100 bliain ó shin, toghadh beirt uachtarán an lá céanna i Meiriceá…

Níor mhair Warren Harding na ceithre bliana agus tháinig an leasuachtarán isteach ina áit

100 bliain ó shin, toghadh beirt uachtarán an lá céanna i Meiriceá…

Warren Harding agus Calvin Coolidge

Cé a thoghfar i Meiriceá amárach? Is maith an scéalaí í an aimsir. Go díreach glan 100 bliain ó shin, toghadh beirt Uachtarán an lá céanna. Níor mhair Warren Harding na ceithre bliana agus tháinig an leasuachtarán isteach ina áit.
Scéal fíor-neamhghnách a bhí ann.

Más amharc ar thaobh tíre galánta agus ildaite atá uait, níl tráth den bhliain níos fearr le dhul go Stát Vermont ná an mhí atá againn anois. Níl dath faoin spéir nach dtagann ar an duilliúr sa bhfómhar sa Stát seo atá ag bordáil ar theorainn Cheanada. Ach más í an stair pholaitiúil atá ar d’aire, caithfidh tú imeacht den bhóthar mór agus a dhul go domhain isteach faoin tuath go háit bheag, baile fearainn dháiríre, ar a dtugtar Plymouth Notch. Ansin a rugadh agus a tógadh Calvin Coolidge, an deichiú hUachtarán agus fiche ar Stáit Aontaithe Mheiriceá. Is ansin, amuigh i lár na tuaithe, i lár na hoíche agus gan ar fáil ach lampa ola mhór a thóg Calvin Coolidge móid na huachtaránachta. Bíobla a mháthar a úsáideadh agus ba é a athair, a bheadh ar chéim Coimisinéara Síochána sa tír seo, a bhí i gceannas ar an ócáid.

Sé an Stát is lú daonra i Meiriceá uilig é. Cé gur bhain Bernie Sanders, duine de Sheanadóirí Vermont, píosa amach ag fiach ar an Uachtaránacht i mbliana, ní raibh aon ghaire aige ar an ngeall in 2020. Go díreach glan 100 bliain ó shin a shroich Calvin Coolidge an Teach Bán. Ba é a bhí ina iarrthóir don leas-uachtaránacht don pháirtí Poblachtánach i dtoghchán na bliana 1920; ba é Warren Harding an t-iarrthóir Uachtaránachta. Bhí bua éasca ag na Poblachtánaigh. Níor sáraíodh sa 100 bliain ó shin an bhearna a bhí idir Harding agus a chéile comhraic Daonlathach, James Cox.

Ach bhain cor eile le toghchán Mheiriceá 100 bliain go ham seo a bhfuil a lorg fágtha aige ar scéalta stairiúla na huachtaránachta.

Bhí Coolidge ina Ghobharnóir ar Massachusetts nuair a roghnaíodh é mar iarrthóir leas-uachtaránachta in éineacht le Warren Harding, Seanadóir as Ohio. Tharla sé go raibh cáil bainte amach ag Coolidge – dlíodóir a bhí ann ó thús – de bharr an láimhseáil a rinne sé ar stailc na bpóilíní i mBoston i 1919. Chuaigh sé géar orthu. “There is no right to strike against the public safety by anybody, anywhere, anytime,” a d’fhógair Calvin Coolidge.

Rinne sé beart de réir a bhriathair. Ar ndóigh, bhí daoine ann a bhí ar son ghníomh na bpóilíní agus tugadh an stailc chun cuimhne i mBoston anuraidh agus go leor de shliocht na hÉireann páirteach san gcuimhneachán.

I samhradh na bliana 1923 chuaigh Calvin Coolidge, Leasuachtarán Mheiriceá, ar saoire go dtí an teach inar rugadh agus inar tógadh é in Plymouth Notch. Chuaigh an tUachtarán, Warren Harding go California agus é i gceist aige roinnt óráidí a thabhairt ar an gcósta thiar.

Buaileadh tinn é ar an dara lá de Lúnasa agus bhásaigh sé i San Francisco.

I bhfad soir sa tír in Plymouth Notch, chuaigh an Leasuachtarán, Calvin Coolidge, a chodladh luath go maith an oíche sin. Ach ag leathuair théis a dó ar maidin, dhúisigh a athair é. Bhí teileagram ina lámh aige. Cuimhnigh nach raibh teileafón sa teach. Bhí an tUachtarán Warren Harding básaithe le ceithre huaire an chloig.

Rinne Calvin Coolidge cur síos ar an gcaoi a ndeachaigh sé i mbun ullmhúcháin. D’éirigh sé féin agus a bhean. Chuaigh sé ar a ghlúine agus dúirt paidreacha. Ansin chuaigh sé síos staighre agus eagraíodh an searmanas simplí a d’fhág go raibh Calvin Coolidge istigh go dlisteanach, agus de réir an Bhunreachta, mar Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá.

Bhuaigh Coolidge toghchán na bliana 1924 ach ní dheachaigh sé chun cinn i 1928. Bhásaigh sé i 1933.

Níl aon ionad cuimhneacháin feiceálach tógtha dó ar nós Ionad Jimmy Carter in Atlanta, Iarsmalann Ronald Reagan i Simi Valley in California ná Leabharlann Cuimhneacháin John F. Kennedy i mBoston. Ach, is dóigh go raibh an socrú cuimhneacháin a rinneadh an-chóiriúil d’fhear a raibh luí chomh mór sin aige lena áit dhúchais Rinneadh cosaint agus caomhnú Feidearálach ar an teach agus ar thimpeallacht an tí agus na talún san áit ar rugadh agus ar tógadh Calvin Coolidge – an láthair inár ghlac sé le móid na huachtaránachta. Mar shampla amháin, coinnítear an Teach Poist ag obair leis i gcónaí.

Sa reilig i bhfoisceacht tuairim leathmhíle don teach atá Calvin Coolidge curtha.
Pé acu duine a thabharfaidh an uachtaránacht leis Dé Máirt, bítear ag súil nach mbeidh gá go gcuirfear duine eile – an Leasuachtarán – ina áit le linn a thréimhse ceithre bliana.

Fág freagra ar '100 bliain ó shin, toghadh beirt uachtarán an lá céanna i Meiriceá…'