Léirigh Alice Munro nach gá do ghearrscéal a bheith suite i ndufair dhorcha nó i gcathair gharbh

LÉAMH AGUS SCRÍOBH: Bhí Alice Munro, a d’imigh ar shlí na fírinne an tseachtain seo, in ann an anáil a bhaint díot le radharc nach dtarlaíonn tada ann ach subh sútha talún a bheith á cur i bpotaí

Léirigh Alice Munro nach gá do ghearrscéal a bheith suite i ndufair dhorcha nó i gcathair gharbh

Tá an gearrscéalaí (agus buaiteoir Duais Nobel na Litríochta 2013) as Ceanada, Alice Munro, ar lár, agus leis sin, b’fhéidir, cuid de chumas an duine aird a thabhairt ar an saol ina thimpeall.

Faraor géar, ní raibh mórán airde agam féin ar shaothar Munro nuair a tharla mé air den chéad uair. Bhí mé díreach tar éis tosú ag scríobh gearrscéalta mé féin agus thug cara de mo chuid, ar léachtóir le litríocht an Bhéarla í, cóip den chnuasach Vintage Munro dom mar fhéirín agus mar spreagadh. Léigh mé cúpla scéal ar mhaithe lena bheith béasach ach ní raibh mé meallta; shíl mé go raibh na scéalta tur agus rófhada agus mar bharr ar an donas bhí siad suite i gcúinne den domhan a shíl mé a bheith thar a bheith leamh, iardheisceart Ontario, an leithinis Cheanadach sin idir Loch Huron agus Loch Erie a ghobann isteach sna Stáit Aontaithe. Mná tí ag fulaingt go ciúin i mbailte beaga feirmeoireachta … an raibh sé seo ceaptha a bheith ar chuid den ghearrscéalaíocht is fearr ar domhan dáiríre?

Ag breathnú siar, seans go raibh baint éigin ag leagan amach an chnuasaigh úd Vintage Munro leis an díomá a bhí orm ar dtús maidir lena saothar. Bhí an cló an-bheag. Lena chois sin bíonn scéalta Munro fada agus ní raibh nós aici an eochair aisfhillte a bhrú go rómhinic, bail ó Dhia uirthi.

Ach is mó an seans go raibh mé féin ró-óg lena thuiscint nach gá do ghearrscéal a bheith suite i ndufair dhorcha, i gcathair gharbh nó i gceantar cogaíochta chun an léitheoir a chur faoi dhraíocht agus nach gá ach oiread gur daoine óga cróga iad na carachtair.

Cúig bliana déag i ndiaidh dom an cnuasach sin a chur síos, gan ach leath de na scéalta léite, tháinig mé ar shaothar Munro arís i sraith podchraoltaí The New Yorker Fiction, agus an iarraidh sin, ag éisteacht leis na scéalta seachas a bheith á léamh, bhí mé meallta – fianaise éigin go raibh baint dáiríre ag an gcuma a bhíonn ar scríbhneoireacht Munro ar pháipéar leis an díomá a chuir a saothar orm ar dtús.

Faoin am sin, bhí rud nó dhó foghlamtha agam féin faoin ngearrscéalaíocht agus thuig mé gur féidir le máistreacht an scríbhneora ar a ceird, seachas ábhar, aicsean nó láthair an scéil féin, an léitheoir a chur faoi dhraíocht. Cinnte, bíonn scéalta Munro suite i gceantar talmhaíochta nach dtarlaíonn mórán ann, ach déanann sí rudaí le ham, le struchtúr na hinsinte agus thar aon rud eile leis an gcarachtracht a fhágann gur féidir le radharc i gcistineach in iardheisceart Ontario, nach dtarlaíonn tada ann ach subh sútha talún a bheith á cur i bpotaí, an anáil a bhaint díot.

Cé nach bhfuil ach 12 bliain ann ó foilsíodh cnuasach deireanach Munro, Dear Life, baineann an chuid is mó dá cuid scéalta le ré atá thart le fada an lá, ré atá thart le fada ar níos mó ná bealach amháin. Mothaím, agus tá mé cinnte nach mé an t-aon duine amháin a mhothaíonn sin, go bhfuil claochlú ar an saol le fiche éigin bliain anuas agus go bhfuil dochar as cuimse déanta ag na meáin shóisialta go háirithe, ach ag an tsíorimní faoi chúrsaí aeráide agus faoi chogaíocht freisin, dár gcumas aird a thabhairt i gceart ar an saol timpeall orainn. Bhí cumas ar leith ag Alice Munro aird a thabhairt ar na daoine ina timpeall, chuir sí ar an mapa go paiteanta iad, agus beidh léitheoirí agus scríbhneoirí ficsin araon faoi chomaoin aici go deo.

Fág freagra ar 'Léirigh Alice Munro nach gá do ghearrscéal a bheith suite i ndufair dhorcha nó i gcathair gharbh'

  • Alan Titley

    B’fhéidir go raibh an ceart ag Alex nuair a léigh sé ar tús í. Is fíor nach bhfuil suite i ndufair dhorcha ná i gcathair gharbh. Mar sin féin, is fearr le cuid againn an dufair sin agus an chathair eile seachas bailte leamha Cheanada….