Múinteoirí na Gaeilge is diúltaí faoina n-ábhar – taighde nua

Deir 65% de mhúinteoirí Gaeilge nár fheabhsaigh nár fheabhsaigh cúrsa nua na sraithe sóisearaí páirtíocht na ndaltaí sa seomra ranga

Múinteoirí na Gaeilge is diúltaí faoina n-ábhar – taighde nua

Léirítear i dtaighde nua gur ag an nGaeilge mar ábhar scoile is lú atá tacaíocht ó mhúinteoirí na Sraithe Sóisearaí.

I dtuarascáil ó Ollscoil Luimnigh faoin tionchar atá ag an gCreat don tSraith Shóisearach (FJC) in iarbhunscoileanna na tíre seo, léirítear gurb iad múinteoirí na Gaeilge, na Matamaitice agus na hEolaíochta is diúltaí a bhí faoin gcreat.

Deirtear sa tuarascáil go raibh difríocht mhór ó thaobh an sásamh a bhain oidí éagsúla as a gcuid oibre ag an tSraith Shóisearach, agus gurbh iad múinteoirí na Gaeilge agus na Matamaitice ba lú a bhain sásamh as a gcuid oibre.

Léiríonn na sonraí go raibh feabhas ar rannpháirtíocht na ndaltaí a bhuíochas don Chreat i ngach ábhar, seachas an Ghaeilge, an Mhatamaitic, agus an Eolaíocht. Mheas cuid mhór de na múinteoirí gur tháinig feabhas éigin ar rannpháirtíocht na ndaltaí ó tugadh isteach an cúrsa nua. A mhalairt a bhí le rá ag 65% de mhúinteoirí Gaeilge, a dúirt nár fheabhsaigh sé páirtíocht na ndaltaí san obair.

“Is léir go bhfuil múinteoirí, den chuid is mó, an-dearfach faoin bhfoghlaim a bhíonn ar siúl ag na daltaí agus sin á cheangal acu leis na Sonraíochtaí, seachas i gcás na Gaeilge agus na Matamaitice,” a deirtear sa tuarascáil.

Deirtear sa tuarascáil go raibh difríocht mhór sa tacaíocht a léiríodh sna hábhair éagsúla ach, ar an meán, ba lú tacaíocht a léiríodh sna sonraí don tSraith Shóisearach i gcás na Gaeilge agus na Matamaitice.

“Léirítear go rialta gur diúltaí atá múinteoirí Gaeilge, Matamaitice agus Eolaíochta faoin gCreat don tSraith Shóisearach,” a mhaítear sa tuarascáil.

Is í an tuarascáil eatramhach seo an tríú ceann de shraith tuarascálacha as staidéar fadaimseartha atá ag scrúdú feidhmiú, , oibriú agus tionchar na Sraithe Sóisearaí nua a tugadh isteach in 2015.

Fág freagra ar 'Múinteoirí na Gaeilge is diúltaí faoina n-ábhar – taighde nua'