‘Loiceamar oraibh nuair ba ghéire bhur ngá’  – leithscéal stáit gafa le teaghlaigh thubaiste an Stardust

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu gur loic an Stát ar na teaghlaigh, gurbh uafásach an buille é sin agus gur leath sé pian agus anó i mullach na tubaiste

‘Loiceamar oraibh nuair ba ghéire bhur ngá’  – leithscéal stáit gafa le teaghlaigh thubaiste an Stardust

Tá leithscéal thar ceann an stáit gafa ag an Taoiseach Simon Harris leis na teaghlaigh agus na daoine a d’fhulaing de bharr tubaiste an dóiteáin i gclub oíche an Stardust i 1981.

Dúirt an Taoiseach sa Dáil inniu gur loic an Stát ar na teaghlaigh, gurbh uafásach an buille é sin agus gur leath sé pian agus anó i mullach na tubaiste.

Chuir an Leas-Cheann Comhairle, Catherine Connolly fáilte chun na Dála roimh theaghlaigh chuid de na daoine a maraíodh sa dóiteán agus sheas a raibh sa Dáil le bualadh bos a thabhairt dóibh.

Dúirt an Taoiseach Simon Harris gur go daor a d’íoc na teaghlaigh as tubaiste an Stardust agus gurbh “éigean dóibh cur suas lena mbeophianadh síoraí”.

“Tuigim gurbh éigean daoibh crá croí uafásach a iompar, uafás a thosaigh nuair a sciobadh bhur ndaoine muinteartha uaibh sa tine thubaisteach sin.

“Tá a fhios agam gur iomaí sin uair le blianta fada, i bhfad rófhada, a cheap sibh nach dtiocfadh an lá seo go deo,” a dúirt an Taoiseach.

“Tá brón ó chroí orm gur cuireadh faoi ndear daoibh troid ar feadh na mblianta fada sin agus go ndeachaigh daoine chun na huaighe agus gan an fhírinne ar eolas acu.

“Inniu, gabhaimid leithscéal foirmiúil, go neamhbhalbh. Tá brón orainn. Loiceamar oraibh nuair ba ghéire bhur ngá. Ón bhfíorthús, ba chóir dúinn seasamh gualainn ar ghualainn libh ach seachas sin a dhéanamh is amhlaidh a chuireamar d’iallach oraibh seasamh inár gcoinne.”

Bhásaigh 48 duine óg sa dóiteáin tubaisteach sin sa Stardust in Ard Aidhin i dTuaisceart Bhaile Átha Cliath oíche San Vailintín, an 14 Feabhra 1981.

Níos túisce inniu, dúirt Darragh Mackin dlíodóir na dteaghlach atá buailte ag tubaiste an Stardust go gcaithfear “cúiteamh ceart sásúil as an méid a tharla” a thabhairt dóibh.

Chinn coiste cróinéara an tseachtain seo caite gur marú neamhdhleathach a bhí i mbás an 48 duine a bhásaigh sa dóiteán i gclub oíche an Stardust i 1981.

Breis is dhá scór bliain ó tharla an tubaiste, ba é breithiúnas ghiúiré na n-ionchoisní gur maraíodh go neamhdhleathach an 48 duine óg a bhásaigh an oíche léanmhar sin.

Oíche San Vailintín, an 14 Feabhra 1981, bhí 841 duine ag ceiliúradh fhéile an ghrá ag dioscó i gClub an Stardust in Ard Aidhin i dtuaisceart na príomhchathrach, nuair a réab tine mharfach tríd an gclub.

D’fhág an dóiteán sin 48 duine óg idir 16-27 bliain marbh agus 214 duine leonta i gcorp agus in intinn.

Ón oíche léanmhar sin tá feachtas ar siúl ag muintir na marbh ag iarraidh a fháil amach céard ba shiocair leis an sléacht a sciob a gclann uathu.

Dúirt an Taoiseach go ndearna sé turas ar chuimhneachán an Stardust in Ard Aidhin aréir mar gur bhraith sé go raibh sé tábhachtach seasamh ar an bhfód inar tharla an tubaiste sula ngabhfadh sé leithscéal thar ceann an Stáit sa Dáil inniu leis na teaghlaigh ar thit an tubaiste sin ar a gceann.

Fág freagra ar '‘Loiceamar oraibh nuair ba ghéire bhur ngá’  – leithscéal stáit gafa le teaghlaigh thubaiste an Stardust'