Ní haon rún an phríomhchúis go n-atoghfar Merkel

Beidh tionchar mór ar Éirinn agus ar an Eoraip ag an mbean a thoghfar arís amárach mar Sheansailéir na Gearmáine

Ní haon rún an phríomhchúis go n-atoghfar Merkel

Más fíor gach tairngreacht neamhchlaonta, beidh Angela Merkel tofa arís mar Sheansailéir tar éis toghchán an Domhnaigh bhig seo sa Ghearmáin.

Bunóidh sí a ceathrú rialtas (féach an painéal, thíos) agus gaisce Eorpach déanta aici cheana féin. Tá tréimhse níos faide caite i gceannas ar rialtas aici ná mar a chaith aon phríomh-aire nó uachtarán atá i mbun rialtais faoi láthair i dtír ar bith eile san Aontas Eorpach.

Ba léir an dá phríomhchúis leis sin ó thosaigh an feachtas toghcháin. (1) Tá geilleagar na tíre láidir i gcónaí. (2) Níor éirigh le ceannaire nua na nDaonlathach Sóisialta Martin Schulz cás éifeachtach ina coinne a chur os comhair an phobail.

Níl le réiteach dáiríre Dé Domhnaigh ach ceist mhór amháin: cé a bheas i mbun comhrialtais le Merkel ina dhiaidh? Bhí a páirtí, na Daonlathaigh Chríostaí, i gcomhrialtas leis na Daonlathaigh Shóisialta le ceithre bliana anuas.

Mura mbunaítear comhrialtas eile leis na Daonlathaigh Shóisialta, is iad na Glasaigh agus na Saor-Dhaonlathaigh na príomhroghanna a bheas sa mheá mar rannpháirtithe nua. Níl rannpháirtíocht i gcomhrialtas geallta ná séanta ag na príomhpháirtithe.

Maidir leis na páirtithe eile, ní shíltear i mBeirlín go mbeadh Merkel toilteanach margadh a dhéanamh le páirtí na n-iarChumannach Die Linke, ná go mbeadh margadh dá leithéid riachtanach.

Ceaptar go n-éireoidh leis an bpáirtí nua frith-inimirce, Alternative für Deutschland, suíocháin sa Bundestag a ghnóthú den chéad uair. Níl páirtí ar bith eile toilteanach margadh comhrialtais de chineál ar bith a dhéanamh leo.

D’fháiltigh an Ghearmáin roimh os cionn milliún iarrthóirí tearmainn dhá bhliain ó shin, ach níl dearcadh Merkel chomh fáilteach anois. Tá srianta ar thaisteal trasteorann curtha i bhfeidhm arís, agus tá míshuaimhneas follasach in áiteanna éagsúla.

Mar sin féin, níl ionsaí bunúsach ar pholasaí an rialtais déanta ag na príomhpháirtithe eile, go háirithe ó chuir Merkel brú ar an AE teacht ar shocrú leis an Tuirc chun bac a chur ar theacht mórán imirceach.
Is mar choimeádach cúramach a toghadh Angela Merkel mar Sheansailéir an chéad uair in 2000 agus a thoghfar arís í Dé Domhnaigh. Bhí an cur chuige sin soiléir agus í ag déileáil le géarchéim airgeadais na tíre seo. Chuir sí fáilte chroíúil go Beirlín roimh Enda Kenny, ach theip air a chur ina luí uirthi teacht i gcabhair ar Éirinn.

Is mar gheall ar a cáiréis agus a stuaim thar aon rud eile a chuirfidh go leor daoine taobh amuigh den Ghearmáin fáilte theoranta roimh atoghadh an tSeansailéara.

Níl a tuairimí ná a haidhmeanna gan locht. Is leor cuimhneamh, mar shampla, ar an tacaíocht a thug sí do dhéantóirí gluaisteán na tíre chun moill a chur ar shrianta Eorpacha nua ar thruailliú.

Cuireann sí leas a tíre féin chun tosaigh agus í ag plé le tíortha eile, fearacht gach ceannaire rialtais eile. Níl ach difríocht amháin eatarthu: tá an Ghearmáin níos láidre ó thaobh na heacnamaíochta de ná tír ar bith eile san Eoraip, agus tá tionchar dá réir ag an tír ar gach gné de shaol na hEorpa.

Ní haon rún mar sin an phríomhchúis go bhfuil meas ag daoine i dtíortha eile ar Angela Merkel.

Dá n-iarrfaí orthu rogha a dhéanamh idir cur chuige Merkel agus cur chuige Donald Trump, Theresa May nó Vladimir Putin, is féidir a bheith cinnte go ndéarfadh a bhformhór ‘Merkel, ar ndóigh’ ar an bpointe.

Maidir le Merkel…

-Tá eagla uirthi roimh mhadraí ó bhain madra greim aisti scór bliain ó shin. Scanraigh Vladimir Putin í d’aon ghnó nuair a d’fháiltigh sé roimpi sa Rúis in 2007 agus a Labrador mór ina theannta.

– Bhí an Ghearmáin deighilte (stát cumannach san oirthear, stát daonlathach san iarthar) nuair a rugadh í i Hamburg san iarthar i 1954.

– D’aistrigh a teaghlach go dtí Templin san oirthear agus Angela fós ina naíonán.

– Ba mhinistir Protastúnach a hathair, Horst. Ba mhúinteoir a máthair, Herlind.

– D’oibrigh sí mar eolaí ceimice sular toghadh mar chomhalta den Bundestag i 1990, leathbhliain tar éis athaontú na tíre.

– Is in 2000 a toghadh mar Sheansailéir í an chéad uair. Tá sí i gceannas go leanúnach ó shin.

– Níl tréimhse níos faide caite i gceannas ag ceannaire rialtais ar bith san AE.

– Saol pearsanta? Phós sí den dara huair i 1998. Níl páistí aici. Is ollamh le ceimic a fear céile Joachim Sauer, nach nglacann páirt ina saol polaitiúil.

– Aon rud eile? Tá tionchar mór ar a saol ag a creideamh Liútarach. Ritheadh dlí chun pósadh aon-inscne a cheadú sa Bundestag i mí an Mheithimh, ach vótáil Merkel ina choinne.