‘Tá sé in am ag lucht na Gaeilge tosú ag ciceáil’

Dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean an tseachtain seo go raibh an Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine ag na rialtais a bhí i gcumhacht ó 2010 i leith

‘Tá sé in am ag lucht na Gaeilge tosú ag ciceáil’

Tá sé in am ag lucht na Gaeilge agus ag Aire Stáit na Gaeltachta “tosú ag ciceáil” agus a rá leis an rialtas nach bhfuil siad sásta leis an tslí a chaitear leis an teanga, a dúradh ag cruinniú i dTeach Laighean.

Ag cruinniú na seachtaine seo de choiste Oireachtais na Gaeilge, dúradh le hAire Stáit na Gaeltachta, Thomas Byrne, gur cheart dó a rá leis an aire sinsearach ina roinn [Catherine Martin] gur “baineadh an cloigeann de” ag an gcruinniú mar gheall ar chur chuige an rialtais i leith na teanga.

An Teachta Dála Éamon Ó Cuív a mhol dá chomhghleacaí i bhFianna Fáil a rá leis an Aire Martin nach rabhthas sásta glacadh a thuilleadh leis go bhfágtar an Ghaeilge “in áit na leathphingine” nuair a bhíonn buiséad na Roinne Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán á roinnt.

Dúirt Ó Cuív go raibh an Ghaeilge fágtha in áit na leathphingine ag na rialtais a bhí i gcumhacht ó foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge in 2010. Bhí “an damáiste déanta” faoi 2020, a dúirt sé.

“Ach caithfimid é a chur ar an taifead go raibh damáiste déanta agus caithfidh muide mar Ghaeilgeoirí féachaint ar é a chur ina cheart. Caithfear tosú ag ciceáil. Beidh tusa [an tAire Stáit Thomas Byrne] in ann a rá go bhfuair tú greasáil láidir anseo inniu agus nach bhfuil muid sásta.”

Dúirt Ó Cuív go raibh méadú “ollmhór” ar an gcaiteachas a dhéantar ar chúrsaí ealaíon le roinnt blianta anuas ach go raibh níos lú á chaitheamh ar fhoilsitheoireacht na Gaeilge ná mar a bhí in 2008.

“Ag an am céanna, thóg airí sinsearacha éagsúla sa roinn sin cinneadh go bhfáiscfí an t-anam as foilsitheoireacht na Gaeilge,” arsa Ó Cuív.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta nach raibh an Rialtas ag caitheamh “go féaráilte” leis an nGaeilge.

“An scéal atá mé ag iarraidh – agus is dóigh go bhfuil an coiste seo ag iarraidh – a thabhairt ar ais ag an aire sinsearach agus ag an rialtas ná níltear ag caitheamh go cóir agus go cothrom nuair atá siad ag roinnt an airgid ar na rudaí éagsúla sa stát seo.”

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Thomas Byrne go raibh na cainteanna faoin gcéad Bhuiséad eile “ar tí tosú” agus go ndéanfadh sé a dhícheall sna cainteanna sin maoiniú breise a fháil do chúrsaí Gaeilge agus Gaeltachta.

Dúirt an tAire Stáit ag an gcruinniú go dtuigeann sé nach leor an tacaíocht atá curtha ar fáil ag an stát d’fhoilsitheoireacht na Gaeilge agus go bhféachfadh sé “go fabhrach” ar chás na hearnála agus súil aige tuilleadh maoinithe a fhógairt di go gearrthéarmach agus go fadtéarmach.

Bhí an tAire Stáit os comhair an choiste le plé a dhéanamh faoin tuarascáil a d’fhoilsigh siad anuraidh faoi chúrsaí foilsitheoireachta agus scríbhneoireachta na Gaeilge.

Fág freagra ar '‘Tá sé in am ag lucht na Gaeilge tosú ag ciceáil’'

  • Conán Maol

    Tá sé in am ag lucht na Gaeilge atá dáiríre faoin Ghaeoloideachais do bheith ag agóidíocht ag oifig Norma Foley gach seachtain agus aithneofar na namhaid agus na cairde agus lucht fna uarchúise i measc ár bpolaiteoirí..
    Tá sé in am do lucht na Gaeilge sampla Chairn Tóchair a leanacht.
    Tá sé in am do lucht na Gaeilge cosc a chur ar “ba chóir” a rá ar feadh bliana.

    Cén duine soineanta a dúirt “tosú ag ciceáil”?

    Narbh fhearr do lucht na Gaeilge tosú le h-agóidíocht stuama síóchánta leanúnach fócasáilte atá dírithe ar cúpa bunriachtanas?