‘Slán leis an uaigneas is slán leis an gcian’ – feachtas nua le cainteoirí Gaeilge thar lear a nascadh

Tá sé mar aidhm ag an bhfeachtas ‘Trasna na dTonnta’ cainteoirí Gaeilge ‘i bhfad is i gcéin’ a spreagadh lena gcúpla focal Gaeilge a úsáid ar Twitter

‘Slán leis an uaigneas is slán leis an gcian’ – feachtas nua le cainteoirí Gaeilge thar lear a nascadh

Tá cainteoirí Gaeilge ar fud na cruinne ag glacadh páirt i bhfeachtas nua Twitter an tseachtain seo leis an teanga a chur chun cinn “trasna na dtonnta”.

Is ar an gcuntas sealaíochta Twitter @trasna17 atá an feachtas Trasna na dTonnta á reáchtáil agus ‘ambasadóirí’ Gaeilge thar lear le bheith i gceannas an chuntais as seo go deireadh na seachtaine.

Is é Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada a chuir an togra ar bun agus tá siad ag obair i gcomhair le Coimisiún Fulbright uirthi don tseachtain, le tacaíocht faighte acu ó Ghlór na nGael.

Tá sé mar aidhm ag Trasna na dTonna “cibearGhaeltacht a chruthú” ionas go mbeidh “an oiread daoine agus is féidir ar fud an domhain” ag giolcaireacht i nGaeilge agus ag úsáid haischlib an fheachtais.

“Is é cuspóir an fheachtais seo glantosaitheoirí agus cainteoirí líofa i bhfad is i gcéin a spreagadh a gcúpla focal Gaeilge a úsáid agus a cheiliúradh ar Twitter an tseachtain seo,” a dúirt Aisling Ní Shírín,Comhordaitheoir Mhargaíocht is Chaidreamh Poiblí ICUF le Tuairisc.ie.

Beidh na hambasadóirí éagsúla i bhfeighil an chuntais ar feadh tréimhsí 4-5 uair an chloig i gcaitheamh na seachtaine. Go dtí seo bhí teagascóirí Gaeilge atá ag obair leis an ICUF i mbun an chuntais — ó Toronto go Fredericton. Tá ambasadóirí fós á lorg ag Trasna na dTonnta sna laethanta amach romhainn.

Beidh comórtas grianghraf ar siúl ar an gcuntas i gcaitheamh na seachtaine freisin agus bronnfar dearbhán €75 ó Ghlór na nGael ar an té a chrochann an pictiúr is fearr ar Twitter faoin gclib #TrasnaNadTonnta.

Tá suíomh idirlín Trasna na dTonnta curtha ar fáil agus tuilleadh eolais faoin bhfeachtas ar fáil ansin, chomh maith le habairtí samplacha d’fhoghlaimeoirí Gaeilge thar lear ar mhaith leo cur leis an bhfeachtas.

“Tá muid dóchasach go bhfeicfidh muid borradh ar líon na ndaoine thar farraige a bheidh ag tvuíteáil as Gaeilge lenár haischlib le linn na seachtaine seo chun teanga na Gaeilge a cheiliúradh. Má bhíonn rath ar an bhfeachtas i mbliana coinneoidh muid orainn á dhéanamh go bliantúil,” a dúirt James Kelly, Príomhoifigeach Feidhmiúcháin ICUF, le Tuairisc.ie.

Fág freagra ar '‘Slán leis an uaigneas is slán leis an gcian’ – feachtas nua le cainteoirí Gaeilge thar lear a nascadh'

  • Pól Ó Braoin

    Ní thaithím an ‘giolcairlíon’ go ró-mhinic ach b’fhiú súil a choinneáil ar an gceann seo tá mé a cheapadh… Smaoineamh den scoth atá ann agus go n-éirí thar cionn leis!