Dráma Gaeilge le bheith ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach Luan Cásca

Comórtas ar bun ag Conradh na Gaeilge le teacht ar an scoil a léireoidh an saothar nua do dhaoine óga le Alan Titley

Titley Screenshot

Léireofar dráma nuascríofa Gaeilge leis an údar Alan Titley ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach Luan Cásca.

An Filleadh atá ar an dráma nua do dhaltaí scoile a scríobh an Titlíoch go speisialta do ‘Féile na Físe’, féile atá á heagrú ag Seachtain na Gaeilge chun ról na Gaeilge agus an chultúir Ghaelaigh in Éirí Amach na Cásca a cheiliúradh.

Dúirt scríbhneoir An Filleadh le Tuairisc.ie go raibh “áthas” air nuair nuair a d’iarr Conradh na Gaeilge air dráma a scríobh do dhaoine óga a dhéanfadh comóradh ar ar tharla i 1916 “agus béim fé leith ar an gcultúr ann”.

“Ba phribhléid mhór é, cé gur cheapas go bhféadfaí iarraidh ar go leor eile níos oilte ná mé féin an gnó a dhéanamh. Tar éis an tsaoil, cé go bhfuil drámaí scríofa agam do dhaoine fásta agus úrscéalta don óige, níor scríobh me riamh dráma ann féin do dhaoine óga. Shamhlaigh mé, áfach, go gcaithfí saol na linne agus saol an chultúir a chur le chéile agus iad a nascadh dá réir, rud atá déanta.

“Bhí a fhios agam go raibh sé i gceist ag an gConradh é a chur ar fáil do scoileanna a dhéanfadh é a léiriú, ach tuairim dá laghad ní raibh agam go léireofaí é ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach. Níl aon amhras orm ach go n-éireoidh thar barr leis!” a dúirt Alan Titley.

Ag eascairt as cruinniú a bhí le deireanas idir ionadaithe an Chonartha agus lucht bainistíochta Amharclann na Mainistreach, socraíodh go ar phríomhstáitse na hamharclainne a bheidh an dráma nua á léiriú. Eagraíodh an cruinniú chun plé a dhéanamh ar an gcinneadh conspóideach nach mbeadh aon dráma Gaeilge á stáitsiú san Amharclann Náisiúnta mar chuid dá comóradh ar 1916. Spreag an cinneadh sin an feachtas #WakingTheGael ar Twitter anuraidh.

Tá comórtas drámaíochta á reáchtáil anois ag Seachtain na Gaeilge do scoileanna, agus is í an scoil a bhuafaidh an comórtas sin a bheidh ar an ardán Luan Cásca. Iarrtar ar scoileanna ar fud na tíre físeán cúig nóiméad a dhéanamh dá daltaí agus an dráma á léiriú acu a sheoladh chuig snag@cnag.ie faoin Aoine 12 Feabhra.

Deir Seachtain na Gaeilge go bhfuil siad ar thóir scoile a bhfuil ardchaighdeán Gaeilge, aisteoireachta agus cruthaitheachta ag a cuid daltaí.

Tá script an dráma agus liricí na n-amhrán a théann leis ar fáil ar shuíomh Sheachtain na Gaeilge anois. Beidh rólanna do rang scoile iomlán sa dráma.

Tá dhá chór le bheith ann agus is baill na gcór sin a ghlacfaidh ról na scéalaithe tríd an dráma ar fad.

Scéal teaghlaigh i 1916 atá in An Filleadh faoi bheirt thuismitheoirí agus beirt pháistí. Léirítear ann an tionchar atá ag cúrsaí idirnáisiúnta agus imeachtaí Sheachtain na Cásca in Éirinn ar an teaghlach.

Tá béim ar leith sa dráma ar an athbheochan teanga agus cultúir a bhí ar siúl ag an am agus an tionchar a bhí ag an athbheochan sin ar mhuintir na hardchathrach agus na hÉireann.

Dúirt Fiach Mac Conghail, stiúrthóir Amharclann na Mainistreach, i mí na Samhna seo caite nach raibh “tacaíocht mar is cóir curtha ar fáil aige do dhrámaíocht na Gaeilge” agus gur mhaith leis dráma Gaeilge a léiriú ar stáitse Amharclann na Mainistreach sula dtiocfaidh deireadh lena sheal mar stiúrthóir.

Ní raibh aon dráma Gaeilge ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach le cúig bliana fichead anuas.

Fág freagra ar 'Dráma Gaeilge le bheith ar phríomhstáitse Amharclann na Mainistreach Luan Cásca'