Deineadh cáineadh láidir i dTithe an Oireachtais tráthnóna ar ‘easpa gnímh’ an státchórais agus an Rialtais maidir leis an ngéarchéim teanga sa Ghaeltacht a ndéantar cur síos uirthi i dtuarascáil Ghaeltachta.
Bhí ionadaithe ó eagraíochtaí teanga éagsúla i láthair tráthnóna ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais chun fianaise a thabhairt mar gheall ar an Nuashonrú ar an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíochta ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh Údarás na Gaeltachta i ndeireadh mhí na Bealtaine.
Ina chuid fianaise siúd, dúirt Peadar Mac Fhlannchadha ó Chonradh na Gaeilge go raibh níos mó “frustrachais agus ciniciúlachta” ná riamh ann i measc phobal na Gaeilge toisc a laghad sin a bheith á dhéanamh ag an Stát agus an t-aos polaitiúil maidir le cosaint agus cur chun cinn na Gaeilge.
Dúirt Mac Fhlannchadha gur léir nach raibh “an toil pholaitiúil” ann tabhairt faoi na dúshláin atá roimh an teanga.
Ag trácht dó ar an gcóras pleanála teanga a cuireadh ar bun sa Ghaeltacht, dúirt sé “gur chaith an Roinn [Roinn na Gaeltachta] an fhreagracht sin ar Údarás na Gaeltachta” an ndúradh leo “déanaigí an phleanáil teanga nó bainfimid airgead díbh”.
Ina dhiaidh sin, a dúirt sé, chuir an tÚdarás an fhreagracht ar na heagraíochtaí pobail sa Ghaeltacht ar deineadh an bhagairt chéanna orthu mar gheall ar mhaoiniú is a deineadh ar an Údarás féin.
Dúirt Mac Fhlannchadha nach raibh “aon cheannaireacht” á tabhairt ag an Rialtas maidir le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta agus go raibh “sceanairt” déanta ar bhuiséad an Údaráis agus buiséad Fhoras na Gaeilge.
Dúirt sé go raibh “cinneadh polaitiúil le déanamh againn mar thír – an bhfuilimid ag iarraidh an Ghaeilge a thabhairt slán?”.
Más amhlaidh go bhfuil, is é an chéad rud a theastódh ná go gceapfaí Aire Sinsearach chun cosaint a thabhairt don Ghaeilge agus don Ghaeltacht, a dúirt Mac Fhlannchadha.
Dúirt Sorcha Ní Chéilleachair ón eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta go raibh “an chaint ar fad déanta agus gur gníomh a theastaíonn anois”.
Dúirt Ní Chéilleachair gur “pictiúr fírinneach, réadúil, ionraic” de staid na teanga a bhí sa Nuashonrú.
“Cén fáth go mbeifí á shéanadh mar sin? Ní féidir ligint don mórtas cine ná don gcur i gcéill ná do chúiseanna a bhaineann le maorlathas na ranna stáit dallamullóg a chur orainn – seo mar atá cúrsaí agus sin é,” a dúirt sí.
Bhain Ní Chéilleachair earraíocht as samhlacha a bhaineann le saol an tuismitheora chun a pointe a threisiú.
“Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi; caithfear an nappy a athrú nó beidh impleachtaí i gceist. Má tá ocras ar an leanbh – ní haon mhaith bheith ag caint faoi, caithfear é a bheathú. Má tá an leanbh ag gol – ní haon mhaith bheith ag caint faoi – caithfear an leanbh a shuaimhniú.
“Agus más rud é go bhfuil imní ort faoi do pháiste agus go dtugann tú go dtí an dochtúir é agus go ndeir an dochtúir go bhfuil an páiste sin tinn, an-tinn – ach – dá ndéanfaí cúram de agus na cógais chearta a thabhairt dó – go bhfuil seans maith go dtiocfaidh sé as, ní haon mhaith a thuilleadh cainte ag an staid sin. Agus ní haon mhaith an tinneas a shéanadh,” a dúirt urlabhraí Tuismitheoirí na Gaeltachta.
Dúirt an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh go raibh an Stát mar a bheadh “an tImpire ag imeacht ina chraiceann dearg” fad is a bhain sé le ceist na Gaeilge agus na Gaeltachta.
Dúirt sé chomh maith nach raibh eagraíochtaí teanga atá ag brath ar an Stát “ag rá sách láidir leis an Aire [Aire Stáit na Gaeltachta] nach bhfuil an Straitéis Fiche Bliain don Ghaeilge “ag obair”.
D’easontaigh an Teachta Dála Éamon Ó Cuív ó Fhianna Fáil le háiteamh Uí Chlochartaigh gur cheart “dearmad” a dhéanamh ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus plean nua a chur ina háit.
Dúirt Ó Cuív gur cheart an Straitéis mar atá a chur i bhfeidhm, rud nach bhfuil á dhéanamh, dar leis, agus cur léi más gá ina dhiaidh sin.
Is í “an mhoill” atá “ag marú” na Straitéise, a dúirt Ó Cuív.
Dúirt sé nach mairfeadh an Ghaeltacht gan “an teanga a bheith aitheanta mar theanga náisiúnta”.
Dúirt cathaoirleach an choiste, Labhrás Ó Murchú, gur aithin sé “an phráinn” a bhain le cás na teanga sa Ghaeltacht agus mhol sé go mbeadh cruinniú eile ann faoi cheann coicíse chun tuilleadh ple a dhéanamh ar an Nuashonrú.
Fág freagra ar 'Géarchéim na Gaeltachta: ‘Má tá nappy salach le n-athrú – ní haon mhaith bheith ag caint faoi’'