‘Fágadh san fhaopach iad’ – fear a bhfuil a mháthair i dteach altranais atá buailte ag Covid-19

Labhair an tráchtaire spóirt aitheanta Mac Dara Mac Donncha faoi scéal a mháthar i dTeach Altranais Nightingale i mBéal Atha na Sluaighe ar an gclár Tús Áite ar RnaG

‘Fágadh san fhaopach iad’ – fear a bhfuil a mháthair i dteach altranais atá buailte ag Covid-19

Labhair an tráchtaire spóirt aitheanta Mac Dara Mac Donncha faoi scéal a mháthar i dTeach Altranais Nightingale i mBéal Atha na Sluaighe ar an gclár Tús Áite ar RnaG

Tá ráite ag mac duine de na daoine atá ina gcónaí sa teach altranais sa Ghaillimh atá buailte ag droch-ráig den Covid-19 gur “mór an peaca” nach bhfuil níos mó tacaíochta curtha ar fáil do lucht an árais ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte.

Agus é faoi agallamh ar RTÉ RnaG, dúirt an tráchtaire spóirt aitheanta Mac Dara Mac Donncha, a bhfuil a mháthair, Bríd ’ac Dhonncha, ina cónaí san ionad altranais, nach raibh sé sásúil go raibh na daoine atá ina gcónaí ann fágtha “san fhaopach” ag an HSE. Dúirt sé gur cheart “meas” níos mó a léiriú orthu.

Labhair Mac Donncha faoi scéal Teach Altranais Nightingale i mBéal Atha na Sluaighe ar an gclár Tús Áite ar tráthnóna.

“Níl sé sásúil chor ar bith.  Bhí a fhios  ag daoine nuair a thosaigh sé seo siar i mí Márta agus i mí Aibreáin na deacrachtaí agus na fadhbanna móra a bhí ins na tithe altranais … Bhí an samhradh uilig acu le déanamh cinnte nach dtarlódh a leithéid seo arís, níl sé maith go leor.

“Seo daoine a bhfuil seirbhís tugtha acu …  Mhúin mo mháthair i scoileanna éagsúla i gCabhán agus i nGaillimh ar feadh b’fhéidir tríocha bliain, thug sí seirbhís iontach don stát, tá níos fearr ná seo tuillte aici agus ag chuile dhuine eile beo atá sa teach altranais seo.”  

Mac Dara Mac Donncha

Altra amháin agus cúramóir amháin a bhí ar dualgas san ionad óna hocht a chlog maidin inné go dtí oíche aréir agus cé gur tugadh briseadh don bheirt, bhí orthu dul ar ais ag obair san áras ar maidin, a dúirt Mac Donncha.

Dochtúir teaghlaigh a nocht an scéal, le cead lucht bainistíochta an ionaid toisc, a dúradh, nach raibh aon aird á tabhairt ag an HSE ar an scéal.

Mhínigh sé go raibh teagmháil déanta ag lucht an árais leis an HSE agus iad ag lorg altraí agus cúramóirí le hobair in áit na n-oibrithe a raibh an víreas tolgtha acu ach dúradh leo dul i dteagmháil le gníomhaireacht altrachta.

Thug an ghníomhaireacht le fios nach raibh fáil acu ar dhuine ar bith don chúram.

1,042 cás nua den choróinvíreas deimhnithe sa Tuaisceart, cúigear eile básaithe

Dúirt Mac Dara Mac Donncha gur gheall an HSE go gcuirfí beirt ar fáil ar maidin ach nár tháinig siad. Bhí sé ina thráthnóna nuair a cuireadh duine amháin ar fáil faoi dheireadh.

Dúirt Mac Donncha gur léirigh an scéal gnaíúlacht an phobail mar gur tháinig tairiscintí cúnaimh ó chúramóirí i gCiarraí, i nDún na nGall agus i gcontaetha eile agus iad sásta teacht i gcabhair ar an áras.

Mhol Mac Donncha lucht bainistíochta agus foireann Ionad Altranais Nightingale agus dúirt sé go raibh cúram den scoth tugtha acu dá mháthair agus do na daoine eile atá ina gcónaí ansin.

Dúirt sé go raibh srianta diana i bhfeidhm ann ó thús na paindéime agus nach raibh a mháthair feicthe aige féin ná ag beirt eile den teaghlach ó mhí Feabhra seo caite. Is amhlaidh nár ceadaíodh ach beirt den teaghlach a ainmniú le cuairteanna a thabhairt ar a máthair.

Dúirt Mac Donncha nach raibh cás ar bith den Covid-19 san áras i rith an earraigh.

Dúirt sé gurb é an rud a bhí le déanamh anois “faoiseamh a thabhairt don bhfoireann leighis atá sa teach altranais agus meas a léiriú ar an 27 duine atá sa teach altranais sin, meas a léiriú orthu mar dhaoine”. Chaithfí, ar sé, a rá leo “níl muid chun sibh a fhágáil ansin san bhfaopach gan cúnamh a chur ar fáil daoibh”. Chaithfí “meas” a léiriú dá mháthair agus do na hothair uilig, a dúirt sé.

Dúirt an dochtúir a bhíonn ag freastal ar dhaoine san ionad go raibh an víreas tolgtha anois ag 25 den 27 duine a bhí ag fanacht ann agus ag cuid mhór den fhoireann.

Labhair an Teachta Dála Michael Fitzmaurice faoin scéal sa Dáil inniu agus dúirt sé d’ainneoin gur gheall Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte go gcuirfí foireann ar fáil don ionad “nár tháinig aon duine” ann ar maidin inniu.

Dúirt an Tánaiste Leo Varadkar go raibh an tAire Sláinte Stephen Donnelly ag fiosrú an scéil.

Fág freagra ar '‘Fágadh san fhaopach iad’ – fear a bhfuil a mháthair i dteach altranais atá buailte ag Covid-19'