Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag súil le turasóirí a mhealladh leis an nGaeilge

Deir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go bhfuil na deiseanna blaiseadh de scéal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an-teoranta faoi láthair ach tá siad ag súil go n-athróidh sin le forbairt an chláir nua ‘TurasÓir’

Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag súil le turasóirí a mhealladh leis an nGaeilge

Tá tionscnamh forbartha ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath chun daoine ar fud an domhain atá ag foghlaim na Gaeilge a mhealladh chun na cathrach.

Deirtear go bhfuil breis is cúig mhilliún duine lasmuigh d’Éirinn tar éis clárú chun an Ghaeilge a fhoghlaim ar Duolingo agus tá an chomhairle cathrach i mBaile Átha Cliath ag iarraidh cabhrú le gnólachtaí turas a fhorbairt sa phríomhchathair a chuirfidh an Ghaeilge chun cinn do thurasóirí.

Deir Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath go bhfuil na deiseanna blaiseadh de scéal na Gaeilge i mBaile Átha Cliath an-teoranta faoi láthair ach tá siad ag súil go n-athróidh sin le forbairt an chláir nua ‘TurasÓir’.

Mar chuid den chlár píolótach, bronnfaidh Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath €2,000 ar chúig ghnó nó grúpa chun treoirthionscadail a fhorbairt agus a sheoladh.

Tá an comhlacht City Kayaking Tours ar cheann de na comhlachtaí ata ag úsáid na Gaeilge chun cuairteoirí a mhealladh faoin scéim TurasÓir.

Dúirt Cathal Furey, Stiúrthóir Tráchtála Cadhcála na Cathrach: “Thugamar faoi deara nuair a fuair turasóirí amach go raibh Gaeilge ag cuid dár dtreoraithe, bhí an-suim acu ansin.

“Bhí fíor-ocras orthu tuilleadh a fhoghlaim faoin teanga, faoina stair agus faoin gcaidreamh atá ag Baile Átha Cliath leis an teanga faoi láthair. Sin an fáth a bhfuil ‘The Hidden Language Kayaking Tour’ forbartha againn, rud atá thar a bheith tarraingteach do thurasóirí, do ghrúpaí scoile agus do mhuintir Bhaile Átha Cliath.”

Ag labhairt dó ag seoladh na scéime nua, dúirt an tArdmhéara Dáithí de Róiste:

“Tá borradh faoin teanga sa phríomhchathair ó thús an chéid agus táimid ag súil go mór go leanfaidh go leor eile City Kayaking Tours agus páirt a ghlacadh sa chlár TurasÓir.”

Tá TurasÓir á chur ar bun ag Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath i gcomhpháirtíocht le BÁC le Gaeilge.

Is féidir le daoine a bhfuil spéis acu sa tionscadal turasóireachta seo iarratas a dhéanamh ar shuíomh Gréasáin BÁC le Gaeilge agus is é Dé Luain, 17ú Meitheamh an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.

Fág freagra ar 'Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath ag súil le turasóirí a mhealladh leis an nGaeilge'

  • Eoin Ó Murchú

    Fair play don Róisteach. Ní labhrann sé foain ngaeilge. Déanann sé rudáí dearfacha le cur leis na teanga.