Beidh tine ar do chraiceann ag féachaint ar dhomhan diostóipeach ‘Civil War’

Pléann saothar nua Alex Garland le sochaí scoilte Mheiriceá agus dainséir an údarásaíochas

Beidh tine ar do chraiceann ag féachaint ar dhomhan diostóipeach ‘Civil War’

Civil War
Stiúrthóir/Scríbhneoir: Alex Garland
Cliar: Kirsten Dunst, Wagner Moura, Cailee Spaney, Nick Offerman, Stephen McKinley Henderson

Saothar neamhghnách é Civil War ón gceardaí Alex Garland, an té a thug chugainn 28 Days Later (2002) mar scríbhneoir agus Ex Machina (2014) mar scríbhneoir agus stiúrthóir. Go deimhin d’éirigh leis an saothar deireanach acu sin ainmniúchán Oscar a ghnóthú dó. Sa saothar seo déanann sé téama an domhain dhiostóipigh a chniotáil le seánra na ngrianghrafadóirí cogaidh.

Ní nach ionadh tá aicsean againn, radharcanna cuidsúlacha den domhan úrnua ach lena chois sin tá míreanna ciúnais agus comhráite tathagacha faoi bhrúidiúlacht na cogaíochta agus gairm thábhachtach, fhiáin an ghrianghrafadóra cogaidh.

Is duine díobh siúd í Lee Smith (Dunst), ceann feadhna an tsaothair seo. I dtosach an scannáin címid Uachtarán Mheiriceá ag prapáil le hóráid a thabhairt; é mórchúiseach agus sotalach. An Trumpach á shamhlú dúinn ar an bpointe.

Tá cogadh cathartha faoin lán seoil; Fórsaí an Iarthair, California agus Texas mar aon le comhghuaillíocht Florida, ag iarraidh scaradh ó na Stáit Aontaithe. Is ait an cleamhnas iad California agus Texas, iarracht ag Garland gan a bheith rópholaitiúil agus mearbhall a chur ar an lucht féachana. Gan amhras táthar ag trácht ar shochaí scoilte Mheiriceá agus dainséir an údarásaíochais. Cé go bhfuil an saothar suite sa todhchaí is léir gur tréimhse í nach bhfuil i bhfad uainn, rud a éascaíonn na comparáidí le corraíl an lae inniu.

Ní dhéantar aon chíoradh ná anailís seachas sin rud a fhágann nach raibh mo ghoile sásaithe. Tá coincheap an-suimiúil, ábhartha cruthaithe ag Garland, agus dá réir theastaigh uainn a fháil amach cad go díreach a tharla, cad go díreach a spreag an dá Stát, atá an-difriúil ón chéile, dul i mbun cogaíochta.

Seachas díriú ar an bpictiúr mór mar a déarfá, dírítear ar an bpictiúr beag (maith dom an t-imeartas focal). Tá Lee agus a scríbhneoir Joel (Moura) ag bualadh an bhóthair dhainséaraigh go Washington DC le bheith i lár an aonaigh.

Tá an grianghrafadóir óg Jessie (Cailee Spaeny) agus an seanfhondúir Sammy (McKinley Henderson) in éineacht leo. Is mó scréip a bheireann orthu fan na slí; eachtraí buile, brúidiúla, scanrúla. Léirítear dúinn gur dual do lucht na gairme a bheith sa bhearna bhaoil. Tá míreanna áirithe a d’fhéadfadh a bheith in aon chogadh in aon áit le fiche bliain anuas. Iad ciaptha ag an ngairm ach go hiomlán gafa léi ag an am céanna. Is dóigh liom go ndeachaigh cuid de na míreanna thar fóir maidir leis na hiarrachtaí a dhéanfadh grianghrafadóir leis an bpictiúr a thógaint. Taispeántais bhreátha ón gcliar ar fad, agus tugann Dunst ceann de na taispeántais is fearr riamh uaithi.

Tá radharcanna aicsin den scoth sa saothar. Iad torannach, scanrúil, fiáin. Beidh tine ar do chraiceann sa radharc deireanach agus ruathar á dhéanamh ar an Teach Bán. Saothar suimiúil, cumasach ach ní raibh an goile sásaithe ó thaobh an phictiúir mhóir.

Fág freagra ar 'Beidh tine ar do chraiceann ag féachaint ar dhomhan diostóipeach ‘Civil War’'