Léirmheas leabhair: Taighde a chuirfidh scáth agus iontas ort…

Is fada ó fuair ár léirmheastóir a oiread sásaimh as leabhar is a fuair sé as leabhar nua Chormac Uí Chomhraí Sa Bhearna Bhaoil

SaBhearnaBhaoil_300_453_c1

Is fada ó fuair mé an oiread sásaimh as leabhar is a fuair mé as leabhar nua Chormac Uí Chomhraí Sa Bhearna Bhaoil. Is mór an pléisiúr í a léamh.

Cuntas mion atá ann ar an réabhlóid a tharla i gContae na Gaillimhe idir 1913 agus 1923.

Fear óg é Cormac Ó Comhraí ach tá grinneas agus breithiúnas ann nach bhfaighfeá i riadaire i bhfad níos sine ná é.

Maidir lena chumas taighde ná bí ag caint. Chuirfeadh sé an scríbhneoir óg Gaeilge eile, Aindrias Ó Cathasaigh, i gcuimhne duit.

Duine ar bith a rinne beagán taighde riamh chuirfeadh an cartadh atá déanta ag Cormac anseo scáth agus iontas air.

Chaithfeadh sé gur bean fhoighdeach atá pósta aige mar is léir gur chaith sé uaireanta agus laethanta fada i leabharlanna in Éirinn agus i Sasana agus é ag ransú cáipéisí stáit agus foinsí eile eolais.

Ní bheadh manach i gCluain Mhic Nóis fadó a leath chomh dúthrachtach leis.

Cúlra Poblachtach atá ag Cormac Ó Comhraí ach is maith a thuigeann sé go mbíonn dhá inseacht ar gach scéal.

D’aithneofá air go bhfuil sé bródúil as laochra na saoirse ach níl sé dall ar a gcuid duáilcí. Tugann sé creidiúint do dhaoine ar an taobh eile i gcás ar bith ina raibh sin tuillte acu.

Go deimhin thiomnaigh sé an leabhar dá chlann, dá mhuintir agus ‘do dhaoine maithe cuma cén taobh lena mbaineann siad.’

Is maith an chomhairle a chuir sé ar a bheirt mhac óga agus é ag súil go léifidh siad an leabhar amach anseo.

‘Tá ceacht amháin le foghlaim as an leabhar seo, a bhuachaillí,’ ar seisean, ‘sé sin nach bhfuil daoine dubh ná ban. Tá siad riabhach. Bígí san airdeall má chloiseann sibh aon duine riamh ag tabhairt freagra simplí ar rud atá casta.’

An té a bheadh ag iarraidh léargas doimhin a fháil ar an réabhlóid i gcontae na Gaillimhe níl beart ab  fhearr a d’fhéadfadh sé a dhéanamh ná trí leabhar a léamh as cos i dtaca—an leabhar seo, Mise le Colm Ó Gaora agus Land and Revolution: Nationalist Politics in the West of Ireland le Fergus Campbell.

Is maith a thuigeann Cormac nach féidir an t-ábhar atá faoi chaibidil aige a scaradh ó na cathanna talún a troideadh sa gcontae an uair sin, agus roimhe  sin, ón aicmeachas, ón traidisiún agus ón mbochtaineacht.

Thug sé faoi deara go soiléir go raibh gaol ag go leor de na réabhlóidithe le chéile. B’amhlaidh an cás sna Sé Chontae lenár linn féin.

Tugann sé léargas maith ar dhearcadh na heaglaise idir 1913 agus 1923.

Go deimhin shíl mé luath go leor  gur fear a bhí in Cormac a bhí ag smaoineamh ar a dhul le sagartóireacht é féin,  bhí an oiread sin tagairtí aige do shagairt a rinne a gcion ar son na saoirse.

Bhí beagán amhrais air gur faitíos a bhí ar chuid acu go gcaillfeadh an eaglais smacht ar an bpobal ach ní cosúil gurbh shin é a spreag an chuid ab fhearr acu.

Ar ndóigh ba iad na sagairt óga ba mhó a bhí i gceist. Maidir leis na heaspaig bhí a bhformhór mar a bhí siad riamh i stair na hÉireann.

Dúirt Máirtín Ó Cadhain uair amháin gur dhóichí gur cogaí cathartha ar fad a bhí againn in Éirinn ó thús aimsire.

Bhí cuid againn ar son Naomh Pádraig agus cuid againn ina aghaidh. Bhí muid ar an dá thaobh aimsir na Lochlannach, aimsir na Normannach, le linn Éirí Amach 1798 agus ar ndóigh i rith na haimsire atá i gceist anseo.

An uair ba mheasa ar fad muid le linn Chogadh na gCarad, mar a tugadh go fánach air, tharla rudaí chomh gránna an uair sin nach mbeadh fonn ort a bheith ag léamh fúthu ar chor ar bith. Ach is cuid dár stair é agus caithfear aghaidh a thabhairt air mar atá déanta go paiteanta ag Cormac.

Ar an RIC is mó a bhí gráin sa tréimhse atá i gceist sa leabhar, cé go raibh corrdhuine fiúntach ina measc freisin a chuaigh go mór i gcontúirt ag cabhrú leis na hÓglaigh.

Ná déanadh muid dearmad ach an oiread go ndeachaigh os cionn seachtú iarshaighdiúir as arm na Breataine a rugadh i nGaillimh isteach san RIC idir 1919 agus 1920.

Ní bhíonn Cormac taobh leis na cáipéisí oifigiúla uair ar bith, cé gur ar na cáipéisí is cóir leabhar maith staire a bhunú.

Chonaic sé ón tús go bhfuil tábhacht thar na bearta le béaloideas agus le cuimhne na ndaoine.

Sinne a bhfuil aithne againn ar Chormac tá a fhios againn nach bhfuil fear níos fearr ná é le dul i measc an phobail ag cur feola ar chnámha an scéil.

Fear séimh, mín, macánta é. Bíonn sé buíoch i gcónaí as an mblúire eolais is lú a roinntear leis.

Ach an oiread le daoine cumasacha chuile lá riamh tá umhlaíocht sa bhfear.

Tá scéalta barúla anseo is ansiúd tríd an leabhar, bíodh is nach mórán grinn a bhí i gcuid acu nuair a tharla siad.

Caithfidh mé a rá gurbh éigean dom féin gáire a dhéanamh faoin lá ar thóg na Dúchrónaigh múinteoir Gaeilge agus ar chaith siad i loch é.

Chuile uair dá sroichfeadh sé an bruach shádh na Tans amach le maide aríst é.

‘Say ‘tá sé’ now,’ a deiridís.

Inniu féin tá daoine i ngluaiseacht na Gaeilge a mbeadh an-fhonn ort folcadh maith a thabhairt i loch dóibh.

Níl cor ná car dár chuir Óglaigh na hÉireann díobh sa gcontae  nach bhfuil cuntas orthu sa leabhar seo.

Tá inseacht na n-óglach ar chuile luíochán ar fáil anois ach is mór an tátal atá le baint i gcónaí freisin as na cuntais a scríobh giollaí na hImpireachta.

Duine ar bith a rinne gníomh fónta i  gCogadh na Saoirse i gcontae na Gaillimhe tá aitheantas faighte aige nó aici anseo.

Is mór an trua ar bhealach nach bhfuil ainmneacha na ndaoine céanna in innéacs, sin agus na bailte agus na sráidbhailte atá luaite.

B’fhéidir gur ceapadh go raibh an leabhar toirtiúil go maith mar a bhí sí. Tá freisin.

Maidir le slacht, cruth agus pictiúir tá gnáthchaighdeán Chló Iar-Chonnacht le feiceáil aríst. Is leor sin.

Fág freagra ar 'Léirmheas leabhair: Taighde a chuirfidh scáth agus iontas ort…'

  • Feardorcha

    D’adhain siad an tine beo

  • Larry Phelan

    an tine b[h]eo? seaniomarbhá…