Suíomh Gaeilge an IPA haiceáilte ag ‘Arm Leictreonach na nÉimineach’

Tá bradaíl déanta ag ‘Arm Leictreonach na nÉimineach’ ar shuíomh Gaeilge an Fhorais Riaracháin.

Screen Shot 2015-02-02 at 11.26.30
An leathanach ‘Fúinne’ ar an leagan Gaeilge de shuíomh idirlín an IPA ar maidin.

 

Tá bradaíl déanta ar shuíomh idirlín Gaeilge an Fhorais Riaracháin (IPA) ag dream a thugann Arm Leictreonach na nÉimineach orthu féin. In áit an leathanaigh eolais ar an leagan Gaeilge de shuíomh an IPA ar maidin, bhí na focail hacked by Fox Hexor le léamh ar fud na háite agus naisc chuig leathanaigh Facebook Fox Hexor agus Arm Leictreonach na nÉimineach. Screen Shot 2015-02-02 at 11.27.04

Tá an IPA, a chuireann cláir oideachais agus oiliúna ar fáil don tseirbhís phoiblí, tar éis teagmháil a dhéanamh leis an gcomhlacht seachtrach a riarann an suíomh idirlín dóibh. Dúirt urlabhraí ón bhforas le Tuairisc.ie go ndéanfar iarracht an suíomh a bhaint agus réiteach na faidhbe a aimsiú.

Tháinig ‘Arm Leictreonach na nÉimineach’ chun cinn thart ar cheithre bliana ó shin le linn Éirí Amach na nÉimineach. Bunaíodh an “tArm” le cur in aghaidh feachtas idirlín a bhí ar bun ag réimeas Iar-Uachtarán Éimin Ali Abdallah Saleh i gcoinne daoine a d’fhoilsigh ábhar ar líne ar mhaithe le cur i gcoinne na deachtóireachta.

Bunaíodh an ‘t-arm’ chun haiceáil a dhéanamh ar ábhar bolscaireachta na deachtóireachta. Lonnaithe ar Facebook atá an tArm Leictreonach agus, ar ordú riarthóirí a leathanaigh Facebook, ionsaíonn a mbaill leathanaigh ar líne.

Ní fios go fóill cén fáth a ndearnadh ionsaí ar shuíomh Fhoras Riaracháin na hÉireann.

Fág freagra ar 'Suíomh Gaeilge an IPA haiceáilte ag ‘Arm Leictreonach na nÉimineach’'