i gcontae na Mí, an dara ráta is airde sa stát, i ndiaidh chontae an Chabháin mar a bhfuil an ráta ag 1,055 in aghaidh gach 100,000 duine.

Tá an ráta i nGaillimh imithe suas go dtí 355.7, 339.7 atá i gCorcaigh agus 321 an ráta i nDún na nGall.

269.5 an ráta in aghaidh gach 100,000 duine i gCiarraí, 227.6 an ráta i Maigh Eo agus 173 atá i bPort Láirge.

Tá ráta scaipthe an ghalair idir 1.3-1.4, i gcomparáid le 1.4 an tseachtain seo caite.

Dúirt Cathaoirleach NPHET, an tOllamh Philip Nolan go raibh laghdú tagtha ar an líon cásanna ar an meán le cúig lá anuas den chéad uair le roinnt seachtainí, ach dúirt sé freisin go raibh sé róluath a rá gur comhartha é go bhfuil cúrsaí ag éirí níos seasmhaí. Tá dúbailt ag teacht ar líon na gcásanna gach 9-14 lá.

Tá ardú 5% gach lá ar líon na ndaoine atá á gcur san ospidéil freisin agus ardú 3% atá i gceist leis na haonaid dianchúraim.

37 othar atá buailte ag an Covid-19 atá in aonad dianchúraim, ardú ó 34 inné.

Tá 313 duine ar fad san ospidéal ag an gcoróinvíreas.

Níos luaithe inniu, d’fhógair an Roinn Sláinte in Stormont go bhfuil 1,042 cás nua den Covid-19 deimhnithe ansin inniu agus go raibh cúigear eile a raibh an galar tolgtha acu tar éis bháis.

Tá 634 duine curtha den saol ag an Covid-19 ó thuaidh den teorainn faoin tráth seo. Tá 291 duine san ospidéal ag an gcoróinvíreas, 33 acu in aonaid dianchúraim agus 23 acusan ar aerálaí. Fógraíodh 6,753 cás nua den Covid-19 ó thuaidh le seachtain.

Is é ceantar Dhoire agus an tSratha Báin an ceantar is measa a bhí buailte ag an víreas an tseachtain seo caite agus an ráta ansin ag 617.2 cás in aghaidh gach 100,00 duine, i gcomparáid le 358.9 in aghaidh gach 100,000 duine ar an meán.

Tá an tAire Sláinte, Robin Swann ag féinleithlisú agus scéala faighte aige go bhfuil an galar tolgtha ag duine dá mhuintir.

85,780 cás den ghalar atá deimhnithe in Éirinn go nuige seo, 31,304 cás ó thuaidh den teorainn agus 54,476 cás ó dheas di.

2,505 duine a raibh an galar tolgtha acu atá básaithe ó thús na paindéime, 634 duine ó thuaidh agus 1,871 ó dheas.

1,042 cás nua den choróinvíreas deimhnithe sa Tuaisceart, cúigear eile básaithe

Fág freagra ar '1,066 cás nua den choróinvíreas deimhnithe, 24 duine básaithe de dheasca an víris i dtithe altranais ó thús na míosa'