‘Fad is a bhaineann sé linne, fágfaidh an eitilt dheireanach ar an 30 Meán Fómhair’ – Aer Arann Islands

Dúirt Aire na Gaeltachta níos túisce inniu go mbeadh Aer Arann Islands ag cur seirbhís aeir ar fáil d’oileáin Árann go dtí an 1 Feabhra 2016, ach tháinig an fógra sin aniar aduaidh ar an gcomhlacht

 

ArannCruinn15-0185
Toscaireacht Árann ag plé a gcás leis an Teachta Dála ó Fhine Gael Seán Kyne i ndiaidh a gcruinniú leis an Aire Stáit Joe McHugh inniu

Tá sé deimhnithe ag urlabhraí ó Aer Arann Islands nach bhfuil aon socrú ná aontú déanta acu le Roinn na Gaeltachta maidir le síneadh ama a chur leis an gconradh atá acu seirbhís aeir d’oileáin Árann a sholáthar.

Dúirt Aire na Gaeltachta, Joe McHugh, níos túisce tráthnóna go mbeadh Aer Arann Islands ag leanúint orthu ag cur serbhís aeir ar fáil d’oileáin Árann go dtí an 1 Feabhra 2016.

‘Is ar an 30 Meán Fómhair, nuair a chríochnóidh an conradh reatha atá againn, a fhágfaidh an eitilt dheireanach Aerfort na Minne, fad is a bhaineann sé linne,’ a dúirt urlabhraí ó Aer Arann Islands.

Dúirt an t-urlabhraí gur tháinig fógra an Aire aniar aduaidh ar an gcomhlacht agus nach raibh aon phlé beag ná mór acu leis an Roinn faoi shíneadh ama a chur lena gconradh reatha.

Thug an tAire le fios chomh maith inniu go raibh iarratas foirmeálta le déanamh aige ar chomhairlí cathrach agus contae na Gaillimhe chun soiléiriú a fháil faoi cé acu an mbeadh nó nach mbeadh Aerfort na Gaillimhe ar fáil san athbhliain don chomhlacht Executive Helicopters Limited, an comhlacht ar éirigh leo sa phróiseas tairsceana a bhaineann le haersheirbhís a chur ar fáil do na hoileáin.

Bhí an tAire McHugh ag caint i ndiaidh dó bualadh le toscaireacht ó Árainn inniu atá ag éileamh go gcuirfí an cinneadh faoin tseirbhís aeir ar ceal agus go gcuirfí próiseas tairisceana nua ar bun.

Ó fógraíodh gurb é an comhlacht Executive Helicopters Limited ar éirigh leo sa phróiseas tairisceana don seirbhís aeir, tá feachtas ar bun ag muintir Árann chun go leanfaí leis an tseirbhís eitleáin ó Aerfort na Minne in Indreabhán go hÁrainn mar mhalairt ar sheirbhís héileacaptair as an gCarn Mór i nGaillimh.

Theastaigh ón toscaireacht thar ceann mhuintir Árann a bhuail leis an Aire McHugh inniu go dtarraingeofaí siar an tairiscint atá déanta le Executive Helicopters Ltd. agus go dtosófaí ar phróiseas úrnua tairisceana don aersheirbhís go hÁrainn.

Tá amhras ann chomh maith faoi Aerfort an Chairn Mhóir i nGaillimh a bheith ar fáil an bhliain seo chugainn. Is ar an mbonn sin atá Aire na Gaeltachta ag lorg soiléiriú ó Chomhairle Contae na Gaillimhe agus Comhairle Cathrach na Gaillimhe faoin Aerfort.

Fág freagra ar '‘Fad is a bhaineann sé linne, fágfaidh an eitilt dheireanach ar an 30 Meán Fómhair’ – Aer Arann Islands'